bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 2
Numbers 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 3 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2
«Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.
3
Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,
4
agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
5
Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,
6
agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
7
Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,
8
agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.
9
Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10
«Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,
11
agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
12
Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái,
13
agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
14
Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael,
15
agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
16
Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.
17
«Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.
18
«Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,
19
agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
20
Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr,
21
agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
22
Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní,
23
agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
24
Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.
25
«Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái,
26
agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
27
Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán,
28
agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
29
Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán,
30
agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas.
31
Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.»
32
Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear.
33
Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
34
Rinne clann Iosrael de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36