bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 8
2 Samuel 8
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 9 →
1
Agus tárla na dhiáigh só, gur bhúail Dáibhi na Philistinigh, agus gur chlaóidh íad: agus do gabh Dáibhi Méteg‐Ammah as láimh na Bhphilistineah.
2
Agus do bhuáil sé Móab, agus do thomhuis íad lé córda, dha tteilgion síos go talamh; eadhon lé dhá chórda do thomhuís sé do thabhairt báis, agus le héanchórda iomlán do chongmháil béo. Agus do bhádar na Móabitigh ná searbhfhoghantuigh ag Dáibhi, agus tugadar tiodhlaicthe léo.
3
¶ Do bhuáil Dáibhi mar an gcéadna Hadadeser, mhac Rehob, rígh Sóbah, mar do chúaidh sé do bhuáin a chríche amach ag an tsruth Euphrátes.
4
Agus do bhean Dáibhi míle carbad dhe, agus seachd ccéad marcach, agus fithche míle coisigh: agus do ghearr Dáibhi speirreacha each na cearbad uile, achd do shabháil sé díol chéud carbad diobh.
5
Agus a nuáir thangadar Sírianuigh Dhamascus do chuidiughadh le Hadadeser rígh Sóbah, do mharbh Dáibhi do na Sírianachaibh dhá mhíle fhithchiot fear.
6
Annsin do chuir Dáibhi gairiosún a Síria Dhamascus: agus do bhádar na Sírianuigh na serbhíseachaibh ag Dáibhi, agus tugadar tiodhlaicthe léo. Agus do choimhéad an TIGHEARNA Dáibhi ann gach uile bhall ad téigheadh.
7
Agus do thog Dáibhi na scíatha óir do bhí ar mhuinntir Hadadeser, agus thug leis go Hierusalem íad.
8
Agus thug Dáibhi rígh, ó Bhetah, agus ó Bherotai, caithreacha Hadadeser, ro iomad práis.
9
¶ A núair do chúalaidh Toi rígh Hamat gur chlaóidh Dáibhi slúagh Hadadeser uile,
10
Ann sin do chuir Toi a mhac Ioram chum Dáibhi rígh, do chur fáilte roimhe, agus dá bheannughadh, tré mar do throid se a naghaidh Hadadeser, agus mar do chlaóidh sé é: (óir do bhí cogadh ag Hadadeser re Toi.) Agus thug Ióram soighthighe airgid, agus soighthighe óir, agus soighthighe práis leis:
11
Noch do bhronn Dáibhi rí mar an gcéadna don TIGHEARNA, maille ris a nairgiod agus ris a nór do bhronn sé noch do bhean sé do na huile chineadhachuibh do chuir sé faói:
12
Do Shíria, agus do Mhóab, agus do chloinn Ammon, agus do na Philistinibh, agus do Amalec, agus déadáil Hadadeser, mhic Rehob, rígh Sóbah.
13
Agus fuáir Dáibhi ainm a nuáir do fhill sé ó ár na Sírianach a ngleann ann tsaluinn, ar mbualadh ochd míle dhéug fear.
14
¶ Agus do chuir sé gairiosún ann Edom; ar feadh Edom uile do chuir sé gairiosun, agus do bhádar muinntir Edom na serbhíseachaibh ag Daibhi. Agus do coimhéad an TIGHEARNA Dáibhi ann gach uile bhall a ngabhadh.
15
Agus do bhí Dáibhi na rígh ós cionn Israel go hiomlán; agus do rinne Dáibhi breitheamhnus agus ceart dá dhaóinibh uile.
16
Agus do bhí Ióab mhac Seruiah ós cionn an tslóigh; agus Iehosoaphat mhac Ahilud na sheanchuigh;
17
Agus do bhí Sadoc mhac Ahitub, agus Achimelech mhac Abiatar, na sagartaibh; agus Seraiah na scribhneóir;
18
Agus do bhí Benaiah mhac Iehoiada ós cionn na Cheretiteach agus na Bpeletiteach; agus do bhádar mic Dháibhi na bpríomhúachdaránuibh.
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24