bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 36
Numbers 36
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
1
Ansin tháinig cinn finí shliocht chlann Ghileád mac Mháicír mac Mhanaise, sliocht de chlann Iósaef, chun tosaigh agus labhraíodar le Maois agus leis na taoisigh, cinn finí chlann Iosrael, agus dúradar:
2
«D' ordaigh an Tiarna duit, a uasail, an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael. Agus d' ordaigh an Tiarna duit, a uasail, oidhreacht ar ndearthár Zalofachád a thabhairt dá iníonacha.
3
Anois má phósann siadsan duine as treibh eile de chlann Iosrael bainfear a maoin d' oidhreacht ár n-aithreacha. Cuirfear breis le maoin na treibhe lena mbainfidh siad, agus laghdófar ar an maoin a roinneadh orainne.
4
Nuair a thiocfaidh iubhaile chlann Iosrael ansin cuirfear a n-oidhreacht sin le hoidhreacht na treibhe lena mbainfidh siad ansin, agus bainfear í d' oidhreacht threibh ár n-aithreacha.»
5
Ar ordú an Tiarna thug Maois an bhreith seo do chlann Iosrael; dúirt sé: «Tá an ceart ag treibh chlann Iósaef.
6
Seo é breith an Tiarna i gcás iníonacha Zalofachád: 'Pósaidís a rogha, ach pósaidís laistigh de shliocht threibh a n-athar.
7
Níl oidhreacht chlann Iosrael le hathrú ó threibh go treibh, óir tá gach fear ar chlann Iosrael le cloí le hoidhreacht threibh a aithreacha.
8
Agus gach iníon ag a bhfuil oidhreacht i dtreibh de chlann Iosrael, ní foláir di pósadh i bhfine de threibh a hathar, i dtreo go mbeidh oidhreacht a aithreacha ag gach duine de chlann Iosrael.
9
Ná hathraítear aon oidhreacht ó threibh go treibh eile; cloíodh gach treibh de chlann Iosrael lena n-oidhreacht féin.'»
10
Rinne iníonacha Zalofachád mar a d' aithin an Tiarna do Mhaois.
11
Phós Machlá, Tirzeá, agus Hoglá, agus Milceá, agus Noá, iníonacha Zalofachád, mic deartháireacha a n-athar.
12
Ós rud é gur phósadar i bhfiní chlann Mhanaise mhic Iósaef, d' fhill a n-oidhreacht ar threibh fhine a n-athar.
13
Sin iad na haitheanta agus na dlithe a d' aithin an Tiarna do chlann Iosrael trí Mhaois ar bhánta Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36