bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Samuel 13
2 Samuel 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 14 →
1
Agus tárla na dhiáigh so, go raíbh ag Absolon mhac Dáibhi deirbhshiúr sgíamhach, dar bhainm Támar; agus do bhí grádh ag Amnon mhac Dháibhi uirre.
2
Agus do bhí Amnon chomhmór sin ar na chrádh, gur ghabh tinnios é fa ná dheirbhshiáir Támar; óir do bhí sisi na maighdin; agus do smúain Amnon gur dheacair dhó féin éainní dhéanamh ría.
3
Ach do bhí caruid ag Amnon dar bhainm Ionadab, mhac Símeah dearbhrathair Dháibhi: agus ba duine ro ghlic Ionadab.
4
Agus a dubhairt Ionadab ris, Créd fá bhfuil tú tanughadh mar sin ó lá go lá, agus tú ad mhac ag an rígh? nach inneosa tú dhamsa é? Agus a dubhairt Amnon ris, Atá grádh agum ar Thámar, deirbhshíur mo dhearbhrathar Absolon.
5
Agus a dubhairt Ionadab ris, Luidh síos ar do leabuidh, léig ort féin bheith tinn: agus a nuáir thiocfas hathair dot fhéachuin, abair ris, Guidhim thú, tigeadh mo dheirbhshíur Támar, agus túgadh sí bíadh dhamh, agus deasuigheadh sí an bíadh am radharc féin, chor go bhfaicinn, agus go nithinn é as a láimh.
6
¶ Mar sin do luidh Amnon síos, agus do léig sé air féin a bheith tinn: agus a nuáir tháinic an rígh dá fhéachuinn, a dubhairt Amnon ris an rígh, Guidhim thú, tigeadh Támar mo dhearbhshíur, agus déanadh sí cúpla bairghin damh am radharc féin, go nithin ní as a láimh.
7
Ann sin do chuir Dáibhi fios don bhaile go Támar, dá rádh, Eirigh anois go tigh do dhearbhrathar Amnon, agus deasuigh bíadh dhó.
8
Mar sin do chuáidh Támar go tigh a dearbhrathar Amnon; agus eision na luidhe síos. Agus do ghlac sí plúr, agus dfuin sí é, agus do rinne bairgheana ann a radharc, agus do chrúaidhuigh sí na bairgheana.
9
Agus do ghlac sí oigheann, agus do dhóirt ann íad iona fhiadhnuisi; acht do dhiúlt seision ithe. Agus a dubhairt Amnon, Cuir amach cách uile uáim. Agus do chúadar amach gach éinneach uadh.
10
Agus a dubhairt Amnon ré Támar, Tabhair an bíadh a steach don tséomra, chor go nithinn as do láimh dhe. Agus do ghlac Támar na bairgheana do rinne sí, agus do rug don tséomra íad chum Amnon a dearbhrathair.
11
Agus a nuáir thug sí chuige íad ré ithe, rug seision greim uirre, agus a dubhairt sé ría, Luidh liom, a dheirbhshiur.
12
Agus do fhreagair sisi é, Ní headh, a dhearbhrathair, ná héignigh mé: óir ní cóir a leitheid sin do dhéanamh a Nisrael: ná déanasa an leimhesin.
13
Agus misi, cáit a ccuirfinn mo mhíochlú? agus ar do shonsa, biáidh tú mar áon do na hamadánuibh a Nisrael. Anois, guidhim thú, labhair ris an rígh; oir ní chuinneochuidh sé misi uáit.
14
Acht cheana ni éisdeadh seision re na glór: achd, ar mbeíth nios láidre ná isi, déignigh sé í, agus do luidh aice.
15
¶ Ann sin do fhúatháigh Amnon í go hiomarcach; ionnus gur mhó an fuath ler fhuathuigh sé i ná an gradh léar ghrádhuigh sé í. Agus a dubhairt Amnon ría, Eírigh, bí ag imtheachd.
16
Agus a dubhairt sisi ris, Ní bhfuil cúis chuigesin: is mó an tolcsa ann mo chur ar siubhal, ná an tolc oile do rinne tú orum. Achd ní éisdeadh seision ría.
17
Ann sin do ghoir sé a óglach do níodh miniostralachd dó, agus a dubhairt, Cuir anois an bheanso amach uáim, agus druid an dorus na diáigh.
18
Agus do bhí aicesi culaidh ioldhathach uirre: óir is lé na leithéidsin do róbuibh do bhídis ingheana an rígh do bhíodh na maighdeana éaduighe. Ann sin thug a óglach amach í, agus do dhruid an dorus na diáigh.
19
¶ Agus do chuir Támar luáithreadh ar a ceann, agus do réub sí a héadach ioldhathach do bhí uirre, agus do leag sí a lámh ar a ceann, agus dimthigh roimpe ag gártha.
20
Agus a dubhairt Absolon a dearbhrathair ría, An raibh Amnon do dhearbhraithair agad? achd anois bí ad thochd, a dheirbhshiur: sé do dhearbhrathair é; ná cuir beann ar an ní sí. Mar sin do chomhnuídh Támar go dubhach a ttigh a dearbhrathar Absolon.
21
¶ Achd a nuáir do chúalaidh Dáibhi rígh na neithesi uile, do bhí sé ro fheargach.
22
Agus níor labhair Absolon re na dhearbhrathair Amnon go maith nó go holc: óir do fhúathaigh Absalon a dhearbhrathair Amnon, do bhrígh gur éignigh sé a dheirbhshíur Támar.
23
¶ Agus tárla a ccionn dá bhliadhan iomlán, go raibh béarrthóirigh cáorach ag Absolon a Mbaal‐Hasor, noch atá láimh re Ephraim: agus thug Absolon cuireadh do chloinn an rígh uile.
24
Agus tháinic Absolon chum an rígh, agus a dubhairt, Féuch anois, atáid béarrthóirigh cáorach ag do shearbhfhoghantuígh; tigeadh an rígh, guidhim thú, agus a sheirbhisigh led shearbhfhoghantuigh.
25
Agus a dubhairt an rígh ré Habsolon, Ní headh, a mhic, ná tíagham uile anois ann, deagla go mbémis costusach dhuit. Agus do chuir sé dithchioll air: acht níer bháill leis imtheachd, ach do bheannuigh sé é.
26
Ann sin a dubhairt Absolon, Muna ttí tú féin, guidhim thú, léig mo dhearbhrathair Amnon theachd linn. Agus a dubhairt an rígh, Cred fá rachadh seision leachd?
27
Achd do chuir Absolon dithchioll air, gur léig sé Damnon agus do mhacaibh an righ uile dul leis.
28
¶ Anois do aithin Absolon da shearbhfhoghantaighibh, gha rádh, Comharthuigh anois a nuáir bhías croidhe Amnon súgach o fhíon, agus a nuáir a déara misi ribh, Buaíligh Amnon; annsin marbhuidh é, ná bíodh eagla oruibh: nach ar áithin misi dhibh é? bíghi curata, agus bíghi beódha.
29
Agus do rínneadar searbhfhoghantuighe Absolon re Hamnon mar do aithin Absolon. Annsin do éirgheadar mic an rígh uile, agus do chúaidh gach áon aca súas ar a mhúille, agus do theitheadar.
30
¶ Agus tárla, an feadh do bhádar ar a tslíghe, go ttainic scéula chum Dáibhi, ga rádh, Do mharbh Absolon clann an rígh uile, agus níor fágbhadh aon díobh beó.
31
Ann sin déirigh an rígh, agus do réub a éadach, agus do luidh ar an ttalumh; agus do bhí a mhuinntir uile na seasamh aige agus a néaduighe briste.
32
Agus a dubhairt, Ionadab mhac Simeáh dearbhrathair Dháibhi, Ná sáoileadh mo thighearna gur marbhadh na hógánuigh mic an rígh uile; óir Amnon amháin do marbhadh: óir do tionscnadh so do réir thola Absalon ón ló fár éignigh sé a dhearbhshiúr Támar.
33
Anois ar nadhbharsin ná gabhadh mo thighearna an rígh an ní chuige ann a chroidhe, dá bhreathnughadh gur marbhadh mic an rígh uile: óir Amnon amháin do marbhadh.
34
Ach do theith Absolon. Agus do thóg an tóganach do bhí ag coimhéud na faire a shuile súas, agus damhairc sé, agus, féuch, thangadar mórán dáoine annsa tslighe ré táoibh an chnoic táobh shíar dhe.
35
Agus a dubhairt Ionadab ris an rígh, Féuch, atáid mic an rígh ag teachd: mar a dubhairt do shearbhfhoghantuigh, is amhluidh atá sé.
36
Agus tárla, mar is luáithe gur chríochnuigh seision a bhríathra, go ttangadar clann an rígh, agus gur thógbhadar a nguth ós áird agus gur ghuileadar: agus do ghuil an rígh mar an gcéadna agus a mhuinntir uile go géar.
37
¶ Ach do theith Absolon, agus do chúaidh sé go Talmai, mhac Ammihud, rígh Gésur. Agus do níodh Dáibhi dobrón ar son a mhic gach éanlá.
38
Mar sin do theith Absolon, agus do chuáidh go Gésur, agus do bhí ann sin trí blíadhna.
39
Agus do bhí rofhonn air rígh Dháibhi dul amach go Habsolon: óir do meisnigheadh é a ttáobh Amnon, ó fuáir sé bás.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24