bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 24
Numbers 24
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 25 →
1
Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach.
2
D' ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air
3
agus chan sé a laoi, agus dúirt: «Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
4
céalmhaine an té a chluineann briathar Dé. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
5
Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib! nach álainn iad d' áitribh, a Iosrael.
6
Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin, nó luibhghoirt ar insí abhann, nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna, nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!
7
[Tá laoch ag eascar as a síol agus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.] Is mó ná Agag a rí, agus uaisleofar a mhórgacht.
8
Tugann Dia as an Éigipt amach é; is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann. Alpann sé conablach a naimhde, agus déanann sé mionramh dá gcnámha agus tollann iad lena shaigheada.
9
Chúb sé chuige, agus luigh, mar leon, mar bhanleon. Cé leomhfadh é chur ina shuí? Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe; gura mallaithe lucht bhur mallaithe.»
10
Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: «Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu!
11
Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.»
12
Thug Balám freagra ar Bhálác: «Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam:
13
' Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d' ór agus d' airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.'
14
Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.»
15
Ansin chan sé a laoi, agus dúirt: «Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
16
céalmhaine an té a chluineann briathar Dé, agus ar fios dó eolas an Té is Airde. Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil; faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.
17
Feicim é ach ní anois é; faighim radharc air ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.
18
Cuirtear Eadóm as seilbh, agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad, agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.
19
Ceansaíonn Iacób a naimhde, agus scriosann sé na teifigh ó Ár.»
20
Ansin d' fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt: «Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha, ach dísceofar a shliocht go brách.»
21
Ansin d' fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt: «Ba dhaingean é do theach, a Cháin, agus do nead suite go hard sa charraig.
22
Ach is le Beór an nead, agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?»
23
[Ansin d' fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt: «Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh,
24
longa ó chóstaí Chitím. Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir. Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.»
25
Ansin d' éirigh Balám, agus d' imigh leis abhaile. D' imigh Bálác leis chomh maith.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36