bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 27
Numbers 27
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 28 →
1
Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.
2
Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt:
3
«Fuair ár n-athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air.
4
Cén fáth go gcaillfí ainm ár n-athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.»
5
Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna.
6
Dúirt an Tiarna le Maois:
7
«Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n-athar, agus fág oidhreacht a n-athar fúthu.
8
Agus abair le clann Iosrael: 'Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne.
9
Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha.
10
Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar.
11
Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.'»
12
Dúirt an Tiarna le Maois: «Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.
13
Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.
14
Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m' aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m' ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.» (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)
15
Dúirt Maois leis an Tiarna:
16
«Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,
17
fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.»
18
Agus dúirt an Tiarna le Maois: «Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air;
19
ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d' orduithe dó ina láthair.
20
Roinn cuid de d' údarás leis d' fhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó.
21
Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.»
22
Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna. Rug sé leis Iósua agus chuir é faoi bhráid Eileázár agus an chomhthionóil go léir.
23
Leag sé a lámha air agus thug orduithe dó mar a d' aithin an Tiarna trí Mhaois.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36