bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 24
2 Samuel 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
1
Agus a rís do las fearg an TIGHEARNA a naghaidh Israel, agus do chorruidh sé Dáibhi na naghaidh, dha rádh, Imthigh, agus comháir Israel agus Iúdah.
2
Oir a dubhairt an rígh ré Ióab caiptín a shlóigh, noch do bhí na fhochair, Eirigh anois ar feadh threabh Israel, ó Dhan go Beerséba, agus comháir an pobal, chor go mbía fios uibhre an phobail agumsa.
3
Agus a dubhairt Ióab ris an rígh, Anois go ccuirigh do THIGHEARNA Díase a gceann an phobail, (gidh bé dhá mhéid dá bhfuilid), a chéud oirid, agus go bhfaicidh súile mo thighearna an rígh é. ach cred as a bhfuil dúil ag mo thíghearna an rígh annsa ní so?
4
Gidheadh rug bríathra an rígh buáidh a naghaidh Ióab, agus a naghaidh chaiptínigh an tslóigh. Agus do chuáidh Ióab agus caiptínigh an tslóigh amach ó lathair an rígh, dáireamh phobail Israel.
5
¶ Agus do chúadar anonn tar Iordan, agus do fhosadar ann Aroer, don taóibh ó dheas don chathruigh atá a lár abhann Ghad, agus leath re Gaser:
6
Ann sin tangadar go Gílead, agus don tír íochdruigh núadháitighe; agus tangádar go Dan‐Iaan, agus fa gcuáirt go Sidon,
7
Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caithreachaibh na Hibhiteach eile, agus na Gcananíteach: agus do chúadar amách don taóibh ó dheas do Iúdáh, go Beerséba.
8
Ann sin an tan do chúadar thríd an dúithche uile, thangadar go Hierusalem a gcionn naói míos agus fhithchid lá.
9
Agus thug Ióab don rígh suim uibhre na ndaóineadh: agus do bhí ann Israel ochd ccéad míle fear gaisgeamhuil do tharruing cloidheamh; agus do bhí muinntir Iúdah cúig chéud míle fear.
10
¶ Agus do ghoin croidhe Dháibhi é féin tar éis na ndaoineadh áireamh dhó. Agus a dubhairt Dáibhi ris an TTIGHEARNA, Do pheacaidh mé go mór annsa ní do rinne me; agus a nios, guidhim thú, a THIGHEARNA, glan do shearbhfhoghantuigh óna éigceart; óir do rinne mé go ro leamh.
11
Oír a nuáir déirigh Dáibhi ar maidin, tháinic briathar an TIGHEARNA gus an bhfáidh Gad, fear fiosa Dháibhi, ga rádh,
12
Eirigh agus abair re Dáibhi, Is marsó a deir an TIGHEARNA, Atáim ag tairgsin thrí neithe dhuit; beir do rogha dhíobh, go ndéana mé dhuit é.
13
Mar sin tháinic Gad go Dáibhi, agus do innis dho, agus a dubhairt sé ris, An ttiucfaid seachd mblíadhna gorta ort ann do dhúithche? nó an tteithfidh tú trí mhí roimhe do naimhde, an feadh bhias síad dot leanmhuin? nó an mbiáidh trí la pláighe ann do dhúithche? anois déana comhairle, agus féuch cred é an fhreagra bhéarus misi ar an té do chuir uadh me?
14
Agus a dubhairt Dáibhi ré Gad, Atáim a gcumhgach mhór: tuitmíd anois a láimh an TIGHEARNA; óir is mór a thrócaire: agus ná tuiteam a láimh duine.
15
Ann sin do chuir an TIGHEARNA pláigh ar Israel ó mhaidin nó go ttáinic an tam cinnte: agus fuáir bás do na daóinibh ó Dhan go Beerséba seachdmhoghad míle.
16
Agus an tan do shín an taingeal a lámh amach ar Ierusalem dá hargoin, do ghabh aíthreachus an TIGHEARNA fá nolc, agus a dubhairt ris a naingeal do mharbh na daóine, Is lór sin: connuimh anois ar do láimh. Agus do bhí aingeal an TIGHEARNA ag ionad buáilte Araunah an Iebusiteach.
17
Agus do labhair Daibhi ris an TTIGHEARNA a nuáir do chonnairc sé an taingeal do bhuáil na daóine, agus a dubhairt, Feuch, is misi do pheacaidh, agus do rinne droich ní, ach na caóirighsi, cred do rinneadar? bíobh do lámh am aghaidhsi, guidhim thú, agus a naghaidh thighe mathar.
18
¶ Agus tháinic Gad an lá sin chum Dáibhi, agus a dubhairt sé ris, Eirigh súas, tóg altóir don TIGHEARNA a nurlár buáilte Araunah an Iebusiteach.
19
Agus do chuáidh Dáibhi súas do réir bhréithre Ghad, mar do aithin an TIGHEARNA.
20
Agus dféuch Araunah, agus do chonnairc sé an rígh agus a mhuinntir ag teachd go nuige é: agus do chuáidh Araunah amach, agus do chrom é féin ar a aghaidh ar an ttalumh a lathair an rígh.
21
Agus a dubhairt Araunah, Cred fá ttáinic mo tighearna an righ chum a sherbhísigh? Agus a dubhairt Dáibhi, Do cheannach urláir an bhuáilte uaitsi, do thógbháil altóra don TIGHEARNA, lé gcoisgfidh an phláigh do na dáoinibh.
22
Agus a dubhairt Araunah ré Dáibhi, Glacadh mo THIGHEARNA an rígh agus ofráladh súas an ní as maith ann a radharc féin: féuch, atáid anuso daimh chum íodhbartha loisge, agus na súistighesi agus cunga na ndamh chum connaidh.
23
Thug Araunah, mar rígh na neithesi uile don rígh. Agus a dubhairt Araunah ris an rígh, Go nglacaidh do THIGHEARNA Día chuige thú.
24
Agus a dubhairt an rígh ré Haraunah, Ní hamhluidh bhías; acht ceainneochuidh mé uait é ar a lúach: agus ní ofrála mé ofráil loisge dom THIGHEARNA Día do ní nach ccoisteonuigh éainní dhamh. Mar sin do cheannuigh Dáibhi an turlár buáilte agus na daimh ar chaogad secel airgid.
25
Agus do thóg Dáibhi altóir ann sin don TIGHEARNA, agus do íodhbair ofrála loisge agus ofrála síothchána. Mar sin do fríth an TIGHEARNA re a ghuidhe ar son na dúithche, agus do coisceadh an phiáigh ó Israel.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24