bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 21
2 Samuel 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 22 →
1
An sin do bhí gorta a laéthibh Dháibhi trí bliadhna, a ndiáigh a chéile; agus dfíafruigh Dáibhi don TIGHEARNA. Agus do fhreagair an TIGHEARNA, Is arson Shauil, agus a thighe fhuiltígh, do bhrígh gur mharbh sé na Gibeonitigh.
2
Agus do ghoir an rígh na Gibeonitigh, agus a dubhairt riú; (anois na Gibeonitigh ní do chloínn Israel íad, achd íarsma na Namoriteach; agus thugadar clann Israel mionna dhóibh: agus do thionnsgain Saul a marbhadh ioná theasghradh do chloinn Israel agus Iúdah.
3
Uime sin a dubhairt Dáibhi ris na Gibeonítibh, cred dhéanus me ar bhur son, agus cred an ní le a ndéana mé an tsíothcháin, chor go mbeinneochthaóisi oighreachd an TIGHEARNA?
4
Agus a dubhradar na Gibeonitigh ris, Ni ghéabham ór nó airgead ó Shaul, nó ó na thigh; ni mó mhuirfios tusa eanduine a Nisrael air ar soinne. Agus a dubhairt seision, Gídh bé ní a déarthaoisi do dhéanadsa ar bhur sonse.
5
Agus do fhreagradarsan an rígh, An duine darguinn sinn, agus do tionnscuin ar naghaidh dar léir‐sgrios go nach bíadh duine dhínn a ccrích ar bith Disrael,
6
Tugthar móirsheisior dá mhacaibh dhúinn agus crochfam súas íad don TIGHEARNA a Ngibeah Shauil, noch do thogh an TIGHEARNA. Agus a dubhairt an rígh, Do bhéara mé dhibh íad.
7
Acht do choigil an rígh Mephibóset, mhac Ionathan mhic Sauil, do bhrígh mhionna an TIGHEARNA do bhí eatorra, idir Dháibhi agus Ionatan mhac Sauil.
8
Ach do ghlac an rígh dias mac Rispah inghean Aiah, noch rug sí do Shaul, Armoní agus Mephibóset; agus cúigear mac Meichal inghean Shauil, noch rug sí do Adriel mhac Barsillai an Meholatiteach:
9
Agus do thoirbhir íad a lámhuibh na Ngibeoniteach, agus do chrochadar íad annsa chnoc a bhfiaghnuise an TIGHEARNA: agus do thuiteadar uile na moírsheisior a néainfhéachd, agus do cuireadh chum baís íad a ccead láethibh a nfóghmhair, a ttosach fhóghmhair na heórna.
10
¶ Agus do ghlac Rispah inghean Aiah saicéadach, agus do leathnuigh dhi féin é ar an gcarruic, ó thosach an nfóghmhair nó gur shil uisge orra ó neamh, agus níor fhuiling deanlaith an naiéir ttuirling orra sa ló, nó daínmhintibh an mhachaire san noidhche.
11
Agus do hínnseadh do Dháibhi cred do rinne Rispah inghean Aiah, leannán Shauil.
12
¶ Agus dimthigh Dáibhi, agus do thóg cnámha Shauil agus cnámha Ionataín a mhic ó mhuinntir Iabes Gilead, noch do ghad íad ó shráid Bhetsan, mar ar chrochadar na Philistinigh íad, a nuáir do mharbhadar na Philistinigh Saul a Ngilboa:
13
Agus thug sé suas as sin cnámha Shauil agus cnámha Ionatain a mhic; agus do chruinnigheadar cnámha na muinntire do chrochadh.
14
Agus do adhlaiceadar cnámha Shauil agus Ionatain a mhic a ttír Bheniamin ann Selah, a ttuáma a athar Cis: agus do coimhlíonadar gach ar aithin an rígh. Agus na dhiáigh sin do fríth Día ré a ghuidhe ar son na tíre.
15
¶ Os a chionn sin do bhí cogadh fós a rís ag na Philistinibh ré Hisrael; agus do chuáidh Dáibhi síos, agus a dhaoine leis, agus do throid sé a naghaidh na Bhphilistineach: agus do chuáidh Dáibhí a nanbhfuinne.
16
Agus Isbi‐benob, noch dar budh da mhacibh an aithigh, dar chomhthrom dá ghath trí chéud secel do phrás a ccomhthrom, ar ccur chloidhimh nuáidh thairis, do sháoil sé Dáibhi mharbhadh.
17
Acht do thárthuigh Abisai mhac Seruiah é, agus do bhuáil sé an Philistineach, agus do mharbh é. Ann sin thugadar muinntir Dháibhi mionna dhó, dha rádh, Ní racha tusa níos mó linn amach chum catha, chor nach múchfa tú solus Israel.
18
Agus tárla na dhiáighso, go raibh a rís cath ag na Philistinibh a Ngob: annsin do mharbh Sibbechai an Husatiteach Saph, noch do bhí do chloinn a nathaigh.
19
Agus do bhí cath a Ngob a rís ag na Philistinibh, mar ar mharbh Elhanan mhac Iaare‐oregim, Betlemíteach, dearbhrathair Gholiah an Gititeach, aga raibh gath ler chosmhuil a chrann lé garmáin fhigheadóra.
20
Agus do bhí fós cath a Ngát, mar a raibh duine do mhéid mhór, agus sé méir air gach láimh leis, agus sé méir ar gach cois leis, a ceathair fithchiod a nuibhir; agus is don naitheach mar an gcéadna rugadh é.
21
Agus a nuáir thug a shlán fá Israel, do mharbh Ionatan mhac Simeah dearbhrathair Dháibhi é.
22
Don naitheach a Ngát do rugadh an ceathrarsa, agus do thuiteadar lé láimh Dháibhi, agus lé láimh a shearbhfhogantuigheadh.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24