bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 31
Numbers 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2
«Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.»
3
Dúirt Maois leis an bpobal: «Gabhadh cuid agaibh airm chugaibh, d' fhonn cogadh a chur ar an Midiánach agus díoltas an Tiarna a imirt ar an Midiánach.
4
Seolaigí míle fear as gach treibh d' Iosrael chun an chatha.»
5
Ar an gcuma sin fuarthas, ó shluaite Iosrael, dhá mhíle dhéag fear le harm troda, míle ó gach treibh.
6
Sheol Maois chun cogaidh iad míle as gach treibh agus Píneachás mac Eileázár an sagart leo ag iompar na soithí naofa agus na dtrumpaí chun an gháir a thógáil.
7
D' fhearadar cogadh ar Mhidián mar a d' ordaigh an Tiarna agus chuireadar gach mac máthar chun báis.
8
Mharaíodar chomh maith, de bharr ar an ár, rithe Mhidián Eiví, Reicim, Zúr, Húr agus Reaba, cúig rí Mhidián. D' imríodar bás de rinn claímh leis ar Bhalám mac Bheór.
9
Ghabh clann Iosrael mná agus miondaoine Mhidián ina gcimí, agus rugadar leo mar chreach a dtáinte, a dtréada agus a maoin go léir.
10
Chuireadar tine leis na cathracha go léir inar chónaíodar, agus lena n-áitribh go léir.
11
Rugadar leo a gcreach go léir, a raibh gafa acu idir dhuine agus bheithíoch,
12
agus thugadar idir chimí agus bhraid agus chreach, go Maois agus go Eileázár an sagart agus go comhthionól chlann Iosrael go léir sa champa ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin, sall ó Ireachó.
13
Chuaigh Maois agus Eileázár an sagart, agus ceannairí uile an chomhthionóil amach lasmuigh den champa ina gcoinne.
14
Bhí fearg ar Mhaois le ceannasaithe an airm, ceannairí na mílte, agus ceannairí na gcéadta, a d' fhill ón bhfeachtas míleata sin.
15
Chuir Maois an cheist: «Cén fáth a ndearna sibh anacal anama ar na mná go léir?»
16
«Féach,» ar sé, «is iadsan an dream ceannann céanna a thug ar chlann Iosrael, trí chomhairle Bhalám, dul amú agus an Tiarna a shéanadh i ngnó úd Pheór, agus sin é mar a bhuail an phlá comhthionól an Tiarna.
17
Cuirigí chun báis dá bhrí sin gach leanbh mic ar na miondaoine. Cuirigí chun báis chomh maith gach bean a luigh le fear.
18
Déanaigí anacal anama ar gach ógbhean nár luigh le fear, agus tógaigí chugaibh féin iad.
19
Maidir libh féin, aon duine agaibh a mharaigh fear nó a bhain le corpán, lonnaíodh sé lasmuigh den champa ar feadh seacht lá; déanaigí sibh féin agus bhur gcimí a íonghlanadh ar an tríú agus ar an seachtú lá;
20
íonghlanaigí chomh maith bhur n-éidí gach ball éadaigh de leathar nó de rón gabhair, agus gach ní déanta d' adhmad.»
21
Dúirt Eileázár an sagart leis na saighdiúirí a tháinig abhaile ón bhfeachtas seo: «Reacht den dlí,» ar sé, «is ea é seo a d' aithin an Tiarna do Mhaois.
22
Ach an t-ór, an t-airgead, an cré-umha, an t-iarann, an stán agus an luaidhe
23
gach rud a sheasann tine, ní foláir é a chur tríd an tine agus beidh sé glan, ach ní foláir é a ghlanadh leis le huisce an ghlanta. Cibé rud nach seasfadh tine, ní foláir daoibh é a chur trí uisce.
24
Nígí bhur gcuid éadaigh ar an seachtú lá agus beidh sibh glan ansin. Ní miste daoibh filleadh ar an gcampa ansin.»
25
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
26
«Déan-sa, tú féin agus Eileázár an sagart, agus ceannairí theaghlaigh athartha an chomhthionóil, an chreach a ríomhadh idir dhuine agus ainmhí.
27
Ansin roinn an chreach ina dhá leath idir lucht troda an fheachtais agus an chuid eile den chomhthionól.
28
Cuir i leataobh mar chuid ranna don Tiarna as roinn na muintire a chuaigh amach ag troid san fheachtas, ceann as gach cúig céad cime agus damh agus asal agus caora.
29
Tóg iadsan as an leathroinn is dual dóibh agus tabhair iad do Eileázár an sagart mar íobairt don Tiarna.
30
As an leath atá ag dul do chlann Iosrael tóg ceann as gach caoga cime, agus damh, agus asal agus caora agus ainmhí ar bith eile, agus tabhair iad do na Léivítigh ar a bhfuil cúram thaibearnacal an Tiarna.»
31
Rinne Maois agus Eileázár an sagart mar a d' aithin an Tiarna do Mhaois.
32
Anois ba é seo méid na creiche a d' fhan den bhraid a ghabh na saighdiúirí: sé chéad seachtó cúig mhíle de mhionairnéis,
33
seachtó dó míle eallach,
34
seasca haon míle asal,
35
agus, de chimí, tríocha dó míle bean ar fad nár luigh le fear.
36
Agus an leath ba chion na muintire a ghlac páirt sa chogadh seo é: trí chéad tríocha seacht míle cúig céad de mhionairnéis
37
dar chuid an Tiarna trí chéad seachtó cúig,
38
tríocha sé mhíle eallach dar chuid an Tiarna seachtó dó,
39
tríocha míle cúig céad asal dar chuid an Tiarna seasca haon,
40
sé mhíle dhéag cime dar chuid an Tiarna tríocha dó.
41
Thug Maois do Eileázár an sagart an chuid a cuireadh i leataobh don Tiarna de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
42
Maidir leis an leath ba dhual do chlann Iosrael, rud a chuir Maois ar leithrigh ó chuid na gcogthach,
43
is é seo an méid a bhí sa leath leis an gcomhthionól: trí chead tríocha seacht mhíle cúig céad de mhionairnéis,
44
tríocha sé mhíle eallach,
45
tríocha míle cúig céad asal,
46
sé mhíle dhéag cime.
47
As an leath seo, cion chlann Iosrael, thóg Maois ceann as gach caoga cime agus ainmhí, agus thug iad do na Léivítigh ar a raibh cúram thaibearnacal an Tiarna, de réir treoracha an Tiarna do Mhaois.
48
Ceannasaithe na sluaite a throid, ceannairí na mílte agus ceannairí na gcéadta, thángadar go Maois
49
agus dúradar le Maois: «Chomhairigh do searbhóntaí na saighdiúirí faoina gceannas; níl fear ar iarraidh uainn.
50
Thugamar dá bhrí sin mar ofráil don Tiarna na seoda óir a fuaireamar slabhraí rí agus géag, fáinní, cluasáin, agus dealga chun go ndéanfaí gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar ár son i láthair an Tiarna.»
51
Ghlac Maois agus Eileázár an sagart leis an ór seo, leis na seoda seo, uathu.
52
Agus an t-ór go léir a d' ofráladar don Tiarna sé méid a bhí ann sé mhíle dhéag, seacht gcéad agus caoga seicil; na ceannairí míle agus na ceannairí céad, is iad a bhronn.
53
Rug gach saighdiúir a chreach féin leis.
54
Ach thóg Maois agus Eileázár an sagart an t-ór ó na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus thugadar leo isteach i mBoth na Teagmhála é mar chuimhneachán ar chlann Iosrael i bhfianaise an Tiarna.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36