bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 17
2 Samuel 17
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 18 →
1
Os a chionn sin a dubhairt Achitophel re Absolon, Léig dhamh anois dhá mhíle dhéug fear do thogha amach, agus éireochuidh mé agus leanfuidh mé a ndiáigh Dháibhi a nochd:
2
Agus tiocfa mé air an feadh bhías sé curtha agus laglámhach, agus cuirfe mé eagla air: agus teithfid a bhfuil do dhaóinibh na fhochair; agus buailfidh mé an rígh amháin:
3
Agus do bhéara mé na daóine uile ar a nais chugadsa: an té atá tú díarruidh atá sé mar dfillfeadh an tiomlán: marsin béid an pobal uile a síothcháin.
4
Agus do thaitin an glór go maith ré Absolon, agus ré sinnsioruibh Israel uile.
5
Ann sin a dubhairt Absolon, Goir anois Chusai an Tarchíteach, agus cluinmid mar an gcéadna cred a deir seision.
6
Agus a núair tháinic Chusai go Habsolon, do labhair Absolon ris, gha rádh, Do labhair Achitophel ar an modhsa: an ndéanam mar a dubhairt sé? muna ndéanam; labhairsi.
7
Agus a dubhairt Chusai ré Absolon, An comhairle thug Achitophel uadh ní maith í ar a núairsi.
8
Oír, atá a fhios agadsa (ar sa Chusai,) go bhfuil hathair, agus a dhaoíne na bhfearuibh cródha, agus go bhfuilid air lasadh na ninntin, mar mhathghamhuin do choillfeadh a cuiléin sa machaire: agus fear cogaidh hathair, agus ní choimhneocha se a nochd a bhfochair an phobail.
9
Féuch, atá sé anois a bhfolach a bpoll éigin, nó a náit éigin oile: agus teigeomhuidh, a núair thuítfid cuid aca ar ttús, go naibeora gach a ccluinfidh é, Atá ár a measg na ndáoine a leanas Absolon.
10
Agus fós an té atá curata, a bhfuil a chroídhe mar chroidhe leomhuin, leaghfuidh sé go hiomlán: óir atá a fhios ag Israel uile gur duine cródha hathair, agus an luchd atá na fhochaír gur dáoine cródha íad.
11
Ar a nadhbharsin sí mo chomhairlesi, Israel uile do chruinniughadh, ó Dhan go Beerséba, mar an ngaineamh atá chois na fairge ar iomadamhlachd; agus thu féin do dhul a ccath ad phearsuinn féin.
12
Marsin tiucfaimne airsion gidh bé ait a bhfuighthear é, agus tuirleongam air do nós an drúchda thuitios ar talumh: agus de féin nó déanduine da mbía aige ní fúigfidhear oiread éanduine.
13
Os a chionn sin, má theid sé a steach a ccathruigh, annsin do bhéara Israel uile rópadha leó chum na caithreachsin, agus tairreongam í chum na habhann, ionnus nach bía cloch bheag ar fagháil ann.
14
Agus a dubhairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr comhairle Chusai an Tarchíteach ná comhairle Achitophel. (Oir do órduigh an TIGHEARNA comhairle mhaith Achitophel do chur air ccúl, chor go ttiubhradh an TIGHEARNA olc air Absolon.)
15
¶ Ann sin a dubhaírt Chusai ré Sadoc agus re Abiatar na sagairt, Marso agus marso do chomharligh Achitophel Absolon agus sinnsir Israel; agus marso agus marso do chomhairligh misi é.
16
Anois uímesin cuiridhsi úaibh go lúath, agus innsidh do Dháibhi, ghá rádh, Ná coduil a nochd a reíteach an nfásuigh, ach éirigh go lúath thairis; deagla go sluigfidhe súas an rígh, agus a bhfuil do dhaoinibh na fhochair.
17
Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor bháill leó a bhfaicsin ag teachd don chathruigh): agus do chuáidh cailin agus dinnis sí scéula dhóibh; agus do chuadarsan agus dinnisiodar do Dháibhi rígh é.
18
Gidheadh do chonnairc búachaill íad, agus dinnis sé sin do Absolon: achd dimthigheadarsan aráon go lúath, agus tangadar go tigh dhuine ann Bahúrim, agá raibh tobar ann a chúirt; mar a ndeachadar síos.
19
Agus do ghlac an bhean folach agus do leathnuigh ar úachdar an tobair é, agus do chuir arbhar meilte air sin; agus níor haithnigheadh éinní.
20
Agus a nuáir thangadar muinntir Absoloin chum na mná don tigh, a dubhradar, Cáit a bhfuil Ahimaas agus Ionatan? Agus a dubhairt an bhean riú, Do chúadar a nonn thar an tsruthan uisge sin. Agus a nuáir do spíonadarsan agus nach bhfuáradar íad, dfilleadar go Hierusalem.
21
Agus tárla, a nuáir do imthigheadar, go ttangadarsan a níos as an ttobar, agus dimthigheadar agus dinnsiodar do Dháibhi rígh, agus a‐dubhradar ré Dáibhi, Eirigh, imthigh tar a nuisge go luáth: óir marso thug Achitophel comhairle ad aghaidh.
22
Agus deírigh Dáibhí, agus a raibh do dhaóinibh na fhochair, agus do chuádar, anonn tar Iordan: suil tháinic solus na maidne níor théastuigh duine dhíobh gan dul a nonn tar Iordan.
23
¶ Agus a núair do chonnairc Achitophel nar leanadh a chomhairle, do chuir sé díalláoid ar a assal, agus déirigh, agus do chuaidh a bhaile dha thigh, da chathruigh, agus do chuir a thigh a nordughadh, agus do chroch sé é féin, agus fuáir bás, agus do hadhlaiceadh é a núaigh a athar.
24
Ann sin tháinic Dáibhi go Mahanaim. Agus do chuáidh Absolon anonn tar Iordan, é féin agus fir Israel uile na fhocháir.
25
¶ Agus do rinne Absolon caiptin do Amasa ar a shlúagh a naít Ióab: agus ba he Amasa mac duine dar bhainm Ithra Israelíteach, noch do luidh lé Abigail inghean Nahas deirbhshiúr do Sheruiah, mathair Ióab.
26
Ann sin do shuigh Israel agus Absolon a bhfearann Gílead.
27
¶ Agus tárla, a núair do bhí Dáibhi ar tteachd go Mahanaim, go ttug Sobi mhac Nahas ó Rabbah do chloinn Ammon, agus Machir mhac Ammiel ó Lodebar, agus Barsillai an Gileadíteach ó Rogelim,
28
Léapthacha agus báisíneadha, agus soighthighe críadh, agus cruíthneachd, agus éorna, agus plur, agus grán dóite, agus pónar, agus gráinfheileoig, agus pisenach dhóite,
29
Agus mil, agus im, agus cáoirigh, agus cáise bó, chum Dáibhi, agus chum na ndaoine do bhi na fhochair, ré ithe: óir a dubhradar, Atáid na dáoine ocrach, agus curtha, agus íotmhar, annsa bhfásach.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24