bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 14
2 Samuel 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 15 →
1
Anois do mhothuigh Ióab mhac Seruiah go raibh croidhe an rígh le Habsalon.
2
Agus do chuir Ióab fios go Tecoah, agus thug as sin bean chríonna, agus a dubhairt ría, Guidhim thú, léig ort féin bheith ad chumhach, agus cuir ort a nois éadach cumha, agus ná cumuil ola dhíot féin, ach bí mar mhnáoi atá ré fada a geumhaidh ar son an mhairbh.
3
Agus tárr chum an rígh, agus abair marso ris. Marsin do chuir Ióab na briathra ann a béul.
4
¶ Agus a nuáir do labhair an bhean do Thecoah ris an rígh, do thuit sí ar a haghaidh chum na talmhan, agus do rinne umhla, agus a dubhairt sí, Tárrthuigh, O a rígh.
5
Agus a dubhairt an rígh ría, Cred dimthigh ort? Agus do fhreagair sisi, Go deimhin is baintreabhach mé, agus do chuáidh mfear déug.
6
Agus do bhí días mac ag do bhanóglaich, agus do throideadar aráon re cheile annsa machaire, ach ní raíbh éinneach do dhéanamh éadarsgán, agus do bhúail fear aca an fear oile, agus do mharbh sé é.
7
Agus, féuch, déirigh muinntir an tighe uile a naghaidh do bhanóglaich, agus a dubhradar, Seachuid an té do mharbh a dhearbhrathair, go marbham é, air son bháis a dhearbhrathair noch do mharbh sé; agus muírfimne an toighre mar an gcéadna: agus mar sin múchfuid mo sméathroid noch do fágbhadh, agus ní fhúigfid ag mfear ainm no íardhráoi ar an ttalamh.
8
Agus a dubhairt an rígh ris an mnaói, Imthigh dot thigh, agus do bhéara misi fúagradh dot thaóibh.
9
Agus a dubhairt an bhean ó Thecoáh ris an rígh, A thighearna, a rígh, bíodh an peacadh ormsa, agus ar thigh mathar: agus bíodh an rígh agus a chathaóir ríogha gan choir.
10
Agus a dubhairt an rígh, Gidh be déaras éinní riot, tabhair chugamsa é; agus ní bheanfa sé riot nios mó.
11
Ann sin a dubhairt sisi, Guidhim thú, cuimhnigheadh an rígh do THIGHEARNA Día, ná fuiling do dhioghaltach na fola nios mó do mharbhadh, deagla go muirfidis mo mhacsa. Agus a dubhairt seision, Mar mhairios an TIGHEARNA, ní rachuidh ruibe do ghruáig do mhíc chum na talmhan.
12
Ann sin a dubhaírt an bhean, Guidhim thú, léig dot bhánóglaich, éanfhocal amhain do rádh re mo thighearna an rígh. Agus a dubhairt seision, Abair romhad.
13
Agus a dubhairt an bhean, Maseadh cred as ar smuáin tusa a leithéid sin do ní a naghaidh phobail Dé? óir labhruidh an rígh an níse mar dhuine do bheith ciontach, do chionn nach goireann an rígh a dhíbearthach a ris air ais.
14
Oír caithfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do dhóirtfidh ar an dtalamh, nach féidir do chruinniughadh a ris; agus ní mheasann Día pearsa, tar a chéile: gidheadh do ní sé slighe, nach scriosfuidhe a dhíbearthach uadh.
15
Anois ar a nadhbharsin is uime thaínic misi do labhairt an neithesi re mo thighearna an rígh, gur chuireadar na dáoine eagla orum: agus a dubhairt do bhanoglach, Laibheóra mé ris an rígh anois; do bféidir go ccoimhlíonfadh an rígh íarratus a bhanóglaich.
16
Oír éistfidh an rígh, do shaóradh a bhanóglaich ó laímh an duine noch do scriosfadh mé féin agus mo mhac le cheíle amach as oighreachd Dé.
17
Ann sin a dubhairt do bhanóglach, Biáidh anois focal mo thighearna an rígh cabharthach: óir amhuil aingeal Dé, is marsin atá mo thighearna an rígh do thuigsin uilc agus maitheasa: uimesin biáidh do THIGHEARNA Día maille ríot.
18
Ann sin do fhreagair an rígh agus a dubhairt ris an mnaoi, Guidhim thú, na ceil orum an ní fhíafróchus mé dhiot. Agus a dubhairt an bhean, Labhradh mo thighearna an rígh anois.
19
Agus a dubhairt an rígh, Nach bhfuil lámh Ioab leachd annsa chúisse uile? agus do fhreagair an bhean, agus a dubhairt, Mar mhairios hanum, a thighearna mo rígh, ní feidir le héinneach filleadh ar a láimh dheis nó chle ó éinní dar labhaír mo thighearna an rígh: oir isé do shearbhfhoghantuígh Ióab, a dubhairt riomsa, agus do chuir na bríathra so uile a mbeul do bhanóglaich:
20
Do thabhairt na cúisisi timchioll san bhfoirm chaintesi do rinne do shearbhfhoghantuigh Ióab an nísi: agus atá mo thighearna glic, do réir ghliocuis aingil Dé, daithne gach uile neithe dá bhfuil ar an ttalumh.
21
¶ Agus a dubhairt an rígh re Ióab, Féuch anois, do rinne mé an ní sé: imthigh ar a nadhbharsin, tabhair leachd an tógánach Absolon a rís.
22
Agus do thuit Ioab ar a aghaidh go talumh, agus do chláon é féin, agus rug buidheachus ris an rígh: agus a dubhairt Ióab, A niugh aithnighidh do shearbhfhoghantuígh go bhfuáir mé grása ann do radharc, a thighearna, mo rígh, do bhrígh gur choimhlíon an rígh íarratus a shearbhfhoghantuigh.
23
Mar sin déirigh Ióab, agus do chuáidh go Gésur, agus thug Absalon go Hierusalem.
24
Agus a dubhairt an rígh, Filleadh sé dhá thigh féin, agus ní faiceadh sé maghaidhsi. Ann sin do chuaidh Absolon dá thigh féin, agus ní fhacaidh sé aghaidh an rígh.
25
¶ Acht ní raibh a Nisrael uile éanduine ar na mholadh cho mór ar a sgiamhachd ré Habsolon: ó bhonn a choise go mullach a chinn ní raibh tóighbheím ar bith air.
26
Agus a nuáir do bhearradh sé a cheann, (óir is a gcionn gacha blíadhna do bhearradh sé é: do bhrídh go raibh sé trom air, uimesin do bhearradh sé é:) do chomhthromadh sé grúag a chinn le dhá chéud secel do réir chomhthruim an rígh.
27
¶ Agus rugadh do Absolon triúr mac, agus éan inghean, dar bainm Támar: budh bean ró dheaghmhaiseach í.
28
¶ Marsin do bhí Absolon dhá bhlíadhuin iomlán ann Ierusalem na chomhnuigh, agus ní fhacaigh sé gnúis an rígh.
29
Ar a nadhbharsin do chuir Absolon fios ar Ióab, dhá chur chum an rígh; achd níor bháill leis teachd chuige: agus an tan do chuir an dara húair, níor bháill leis teachd.
30
Uime sin a dubhairt sé ré na shearbhfhoghantuibh, Féuchaidh, atá machaire Ióab láimh rem mhacháiresi, agus atá eórna aige ann sin; éirghidhe agus cuirfidh teine innte. Agus do chúadar searbhfhoghantuighidh Absolon, agus do chuireadar an machaire tre theine.
31
Ann sin déirigh Ióab, agus thainic sé go Habsolon dhá thigh, agus a dubhairt sé ris, Cred far chuireadar do shearbhfhoghantuighidh mfearann tre theine?
32
Agus do fhreagair Absolon Ióab, Féuch, do chuir misi fios ort dha rádh, Tárr annso, go gcuiridh mé chum an rígh thú, dhá rádh, Cred fá ttáinic mé ó Ghésur? do bfearr dhamh gurob ann sin do bhéinn fós: anois air a nadhbharsin faicim gnúis an rígh; agus matá coir ar bith orum, marbhadh sé mé.
33
Ann sin tháinic Ióab chum an rígh, agus dinnis sé sin dó: agus an tan do ghoir se ar Absolon, tháinic sé chum an rígh, agus do léig sé é féin síos ar aghaidh go talumh as coinne an rígh: agus do phóg an rígh Absolon.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24