bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 32
Numbers 32
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
1
Bhí táinte móra de bha breátha ag clann Reúbaen agus ag clann Ghád. Chonaiceadar anois gurb an-áit do stoc dúiche Iazaer agus dúiche Ghileád.
2
Chuaigh más ea clann Ghád agus clann Reúbaen go dtí Maois agus Eileázár an sagart agus go dtí ceannairí an chomhthionóil agus dúradar leo:
3
«Dúiche Atárot agus Díobon agus Iazaer agus Nimreá agus Heisbeon agus Eileálae agus Seabám agus Neabó agus Beon,
4
an dúiche a ghabh an Tiarna i bhfianaise chomhthionól Iosrael, is breá an talamh é do thógail stoic, agus tá stoc ag do shearbhóntaí.
5
Más fiú sinn do chairdeas,» ar siad, «tabhair an talamh seo i seilbh do shearbhóntaí; ná cuir d' iallach orainn dul thar Iordáin.»
6
Dúirt Maois le clann Ghád agus clann Reúbaen: «Tá bhur mbráithre ag dul chun cogaidh an bhfuil sibh sásta fanacht mar a bhfuil sibh?
7
Cad ab áil libh ag cur drochmhisneach ar chlann Iosrael dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh?
8
Sin é mar a rinne bhur n-aithreacha nuair a sheol mé iad ó Cháidéis Bairnéa d' fhonn an tír a bhrath.
9
Ghabhadar suas go Gleann Eisciol agus thaiscéaladar an tír, ach d' fhágadar clann Iosrael gan de mhisneach acu dul isteach sa tír a thug an Tiarna dóibh.
10
Uime sin las fraoch feirge an Tiarna an lá sin agus mhionnaigh sé mar leanas:
11
' Ambasa nach bhfaighidh aon fhear den dream a tháinig amach as an Éigipt, atá fiche bliain nó breis, radharc ar an tír a gheallas d' Abrahám, d' Íosác, agus do Iacób. Óir níor leanadar mé go dílis
12
seachas Cálaeb mac Iafuna an Cinizeach agus Iósua mac Nún mar leanadar seo an Tiarna go dílis.'
13
Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna.
14
Seo sibhse anois ag éirí in áit bhur n-aithreacha, a chraobh de cheap na bpeacaí ag cur le fraoch feirge lasánta an Tiarna in aghaidh Iosrael!
15
Má iompaíonn sibh agus gan é a leanúint, fágfaidh sé níos sia fós san fhásach iad, agus tabharfaidh sibh díth ar an bpobal seo ar fad.»
16
Thángadar ina chóngar agus dúradar: «B' áil linn cróite a thógáil anseo dár dtréada agus cathracha dár miondaoine;
17
ach tógfaimid féin airm inár lámha le dul ar aghaidh roimh chlann Iosrael go dtí go dtabharfaimid iad chun na háite atá in áirithe dóibh; fanfaidh ár miondaoine sna cathracha daingne, slán ó mhuintir na tíre.
18
Ní fhillfimid ar ár mbaile go mbeidh gach duine de chlann Iosrael i seilbh a oidhreachta.
19
Óir beimidne gan oidhreacht leosan ar an taobh eile den Iordáin nó níos sia ar aghaidh, mar is anseo, lastoir den Iordáin, a bhaineamar amach ár n-oidhreacht.»
20
Dúirt Maois leo ansin: «Má dhéanann sibh de réir bhur mbriathra, agus arm a thógáil in bhur lámha le dul ar aghaidh sa chath roimh an Tiarna,
21
agus má ghabhann gach duine agaibh a iompraíonn arm thar an Iordáin roimh an Tiarna, nó go dtiomáinfidh sé a naimhde go léir amach roimhe,
22
ansin, nuair a bheidh an tír ar a láimh ag an Tiarna, ní miste sibh a fhilleadh; beidh sibh saor ó bhur ndualgas don Tiarna agus do Iosrael; agus beidh an tír seo mar sheilbh oidhreachta agaibh i láthair an Tiarna.
23
Ach mura ndéanann sibh amhlaidh, beidh peaca á dhéanamh agaibh in aghaidh an Tiarna, agus is deimhin go dtiocfaidh bhur bpeaca oraibh.
24
Déanaigí cathracha dá bhrí sin do bhur miondaoine agus cróite do bhur dtréada; ach déanaigí beart leis de réir bhur mbriathra.»
25
Dúirt clann Ghád agus clann Reúbaen le Maois: «Déanfaidh do shearbhóntaí mar a ordaíonn tú, a thiarna.
26
Fanfaidh ár miondaoine, ár mná, ár dtréada, agus ár dtáinte go léir ansiúd i gcathracha Ghileád,
27
ach do shearbhóntaí, gach fear le harm cogaidh ina láimh, rachaidh siad sall chun catha roimh an Tiarna amach mar a d' ordaigh tú, a thiarna.»
28
Ansin thug Maois treoracha ina dtaobh do Eileázár an sagart, do Iósua mac Nún, agus do cheannairí theaghlaigh athartha threibheanna Iosrael.
29
Dúirt Maois leo: «Má ghabhann gach fear a iompraíonn arm de chlann Ghád agus de chlann Reúbaen thar an Iordáin libh chun troid roimh an Tiarna amach, nuair a bheidh an tír faoi smacht agaibh, ansin tugaigí tír Ghileád ina seilbh.
30
Ach mura dtéann siad anonn faoi airm libh, ansin ní foláir dóibh a n-oidhreacht a bheith in bhur measc i dtír Chanán.»
31
D' fhreagair clann Ghád agus clann Reúbaen: «Déanfaimid ar ordaigh an Tiarna do do shearbhóntaí.
32
Rachaimid anonn faoi airm go tír Chanán roimh an Tiarna amach, ach ní foláir daoibh seilbh a fhágáil againn ar ár n-oidhreacht lastall den Iordáin.»
33
Thug Maois dóibh do chlann Ghád agus do chlann Reúbaen agus do leath-threibh Mhanaise mac Iósaef riocht Shíochón rí na nAmórach, ríocht Óg rí Bháiseán, an fearann agus a chathracha agus a chríocha, agus cathracha na duíche timpeall.
34
Thóg clann Ghád Díobon agus Atárot agus Aróéir,
35
agus Atrot Siófán agus Iazaer agus Iogbahá,
36
agus Béit Nimreá agus Béit Harán, cathracha daingne, agus cróite dá dtréada.
37
Thóg clann Reúbaen Heisbeon agus Eileálae agus Ciriátáím
38
agus Neabó agus Bál Meón (athraíodh a n-ainmneacha seo) agus Sibmeá. Thugadar ainmneacha ar na cathracha a thógadar.
39
Chuaigh clann Mháicír, mac Mhanaise, go Gileád. Ghabhadar seilbh air agus thiomáineadar amach na hAmóraigh a bhí ansiúd.
40
Thug Maois Gileád do Mháicír, mac Mhanaise, agus chuir sé faoi ann.
41
Chuaigh Iáír, mac Mhanaise, agus ghabh Bailte Hám agus thug Bailte Iáír orthu óna ainm féin.
42
Chuaigh Nobach agus ghabh Canát agus na bailte ina thimpeall agus thug Nobach, a ainm féin, air.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36