bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 20
Numbers 20
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 21 →
1
An chéad mhí tháinig clann Iosrael, an comhthionól go léir, isteach i bhfásach Zin. Chuir na daoine fúthu i gCáidéis. Ansiúd a fuair Miriám bás agus a adhlacadh í.
2
Ní raibh uisce ann don chomhthionól, agus chuireadar go léir le chéile in aghaidh Mhaois agus Árón.
3
Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: «Uch gan sinn a fháil bháis,» ar siad, «mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna!
4
Cad ab áil libh ag tabhairt comhthionól an Tiarna amach san fhásach seo, díreach d' fhonn go bhfaighimís bás anseo sinn féin agus ár n-eallach?
5
Cén fáth ar sheol sibh amach as an Éigipt sinn le teacht chun na háite danartha seo? Ní aon áit é d' arbhar, ná do fhigí, do fhíniúna ná do phomagránaití agus níl aon uisce le hól ann.»
6
Ansin d' imigh Maois agus Árón ón gcomhthionól agus tháinig go doras Bhoth na Teagmhála. Chaitheadar iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla ar an talamh, agus thaispeáin gloir an Tiarna í féin dóibh.
7
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
8
«Tóg an tslat agus cruinnigh an pobal, tú féin agus do dheartháir Árón, agus ansin os comhair a súl, ordaígí don charraig a huisce a thabhairt uaithi. Cuirfidh tú uisce ag sní as an gcarraig dóibh agus tabharfaidh tú deoch don chomhthionól agus dá eallach.»
9
Thóg Maois an chraobh ó láthair an Tiarna mar a d' ordaigh sé dó.
10
Ansin ghair Maois agus Árón an comhthionól le chéile os comhair na carraige agus dúirt leo: «Éistigí anois a lucht na ceannairce! An dtabharfaimid uisce ina shruth as an gcarraig seo daoibh?»
11
D' ardaigh Maois a lámh agus bhuail sé an charraig faoi dhó leis an tslat, agus tháinig uisce amach ina thuile agus d' ól an comhthionól agus a n-eallach deoch.
12
Ansin dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón: «De bhrí nár chreid sibh go bhféadfainn mé féin a naomhú os comhair súile chlann Iosrael, ní threoróidh sibh an pobal seo isteach sa tír atá á thabhairt agam dóibh.»
13
Sin iad uiscí Mhiríbeá (Conspóide) mar a raibh clann Iosrael ag conspóid leis an Tiarna agus gur thaispeáin sé gur naofa é ina measc.
14
Sheol Maois teachtairí ó Cháidéis: «Do rí Eadóm. Teachtaireacht ó do bhráthair Iosrael. Is maith is eol duit an cruatan go léir a luigh orainn;
15
chuaigh ár sinsir síos go dtí an Éigipt agus d' fhanamar ann tamall fada. Ach thug na hÉigiptigh drochíde orainn mar a thugadar ar ár sinsir.
16
Ghlaomar chun an Tiarna; d' éist sé linn agus chuir sé aingeal chugainn chun sinn a thabhairt amach as an Éigipt. Táimid anois i gCáidéis, cathair ar imeall do chríche.
17
Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.»
18
Ach d' fhreagair Eadóm é: «Ná gabh trí mo chríochasa nó tiocfaidh mé amach chun tú a ionsaí.»
19
Dúirt clann Iosrael leis: «An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d' uisce, mise féin nó m' eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.»
20
D' fhreagair Eadóm: «Ní dhéanfaidh sibh,» agus tháinig Eadóm amach ina n-aghaidh le slua mór agus le tréan-neart.
21
Dhiúltaigh Eadóm cead slí trína chríocha d' Iosrael, ar an gcuma sin, agus chas Iosrael i leataobh uaidh.
22
Chuireadar chun bothair ó Cháidéis agus tháinig comhthionól chlann Iosrael go léir go Sliabh Hor.
23
Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón ag Sliabh Hor ar theorainn chríocha Eadóm.
24
«Ní foláir,» ar sé, «Árón a chruinniú chun a mhuintire; óir níl sé le dul isteach sa tír a thug mé do chlann Iosrael, óir rinne sibh ceannairc i m' aghaidh ag uiscí Mhiríbeá.
25
Beir leat Árón agus a mhac Eileázár agus tabhair suas go Sliabh Hor iad.
26
Ansin bain a éidí d' Árón agus cuir ar a mhac Eileázár iad; cruinneofar Árón chun a mhuintire agus gheobhaidh sé bás ansiúd.»
27
Rinne Maois mar a d' ordaigh an Tiarna. Chuadar suas go Sliabh Hor i radharc an chomhthionóil uile.
28
Bhain Maois a éidí d' Árón agus chuir ar Eileázár a mhac iad. Agus fuair Árón bás ansiúd ar bharr an tsléibhe. Ansin tháinig Maois agus Eileázár anuas ón sliabh.
29
Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36