bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 34
Numbers 34
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 35 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2
«Tabhair an t-ordú seo leanas do chlann Iosrael: 'Nuair a rachaidh sibh isteach i dtír Chanán, seo iad na críocha a bheidh mar oidhreacht agaibh; seo é tír Chanán á rianú ag a theorainneacha:
3
Sínfidh deisceart bhur gcríoch ó fhásach Zin ar theorainn Eadóm. Tosóidh teorainn theas bhur dtíre ag imeall Mhuir an tSalainn thoir
4
agus casfaidh sí ó dheas i dtreo Ard na Scairpeanna agus trasna go Zin agus ag stad laisteas de Cháidéis Bairnéa; rachaidh sí as sin i dtreo Hazar Adár agus ar aghaidh go Azmon.
5
Casfaidh an teorainn ó Azmon i dtreo Shileán na hÉigipte agus stadfaidh sí ag an Muir.
6
Beidh an Mhuir Mhór ar bhur bhfeorainn agus is í a bheidh mar theorainn thiar agaibh.
7
Sé seo a bheidh mar theorainn thuaidh agaibh: tarraing líne duit féin ón Muir Mhór go Sliabh Hor;
8
ansin ó Shliabh Hor tarraing líne go Bealach Hamát, agus beidh deireadh na teorann ag Zadád.
9
As sin sínfidh an teorainn ar aghaidh go Ziofron agus beidh deireadh léi ag Hazar Éarnán. Sin í bhur dteorainn thuaidh.
10
Ansin cinntígí bhur dteorainn thoir ó Hazar Éanan go Seafám.
11
Rachaidh an teorainn ó dheas ó Sheafám go Ribleá lastoir de Áín. Níos sia ó dheas fanfaidh sí lastoir de Mhuir Chinirit.
12
Ansin leanfaidh an teorainn an Iordáin agus beidh deireadh léi ag Muir an tSalainn. Sin é agaibh bhur dtír lena theorainneacha mórthimpeall.'»
13
Ansin thug Maois ordú do chlann Iosrael á rá: «Sin é an tír atá le roinnt ar cranna agaibh, an tír a d' aithin an Tiarna a thabhairt do na naoi dtreibheanna go leith;
14
óir treibh chlann Reúbaen gona bhfiní sinseartha, agus treibh chlann Ghád gona bhfiní sinseartha, tá a n-oidhreacht faighte acu cheana féin; mar an gcéanna le leath threibh Mhanaise.
15
Tá a n-oidhreacht faighte ag an dá threibh go leith sin cheana féin lastall den Iordáin ar aghaidh Ireachó sall, soir i dtreo éirí gréine.»
16
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
17
«Seo iad ainmneacha na dtaoiseach a roinnfidh an fearann oraibh mar oidhreacht: Eileázár an sagart agus Iósua mac Nún;
18
tógaigí taoiseach as gach treibh chun an fearann a roinnt mar oidhreacht.
19
Seo iad ainmneacha na bhfear sin: Do threibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.
20
Do threibh chlann Shímeon, Seamúéil mac Aimíohúd.
21
Do threibh Bhiniáimin, Eilídeád mac Chisleon.
22
Do threibh chlann Dhán, mar thaoiseach, Bucaí mac Ioglaí.
23
Do chlann Iósaef: do threibh chlann Mhanaise, mar thaoiseach, Hainíéil mac Éafod.
24
Do threibh chlann Eafráim, mar thaoiseach, Camúéil mac Shifteán.
25
Do threibh chlann Zabúlun, mar thaoiseach, Eilíozáfán mac Pharnác.
26
Do threibh chlann Íosácár, mar thaoiseach, Pailtíéil mac Azán.
27
Do threibh chlann Áiséar, mar thaoiseach, Aichíhiúd mac Shealomaí.
28
Do threibh chlann Naftáilí, mar thaoiseach, Padahael mac Aimíohúd.»
29
Sin iad na fir dár ordaigh an Tiarna tír Chanán a roinnt mar oidhreacht ar chlann Iosrael.
← Chapter 33
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 35 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36