bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 20
2 Samuel 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 21 →
1
Agus tárla go raibh óglach do Bhelial annsin dar bhamm Séba, mhac Bichri, Beniamiteach: agus do shéid sé stoc, agus a dubhairt, Ní bhfuil cuid ar bith aguinne a Ndáibhi, ní mó atá oighreachd aguinn a mac Iesse: théigheadh, gach éanduine dá lóistín féin, O Israel.
2
Mar sin do chuáidh gach éanduine Disrael súas ó bheith a ndiáigh Dháibhi, agus do leanadar Séba mhac Bichrí: acht do cheangladar muinntír Iúdah ré na rígh, ó Iordan air fad go Hierusalem.
3
¶ Agus tháiníc Dáibhi dha thigh ann Ierusalem; agus do ghlac Dáibhi an deichneamhar ban a leannáin, noch dfág sé ag cumhdach án tighe, agus do chuir a bpriosún íad, agus do bheathuigh íad, achd níor luigh sé léo. Mar sin do bhádar fá íadhadh go ló a mbáis, béo a mbaintreabhachus.
4
¶ Ann sin á dubhairt an rígh re Amasa, Cruinnigh chugamsa fir Iúdah faói cheann trí lá, agus bí féin annso a lathair.
5
Mar sin do chuáidh Amasa do chruinniughadh fhear Iúdah: achd dfan sé níos faide ná an tam cinnte dórduigh seision dó.
6
Agus a dubhairt Dáibhi ré Abisai, A nois do dhéana Seba mhac Bichri niosmó do dhochar dhúinn nó do rinne Absolon: beir leachd thusa mumntir do thíghearna, agus lean é, deagla go bhfuigheadh sé caithreacha daingne dhó féin, agus go nimtheochaidh mar sin uáinn.
7
Agus do chuáidh muinntir Ióab amach ná dhiáighsion, agus na Cheretitigh, agus na Peletitígh, agus na fir churata uile: agus do chúadar a mach as Ierusalem, do thóruigheachd a ndiaigh Shéba mhic Bichri.
8
A nuáir do bhádar ag an ccloich mhóir atá ag Gibeon, do chúaidh Amasa rompa. Agus do bhí Ióab criosluighe re na chulaidh do chuir sé uime, agus air sin crios maille le cloidheamh ceangailte ar a shlíastaibh iona thruáill; agus ag dul amach dhó do thuit sé as.
9
Agus a dubhairt Ióab re Amasa, An bhfuil tú slán, a dhearbhrathair? Agus do ghlac Ióab Amasa ar fhéasóig iona laímh dheis do thabhairt póige dhó.
10
Acht ní thug Amasa aire don chloidheamh do bhí a láimh Ióab: mar sin do bhuáil sé é don chloidheamh an sa ccuigeádh ásna, agus do leíg sé a innighe amach fán ttalamh, agus níor bhuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a dhearbhrathair a a ndiáigh Shéba mhic Bichri.
11
Agus do sheas duine do mhuinntir Ióab láimh ris, agus a dubhairt, An té ler bionmhuin Ióab, agus an té atá ar son Dhaibhi, éirghiodh sé a ndiáigh Ioab.
12
Agus do bhí Amasa dhá dhúnfuirt a bhfuil a lár na sligheadh móire. Agus a nuáir do chonnairc an tóglach gur fhanadar cách uile na seasamh, do átharruigh sé Amasá as a tslighe mhóir a steach ansa machaire, agus do theilg éadach thairis, a núair do chonnairc sé go bhfanadh gach éanduine dá ttigeadh go nuige é na sheasamh.
13
A núair do hatharruigheadh é don tslighe mhóir, do ghluáisiodar an pobal uile a ndiáigh Ioab do thóruigheachd a ndiáigh Shéba mhic Bichri.
14
¶ Agus do chuáidh sé tré threabhuibh Israel uile go Habel, agus go Betmaachah, agus na Beritigh uile: agus dó chruinnigheadar a ccionn a céile, agus do leanadar eision,
15
Agus tangadar agus do champuigheadar na aghaidh ann Abel Bhetmaachah, agus do theilgeadar cladh súas a naghaidh na caithreach, do sheas ansa trinnse: agus do bhriseadar a raibh do dhaóinibh a bhfochair Ióab an balla, dhá theilgion síos.
16
¶ Ann sin do eígh bean chríonna amach as an gcathruigh, Eístigh, eistigh; guidhim sibh, abruidh ré Ióab, Tarr a leith, go labhra misi riot.
17
Agus a nuáir tháinig sé laímh ría, a dúbhairt an bhean, An tú Ióab? Agus do fhreagair seision, as mé. Ann sin a dubhairt si ris, Eist bríathra do bhanóglaich. Agus do fhreagair seision, eísdiem.
18
Ann sin do labhair sí, dhá radh, Do budh gnáth leó labhairt a nallód, gha rádh, Go deimhin íarrfuid síad comhairle ar Abel: agus mar sin do chríochnuigheadar an chúis.
19
Is áon misi don droing atá síothchánta agus firinneach a Nísrael: atá tusa ag íarruidh caithreach do mhilleadh agus fós príomhchathair a Nísrael: cred fá sluícfeá suás oighreachd an TIGHEARNA?
20
Agus do fhreagair Ióab, agus a dubhairt, Go madh fada, go madh fada sin uaimsi, go sluicfin súas nó go millfinn í.
21
Ni mar sin atá an chúis, ach duine ó shlíabh Ephraim, dar bainm Séba mhac Bichri, noch do thóg súas a lámh a naghaidh an rígh, eadhon a naghaidh Dháibhi: seachaduigh eision amháin, agus imtheochuigh mísi ón chathruigh. Agus a dubhairt an bhean re Ioab, Féuch, teilgfighear a cheann chugad tar an mballa.
22
Ann sin do chúaidh an bhean mar a raibh an pobal uile iona gliocus. Agus do bheanadar a chéann do Shéba mhac Bichri, agus do theilgeadar amach chum Ióab é. Agus do shéid seision stoc, agus dfilleadar ón chathruigh gach éanduine dhá thigh féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem chum an rígh.
23
¶ Anois do bhí Ióab ós cionn shlóigh Israel uile, agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn na Cheretiteach agus ós cionn na Bpeletíteach:
24
Agus do bhí Adoram ós cionn an chíosa: agus Iehosaphat mac Ahilud na chuimhnightheóir:
25
Agus Séba na scribhnéoir: agus Sádoc agus Abíatar na sagartuibh.
26
Agus do bhí Ira mar an gcéadna an Iairiteach na phríomh‐uachdarán timchioll Dháibhi.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24