bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 23
2 Samuel 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 24 →
1
Anois a síad so bríathra deighionacha Dháibhi. Dubhairt Dáibhi mhac Iessé, agus a dubhairt, an té do tógbhadh súas go hárd, ungthach Dé Iácob, agus sailmchéolach binn Israel:
2
Labhair spiorad an TIGHEARNA thríomsa, agus do bhí a bhríathar ann mo theanguidh.
3
A dubhairt Día Israel, do labhair Carruig Israel riomsa, Caithfidh an té ríaghlas ós cionn daóine bheith ceart, ag ríaghladh an neagla De.
4
Agus biáidh sé mar sholus na maidne, an nuair éirghios an ghrían, eadhon ar maidin gan néull; mar an bhféur min ag fás as an ttalamh le deálra glan a ndiáigh fearthanna.
5
Má atá nach bhfuil mo thigh marsin ag Día; gidheadh do rinne sé ceangal síorruidhe riomsa, órduighthe ann gach uile ní, agus daingion: óir sé so mo shlánughadhsa uile, agus mfonn uile, mátá nach dtiubhra seision air fás.
6
Ach béid mic Bhélial uile mar dealga theilgthear amach, do chionn nach féidir breith orra le lámhuibh:
7
Ach an té bheanfas riú cumhduighear é le híarann agus le crann gatha; agus loisgfighear thríd amach le teine íad an sa náit cheadna.
8
¶ Síad so anmanna na ndáoine neartmhara do bhí ag Daibhi: An Tachmoniteach do shuidh annsa chathaóir, uachdarán a measg na ccaiptíneadh; (do bé sin Adino an Tesniteach): do thóg sé a ghath a naghaidh ochd ccéad, noch do mharbh sé a néanuáir.
9
Agus a ndiáigh a nfir sin do bé Eleásar mhac Dodo an Tahohíteach, aón don triúr do na dáoinibh cumhachdacha do bhi ag Dáibhi, a nuair thugadar a slán fá na Philistínibh noch do chruinuigh annsin a gcionn a chéile chum catha, agus dimthigheadar fir Israel rompa.
10
Deirigh seision, agus do bhuáil sé na Philistinigh nó go raibh a lámh curtha, agus gur cheangail a lámh don chloidheamh: agus do oibrigh an TIGHEARNA búaidh mhór an lá sin; agus dfilleadar na daóine na dhiáigh ar son éadala amháin.
11
Agus a ndiaigh a nfirsin do bhí Sammah mhac Agee an Hararíteach. Agus do chruinnigheadar na Philistinigh íad féin a gcionn a chéile a gcuideachduin, mar a raibh piosa fearuinn lán do phiseanuigh: agus do theitheadar na dáoine roimhe ná Philistinibh.
12
Ach do sheas seision a lár a nfearuinn, agus do chumhduigh sé é, agus do mharbh sé na Philistinigh: agus do oibrigh an TIGHEARNA buáidh mór.
13
Agus do chúaidh triúr don tríochad dob oirdhearca síos, agus tangadar go Dáibhi annsa bhfóghmbar go huaimh Adullam: agus do shuigheadar slúagh na Bhphilistineach a ngleann Rephaim.
14
Agus do bhí Dáibhi ann sin a ndaingion, agus do bhí gairiosún na Bhphilistineach an tan sin a Mbet‐lehem.
15
Agus do ghabh fonn Dáibhi, agus a dubhairt, Oh nach ttugann duine éigin deoch dhamh duisge thobair Bhet‐lehem, noch atá láimh ris an ngeata!
16
Agus do bhriseadar an tríur fear neartmhar tre shlúagh na Bhpilistineach, agus do thairngeadar uisge as tobar Bhet‐lehem, do bhí láimh ris an gheata, agus do ghlacadar, agus tugadar léo é go Dáibhi: gidheadh níor bhaill leision ól de, achd do dhóirt sé amach é don TIGHEARNA.
17
Agus a dubhairt sé, Bíodh sin a bhfad uannsi, a THIGHEARNA, go ndéanuinn so: nach í so fuil na ndáoine do chuáidh a nguais a nanma? uime sin níor bháill leis a ól. Do rinneadar an triúrsa dfearuibh gaisgeamhla na neithesi.
18
Agus do bhí Abisai, mac Seruiah dearbhrathair Ióab, na cheann ar thriúr. Agus do thóg sé a ghath súas a naghaidh thrí gcéad, agus do mharbh se íad, agus fuáir sé ainm a measc triúir.
19
Nach raibh sé ro onorach do thríur? uimesin do bhí sé na chaiptín orra: bíodh nach ráinic sé a ccoimhmeas ris an ccéaidthríur.
20
Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine churata, ó Chabseel, noch do rinne móirghniomha, do mharbh sé días fear leomhanta do Mhóab: do chuáidh sé síos mair an gcéadna agus do mharbh sé leomhan a lár cuife an aimsir shneachda:
21
Agus do mharbh sé Egipteach, duine bréadha: agus do bhí gath ag an Negipteach ann a laimh; achd do chuáidh sesion sios chuige le maide, agus do tharruing an gath as láimh an Négiptigh, agus do mharbh le na ghath féin é.
22
Do rinne Benaiah mac Iehoiada na neithesi, agus fuáir sé ainm a measc thrír do dháoiníbh neartmhara.
23
Do budh onóruigh é ná an tríochad, achd ní ráinic sé gus an triúrso; agus do chuir Dáibhi ós cionn a luchd coimhéada é.
24
¶ Do bhí Asahel dearbhrathair Ióab na áon don tríochad; Elhanan mac Dodo ó Bhet‐lehem.
25
Sammah an Harodíteach, Elica an Harodíteach,
26
Heles an Paltiteach, Ira mac Icces an Tecoitéach,
27
Abieser an Tanetotiteach, Mebunnai an Husatiteach,
28
Salmon an Tahohiteach, Mahari an Netóphatiteach,
29
Heleb mac Baanah an Netophatiteach, Ittai mhac Ribai as Gibeáh do chloinn Bheniamin,
30
Benaiah an Piratoniteach, Hiddai ó ghleantuibh Gaas,
31
Abi‐albon an Tarbatiteach, Asmabhet an arumiteach,
32
Eliahba an Saalboniteach, do mhacaibh Iasen, Ionatan,
33
Sammah an Harariteach, Ahiam mhac Sarar an Harariteach,
34
Eliphelet mac Ahasbai, mac an Mhaahatiteach, Eliam mac Achitophel an Giloniteach,
35
Hesraian an Carmelíteach, Paarai an Tarbiteach,
36
Igal mhac Nátan ó Shóbah, Bání an Gaditeach,
37
Selec an Tammoniteach, Naharai an Beerotiteach, fear iomchartha airm Ióab mhic Seruiah,
38
Ira an Hitriteach, Gareb an Hitriteach.
39
Uriah an Hittiteach: tríochad agus móirsheisear an tiomlán.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24