bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 33
Numbers 33
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 34 →
1
Seo iad céimeanna chlann Iosrael ar mbealach amach as an Éigipt ina sluaite faoi cheannas Mhaois agus Árón.
2
Bhreacadh Maois i scríbhinn na háiteanna óna dtosaídís nuair a chuiridís chun bealaigh faoi ordú an Tiarna. Seo iad a gcéimeanna de réir na n-áiteanna ónar thosaíodar.
3
D' fhágadar Ramasaes an chéad mhí. Ba ar an gcúigiú lá déag den chéad mhí, an lá tar éis na Cásca, a chuir clann Iosrael chun bealaigh go caithréimeach os comhair súile na nÉigipteach go léir.
4
Bhí na hÉigiptigh ag adhlacadh ar mharaigh an Tiarna dá muintir féin, gach céadghin leo; bhí breith tugtha ag an Tiarna ar a ndéithe.
5
Chuir clann Iosrael chun bealaigh ó Ramasaes agus shuíodar a gcampa i Sucót.
6
Ansin chuireadar chun bealaigh ó Shucót agus shuíodar a gcampa in Éatám ar imeall an fhásaigh
7
Chuireadar chun bealaigh ó Éatám agus d' fhilleadar go Pí Haichíorót atá soir ó Bhálzafón, agus shuíodar a gcampa i Migdeol.
8
Chuireadar chun bealaigh ó Phí Haichíorót agus ghabhadar thar farraige isteach san fhásach; tar éis aistear trí lá a dhéanamh i bhfásach Éatám, shuíodar a gcampa i Márá.
9
Chuireadar chun bealaigh ó Mhárá agus shroicheadar Éilím; bhí deich dtobar fíoruisce agus seachtó crann pailme in Éilím agus shuíodar a gcampa ann.
10
Chuireadar chun bealaigh ó Éilím agus shuíodar a gcampa ag Muir na nGiolcach.
11
Chuireadar chun bealaigh ó Mhuir na nGiolcach agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shín.
12
Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shín agus shuíodar a gcampa i nDofcá.
13
Chuireadar chun bealaigh ó Dhofcá agus shuíodar a gcampa in Álúis.
14
Chuireadar chun bealaigh ó Álúis agus shuíodar a gcampa i Rifídím mar nach raibh aon uisce ag an bpobal le hól ann.
15
Chuireadar chun bealaigh ó Rifídím agus shuíodar a gcampa i bhfásach Shíonái.
16
Chuireadar chun bealaigh ó fhásach Shíonái agus shuíodar a gcampa i gCiobrot Hatavá.
17
Chuireadar chun bealaigh ó Chiobrot Hatavá agus shuíodar a gcampa i Hazaerot.
18
Chuireadar chun bealaigh ó Hazaerot agus shuíodar a gcampa i Ritmeá.
19
Chuireadar chun bealaigh ó Ritmeá agus shuíodar a gcampa i Riomon Peiriz.
20
Chuireadar chun bealaigh ó Riomon Peiriz agus shuíodar a gcampa i Libneá.
21
Chuireadar chun bealaigh ó Libneá agus shuíodar a gcampa i Riosá.
22
Chuireadar chun bealaigh ó Riosá agus shuíodar a gcampa i gCahaelátá.
23
Chuireadar chun bealaigh ó Chahaelátá agus shuíodar a gcampa ag Sliabh Sheifir.
24
Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Sheifir agus shuíodar a gcampa i Harádá.
25
Chuireadar chun bealaigh ó Harádá agus shuíodar a gcampa i Macaelot.
26
Chuireadar chun bealaigh ó Mhacaelot agus shuíodar a gcampa i dTáchat.
27
' Chuireadar chun bealaigh ó Tháchat agus shuíodar a gcampa i dTárach.
28
Chuireadar chun bealaigh ó Thárach agus shuíodar a gcampa i Mitceá.
29
Chuireadar chun bealaigh ó Mhitceá agus shuíodar a gcampa i Haismioná.
30
Chuireadar chun bealaigh ó Haismioná agus shuíodar a gcampa i Mosaerót.
31
Chuireadar chun bealaigh ó Mhosaerót agus shuíodar a gcampa i mBeiné Iacán.
32
Chuireadar chun bealaigh ó Bheiné Iacán agus shuíodar a gcampa i Hor Haigidgeád.
33
Chuireadar chun bealaigh ó Hor Haigidgeád agus shuíodar a gcampa in Iotbátá.
34
Chuireadar chun bealaigh ó Iotbátá agus shuíodar a gcampa in Abroná.
35
Chuireadar chun bealaigh ó Abroná agus shuíodar a gcampa in Eizion Geibir.
36
Chuireadar chun bealaigh ó Eizion Geibir agus shuíodar a gcampa i bhfásach Zin, Cáidéis is é sin.
37
Chuireadar chun bealaigh ó Cháidéis agus shuíodar a gcampa i Sliabh Hor, ar imeall chríoch Eadóm.
38
Ghabh Árón an sagart suas Sliabh Hor faoi ordú an Tiarna agus fuair sé bás ansiúd sa daicheadú bliain tar éis d' Iosrael teacht as an Éigipt, sa chúigiú mí agus ar an gcéad lá den chúigiú mí sin.
39
Bhí Árón céad agus a fiche trí bliain d' aois nuair a d' éag sé ar Shliabh Hor.
40
An Canánach, rí Arád, a chónaigh sa Neigib i dtír Chanán, chuala sé i dtaobh clann Iosrael a theacht.
41
Chuireadar chun bealaigh ó Shliabh Hor agus shuíodar a gcampa i Zalmoná.
42
Chuireadar chun bealaigh ó Zalmoná agus shuíodar a gcampa i bPúnon.
43
Chuireadar chun bealaigh ó Phúnon agus shuíodar a gcampa in Obot.
44
Chuireadar chun bealaigh ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ié Abáraím i gcríocha Mhóáb.
45
Chuireadar chun bealaigh ó Iím agus shuíodar a gcampa i nDíobon Gád.
46
Chuireadar chun bealaigh ó Dhíobon Gád agus shuíodar a gcampa in Almon Dibleátáím.
47
Chuireadar chun bealaigh ó Almon Dibleátáím agus shuíodar a gcampa i Sléibhte Abáraím, sall ó Neabó.
48
Chuireadar chun bealaigh ó Shléibhte Abáraím agus shuíodar a gcampa i machairí Mhóáb láimh leis an Iordáin os comhair Ireachó sall.
49
Shuíodar a gcampa láimh leis an Iordáin idir Béit-ha-Isimiot agus Ábael-ha-Sitím ar mhachairí Mhóáb.
50
Labhair an Tiarna le Maois ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó, agus dúirt:
51
«Abair le clann Iosrael: 'Nuair a ghabhann sibh thar an Iordáin isteach i dtír Chanán,
52
ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n-áiteanna arda go léir a scartáil.
53
Gabhaigí seilbh ar an tír agus cuirigí fúibh ann, óir thug mé an tír daoibh mar shealúchas.
54
Ní foláir daoibh é a roinnt ar cranna idir bhur bhfiní. D' fhine mór tugaigí oidhreacht bhreise, agus d' fhine beag oidhreacht níos lú. Mar a dtitfidh an crann, do gach duine, sin é a bheidh aige. Bíodh bhur n-oidhreacht agaibh de réir na dtreibheanna sinseartha.
55
Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh,
56
agus tabharfaidh mé oraibhse an íde a mheasas a thabhairt orthusan.'»
← Chapter 32
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 34 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36