bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 30
Numbers 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 31 →
1
Labhair Maois le ceannairí threibheanna chlann Iosrael agus dúirt: «Seo mar a d' ordaigh an Tiarna:
2
Nuair a thugann duine móid, nó nuair a thugann sé geall faoi bhrí na mionn, ná briseadh sé a fhocal; cibé rud a gheall sé le focal béil, comhlíonadh sé é.
3
Má thugann bean móid don Tiarna, nó má thugann sí a briathar gill ina hóige agus í fós i dteach a hathar,
4
agus má chluineann seisean i dtaobh na móide nó an ghill lenar cheangail sí í féin, gan aon ní a rá léi, ansin bíodh an mhóid a thug sí, cibé sórt í, bailí agus bíodh an geall a thug sí, cibé sórt é, bailí.
5
Ach má chuireann a hathair ina coinne an lá a chluineann sé ina taobh, ní bheidh aon mhóid a thug sí bailí, ná aon gheall lenar cheangail sí í féin. Maithfidh an Tiarna di mar gur chuir a hathair ina coinne.
6
Má phósann sí agus í faoi cheangal móide nó focail éaganta gill a thug sí,
7
agus má chluineann a fear ina thaobh gan aon ní a rá léi an lá a chluineann, ansin bíodh a móideanna bailí agus bíodh na geallta a thug sí bailí.
8
Ach an lá a chluineann an fear é, má chuireann sé ina choinne os ard, ansin cuirfidh sé an mhóid a thug sí, nó an focal éaganta gill lenar cheangail sí í féin, ar ceal. Maithfidh an Tiarna di é.
9
Ach móid baintrí, nó mná scartha, nó aon gheall a thug sí, tá siad bailí.
10
Má thug sí móid i dteach a fir, nó má thug sí geall faoi bhrí na mionn,
11
agus gur chuala a fear faoi, gan aon ní a rá léi, agus gan cur ina choinne, ansin bíodh a móideanna go léir bailí is bíodh gach geall lenar cheangail sí í féin bailí.
12
Ach má chuireann a fear ar ceal iad an lá a chluineann sé iad, ní bheidh brí ag focal a béil, móid ná geall. Ó chuir a fear ar ceal iad, maithfidh an Tiarna di iad.
13
Aon mhóid nó mionn a luíonn ar bhean, is féidir dá fear é a dhaingniú nó é a chealú.
14
Ach mura mbíonn rud éigin ráite aige faoi cheann lae, ciallaíonn seo go bhfuil a móid, cibé sórt í, nó a geall, cibé sórt é, á dhaingniú aige. Tugann sé bailíocht dóibh mura ndeir sé rud éigin an lá a chuala sé fúthu.
15
Ach más níos sia ná sin tar éis iad a chlos a chuireann sé ar ceal iad, ansin bíodh ualach pheaca a mhná air.»
16
Sin iad na reachtanna a d' aithin an Tiarna do Mhaois i dtaobh mar atá idir fear agus a bhean, agus idir athair agus a iníon fad tá sí óg agus ag maireachtáil faoi dhíon a hathar.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36