bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 17
Numbers 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 18 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2
«Labhair le clann Iosrael agus abair leo craobhacha a thabhairt duit, craobh thar ceann gach teaghlaigh athartha; tugadh na ceannairí le chéile dosaon craobh thar ceann a dteaghlach athartha. Scríobh ainm gach duine ar a chraobh
3
agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha.
4
Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat.
5
An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d' aghaidh.»
6
Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha.
7
Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna.
8
Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b' shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi.
9
Thug Maois leis na craobhacha go léir ó láthair an Tiarna amach go clann Iosrael go léir; rinneadar iad a spiúnadh agus thóg gach duine a chraobh féin leis.
10
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: «Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m' aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.»
11
Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna; mar a d' ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé.
12
Dúirt clann Iosrael le Maois: «Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir!
13
Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?»
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36