bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 23
Numbers 23
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 24 →
1
Dúirt Balám le Bálác: «Tóg seacht n-altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.»
2
Rinne Bálác mar a d' iarr Balám agus d' ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir.
3
Dúirt Balám ansin le Bálác: «Seas láimh le d' íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b' fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.» Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.
4
Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: «Dheasaigh mé na seacht n-altoirí agus d' ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n-íobairt loiscthe.»
5
Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: «Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.»
6
Chuaigh Balám ar ais chuige agus b' shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall.
7
Ansin reac sé a laoi agus dúirt: «Thug Bálác leis mé ó Arám, rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir. ' Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom, agus déan aoir ar Iosrael.'
8
Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air? Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?
9
Feicim é ó bharr na sléibhte, agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é: Pobal ag maireachtáil leo féin, nach n-áiríonn iad féin ar na ciníocha.
10
Cé d' fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh? Cé d' fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh? Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa! Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.»
11
Dúirt Bálác le Balám: «Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!»
12
D' fhreagair Balám: «Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?»
13
Dúirt Bálác leis: «Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.»
14
Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n-altóirí ansiúd agus d' ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.
15
Duirt Balám le Bálác: «Seas taobh le d' íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.»
16
Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: «Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.»
17
Chuaigh Balám ar ais chuige agus b' shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: «Cad dúirt an Tiarna?»
18
Ansin reac Balám a laoi agus dúirt: «Éirigh, a Bhálác, agus éist! Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.
19
Ní duine é Dia go n-inseodh sé bréag, ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne. An dual dó ' sea' a rá, gan an beart a dhéanamh, a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?
20
Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt; beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.
21
Ní fhaca mé urchóid in Iacób. Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael. Tá an Tiarna a nDia faru,
22
Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.
23
Níl briocht in Iacób; ná tuar asarlaíochta in Iosrael. Fág go ndeir daoine le Iacób, agus go ndeir siad le hIosrael: 'Cén t-iontas a rinne Dia?'
24
seo pobal, amhail banleon ag éirí, ar tinneall mar leon ar tí léim, agus nach luíonn go n-alpann a chreach, agus go slogann fuil ar mharaigh sé.»
25
Dúirt Bálác le Balám: «Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.»
26
D' fhreagair Balám Bálác: «Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?»
27
«Téanam más ea,» arsa Bálác le Balám, «béarfaidh mé go láthair eile thú. B' fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.»
28
Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh.
29
Ansin dúirt Balám le Bálác: «Tóg seacht n-altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.»
30
Rinne Bálác mar a d' iarr Balám agus d' ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36