bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 18
2 Samuel 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 19 →
1
Agus do áirimh Dáibhi ná dáoine do bhí na fhochair, agus do rinne caiptínigh ar mhíltibh agus caiptínigh ar chéuduibh ós a gcionn.
2
Agus do chuir Dáibhi amach trían na ndáoine fáoi laímh Ióab, agus trían faoi láimh Abisai mac Seruiah, dearbhráthair Ióab, agus trían fáoi láimh Ittai an Gitíteach. Agus a dubhairt an rígh ris an bpobal, Racha misi fós libh amach go deimhin.
3
Acht do fhreagradar an pobal, Ní racha tú amach ar éanchor: óir ma theichfios sinne, is cuma leósan sin; nó ma marbhthar ar leath, is cuma leósan sin: acht anois is fiú déich míle aguinn thusa: uime sin is fearr go mbía túsa chum cabhra do thabhairt dúinn amach as an gcathruigh.
4
Agus a dubhairt an rígh riú, Cía bé chíthfear dhaóibhsi is fearr dhamh ré dhéanamh do dhéanadsa é. Agus do sheas an rígh ré táoibh an gheata, agus tangadar an pobal uile amach na ccéaduibh agus na míltibh.
5
Agus do aithin an rígh do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, dha rádh, Déanuidh go macánta air mo shonsa ris a nóganach, ré Habsolon. Agus do chúaluidh an slúagh uile á núair thug an rígh an nfúagrasin do na caiptínibh uile a ttáobh Absoloin.
6
¶ Mar sin do chúaidh an pobal amach san machaire a naghaidh Israel: agus sé áit a raibh an cath, a ccoill Ephraim;
7
Mar ar marbhadh muinntir Israel roímhe sheirbhísigh Dháibhi, agus do bhí ann sin ár mór an lá sin fithche míle fear.
8
Oír do scáoileadh ó chéile an cath ar féadh dhroma na tíre uile: agus do shluig an choill nios mó an lásin ná mharbh an cloidheamh.
9
¶ Agus tárla Absolon ar shearbhfhoghantuighibh Dhaibhi. Agus do bhí Absolon a marcuigheachd air mhúille, agus do chuáidh an múille fáói gheuguibh tiugha daire moire, agus rug a cheann greim ar a ndaruigh, agus do bhí sé croichde idir neamh agus talumh; agus dimthigh an múille do bhí faói roimpe.
10
Agus do chonnairc duine áirigh sin, agus dinnis sé do Ióab é, agus a dubhairt, Féuch, do chonnairc mé Absolon croichde a ndaruigh.
11
Agus a dubhairt Ióab ris an té dinnis sin dó, Agus, féuch, ó chonnairc tú é, cred fa nar bhuáil tú ann sin go talumh é agus do bhéaruinnsi deich seceil airgid duit, agus crios.
12
Agus a dubhairt an tóglach re Ióab, Dá bhfaghuinsi míle secel airgid ann mo láimh, ní shínfinn mo lámh amach a naghaidh mhic an rígh: óir dfúagair an rígh dar lathair dhuitsi agus do Abisai agus do Ittai, gha rádh, Tugaidh bhur naire nach beanfadh áonduine ris a nógánach Absolon.
13
Nó do dheanuinn éagcóir a naghaidh mo bheatha féin: óir ní bhfuil ní ar bith a bhfolach ar an rígh, agus do chuirféasa fós thú féin am aghaidh.
14
Ann sin a dubhairt Ióab, Ní fhéuduimsi fuireach marso agad. Agus rug sé ar thrí gaéthe iona láimh, agus do shaith sé tré chroidhe Absolon íad, an fad do bhí sé fós béo a lár na daruigh.
15
Agus do chruinnigheadar deithneamhar ógánach do bhí ag iomchar airm Ióab na thimchioll agus do bhuaileadar Absolon, agus do mharbhadar é.
16
Agus do shéid Ióab an stoc, agus dfilleadar an pobal ó thóruidheachd Israel: óir do chonnuimh Ióab na daóine ar a nais úatha.
17
Agus do thógbhadar Absolon, agus do theilgeadar a bpoll mhór ar an ccoill é, agus do leagadar cárn ro mhór cloch áir: agus do theith Israel uile gach áon dá pháillíun féin.
18
¶ Anóis a nuáir do bhí Absolon béo do thóg agus do chuir sé súas dó féin piléur, noch atá a ngleann an rígh: óir a dubhairt sé, Ní bhfuil éanmhac agum do chuinneochadh mainm a gcuimhne: agus thug sé a ainm féin ar an bpiléur: agus goirthear de gus a niugh, áit Absoloin.
19
¶ Ann sin a dubhairt Ahimaas mhac Sadoc, Léig dhamhsa anois ríoth, agus scéula do bhreith chum an rígh, mar do dhioghuil an TIGHEARNA é ar a namhuid.
20
Agus a dubhairt Ióab ris, Ní bhéara tú scéula leachd a niugh, do bhrígh gur mharbhadh mac an rígh, achd béara tú scéula leachd lá oile: achd a níugh ní bhcara tú sceula ar bith.
21
Ann sin a dubhairt Ióab re Cúsi, Eirigh, innis don rígh gach a bhfacaidh tú: agus dumhluigh Cúsi é féin do Ióab, agus do rioth se.
22
Ann sin a dubhairt Ahimaas mhac Sádoc fós a ris ré Ióab, Ach gídh bé ar bith é, gúidhim thú, léig dhamh rioth a ndiaigh Chúsi mar an gcéadna. Agus a dubhairt Ioab, Cred as a riothfuidh tusa, a mhic, ó nach bhfuilid scéula réidh agad?
23
Acht gidh bé ar bith mar tá, ar seision, Léig dhamh rioth. Agus a dúbhairt seision ris, Rioth. Ann sin do rioth Ahimaas a slighe an réitigh, agus do rioth roimhe Chúsi.
24
Agus do bhí Dáibhi na shuidhe idir an dá gheata: agus do chuáidh an fear faire air mhullach an gheata go nuige an balla, agus do thóg suas a shúile, agus dféuch, agus do chonnairc duine ag rioth na áonar.
25
Agus dfúagair an fear faire, agus dinnis don rígh. Agus a dubhairt an rígh, Mas ná áonar atá sé, atáid scéula ann a bhéul. Agus tháinic sé go lúath, agus do dhruid sé a ngar.
26
Agus do chonnairc an fear faire duine eile ag rioth: agus dfúagair an fear faire don doirseóir, agus a dubhairt, Féuch duine eile ag rioth na áonar. Agus a dúbhairt an rígh, atáid scéula leission mar an gcéadna.
27
Agus a dubhairt fear na faire, Dar liom is cosmhuil rioth an chéud duine re rioth Ahimaas mhic Sadoc. Agus a dúbhairt an rígh, Is duine maith sin, agus atáid scéula maithe leis.
28
Agus do ghoir Ahimaas, agus a dúbhairt ris an rígh, Atá gach éinní gó maith. Agus do léig sé é féin síos go lár ar aghaidh a lathair an rígh, agus a dúbhairt, Go madh beannaigh do THIGHEARNA Día, noch do sheachaid súas na daoine do thóg a lámha a naghaidh mo thighearna an rígh.
29
Agus a dúbhairt an rígh, An bhfuil an tógánach Absolon slán? Agus do fhreagair Ahimaas, A nuáir do chuir Ióab searbhfhoghantuigh an rígh, agus misi do sherbhíseach, air siubhal, do chonnairc mé giorac mór, acht ní raibh a fhios agam cred do bhí ann.
30
Agus a dubhairt an rígh, Gabh a leathtaóibh, agus seas annso. Agus do ghabh seision a leathtáoibh, agus dfan na sheasamh.
31
Agus, féuch, tháinic Cúsi; agus a dubhairt Cúsi, Scéula dom thighearna an rígh: óir do dhioghuil an TIGHEARNA thusa a niugh ar an méid déirigh súas ad aghaidh.
32
Agus a dubhairt an rígh re Cúsi, An bhfuil an tógánach Absolon slán? Agus dofhreagair Cúsi, Bídís naimhde mo thighearna an rígh, agus gach a néireochuigh ad aghaidh do dhéanamh dochuir dhuit, mar atá an tógánach sin.
33
Agus do corruigheadh an rígh go mór, agus do chuáidh súas don tséomra ós cionn an gheata, agus do ghuil sé: agus ag imtheachd dó, a dúbhairt mar só, O a mhic Absolon, a mhic, a mhic Absolón, do bhféarr liom gur mé féin do gheabhadh bás ar do shon, ó Absolon, a mhic, a mhic!
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24