bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 16
2 Samuel 16
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 17 →
1
Agus a núair do chuáidh Dáibhi beagán thar mullach na cnuicce feuch, thárla Síba óglach Mhephibóset dhó, maille re cúpla Assal ughamtha, air a rabhadar dhá chéad builín aráin, agus céad ceanglachán rísín, agus céud do mheasa an tsamhraidh, agus buidél fíona.
2
Agus a dúbhairt an rígh ré Síba, Cred chíalluigheas tú leó so? Agus a dubhairt Siba, Atáid na hassal re haghaidh mhuínntire thighe an rígh dá marcuigheachd; agus an tarán agus na measa samhraidh do na dáoinibh óga ré ithe; agus an fíon, re a ól do na dáoinibh bhias lag annsa bhfásach.
3
Agus a dubhairt an rígh, Ach cáit a bhfuil mac do mhaighistir? Agus a dubhairt Siba ris an rígh, Féuch, atá sé ann Ierusalem: óir a dubhaírt sé, A niugh aiseogus tigh Israel damhsa riogachd mathar.
4
Annsin a dubhairt an rígh re Síba, Féuch, is leachdsa a bhfuil ag Mephibóset. Agus a dubhairt Siba, Iarruim go humhal ort go bhfaghá mé grása ad radharc, mo thighearna a righ.
5
¶ Agus a núair thaínic Dáibhi rígh go Bahúrim, féuch, tháinic as sin amach óglach do mhuinntir thighe Shauil, dar bhainm Símei, mac Géra: tháinic sé amach, agus é ag mallughadh do gnáth ag teachd.
6
Agus do chaith sé clocha re Dáibhi, agus re muinntir rí Dháibhi uile: agus do bhí an pobal uile agus na daóine neartmhara uile dhá láimh dheis agus dá láimh chlé.
7
Agus marso a dubhairt Símei, a núair do mhalluigh sé, Tárr amach, tárr amach, a dhuine fhuiltigh, agus a dhuine do Bhélial:
8
Dfill an TIGHEARNA ort fuil thighe Shauil uile, ann a áit a raibh tusa an rígh; agus thug an TIGHEARNA an rioghachd a láimh do mhic Absolon: agus, feuch, rugadh ortsa ann hurchóid, do bhrígh gur duine fuilteach thú.
9
¶ Ann sin a dubhairt Abisai mhac Seruiah ris an rígh, Cred fá malluighionn an madradh marbhso mo thighearna an rígh? guidhim thú, léig dhamh dul anonn, agus a cheann do bhuáin de.
10
Agus a dubhairt an rígh, Cred é dhamsa agus dáoibhsi, a chlann Sheruiah? marsin léigthear dhó mallughadh, do bhrígh go ndubhaírt an TIGHEARNA ris, Malluidh Dáibhí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso?
11
Agus a dubhairt Dáibhi re Abisaí, agus ré na mhuinntir uile, Féuchaidh, atá mo mhac fein, noch thainic amach as minnighibh, ag íarruidh mo bháis: cá mheid ós a chionnsin anois dhéanas an Beniamiteach úd? leigidh dho, ná bacaidh dhe mallughadh; óir isé an TIGHEARNA a dubhairt ris é.
12
Do bféidir go bféuchfadh an TIGHEARNA ar méigionsa, agus go ccúiteochadh Día maith riom ar son a mhalluighthesion a niugh.
13
Agus mar do bhí Dáibhi agus a mhuinntir ag imtheachd san tslighe, do chuáidh Símei ar fad ar tháobh na ccnoc thall ar aghaidh, agus é ag mallughadh mar a ngabhadh, agus ag caithiomh cloch agus criadh ar.
14
Agus do bhí an rígh, agus a raibh na fhochair, uile curtha, agus do léigeadar a sgíth ann sin.
15
¶ Agus táinic Absolon, agus an pobal uile fir Israel, go Hierusalem, agus Achitophel na fhochair.
16
Agus tárla, a nuáir tháinic Chusai an Tarchiteach, cara Dháibhi, chum Absoloin, go ndubhairt Chusai re Absolon, Go mairigh an rígh, Go mairigh an rígh.
17
Agus a dubhairt Absolon re Chusai, A né so do chinéul dot charuid? cred fá nach deachaidh tú led charuid?
18
Agus a dubhaírt Chusai re Absolón, Ní headh; achd gidh bé do thogh an TIGHEARNA, agus an pobalsa, agus fir Israel uile, as aigesion bhías misi, agus is na fhochair fhanfas me.
19
Agus a rís, cia dá ndéanuinn serbhis? nach a lathair a mhic? mar dfoghuin mé a lathair hathar, is mar sin bhías mé ad lathairsi.
20
¶ Ann sin a dubhairt Absolon re Achitophel, Tugaidh comhairle eadruibh cred dhéanam.
21
Agus a dubhairt Achitophel re Absolon, Luidh le leannánuibh hathar, noch dfág sé a mbun an tigh; agus cluinfid Israel uile go bhfuil tu adhfhúathmhar ag hathar: annsin béid lámha gach a ngabhann leachd láidir.
22
Mar sin do leathnuigheadar páillíun do Absolon ar mhullach an tighe; agus do bhí Absolon ag leannánuibh a athar a radharc Israel uile.
23
Agus do bhí comhairle Achitophel, noch do bheireadh sé uadh annsna laethibh sin, amhuil mar do fhíafrochadh duine briathar Dé: mar sin do bhí comhairle Achitophel uile aráon ag Dáibhi agus ag Absolon.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24