bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 8
Numbers 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 9 →
1
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2
«Abair le hÁrón: 'Nuair a dhéanfaidh tú na lampaí a chóiriú, ní foláir do na seacht lampaí a solas a chaitheamh amach os comhair an choinnleora.'»
3
Rinne Árón amhlaidh. Chóirigh sé na lampaí le solas a chaitheamh os comhair an choinnleora mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois.
4
Ba d' ór buailte an coinnleoir, idir chrann agus bheangáin ba d' ór buailte iadsan chomh maith. Rinneadh an coinnleoir de réir an phatrúin a thaispeáin an Tiarna do Mhaois.
5
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
6
«Scar na Léivítigh ó chlann Iosrael agus íonaigh iad.
7
Seo mar atá siad le híonú agat: Croith íonuisce orthu, agus bearraidís a gcorp ar fad agus nídís a gcuid éadaigh. Beidh siad glan ansin.
8
Faighidís tarbh óg ansin leis an abhlann de phlúr mín measctha le hola a ghabhann leis, agus faigh-se tarbh óg eile d' íobairt pheaca.
9
Ansin tabhair na Léivítigh os comhair Bhoth na Teagmhála, agus gair le chéile comhthionól uile chlann Iosrael.
10
Nuair a bhéarfaidh tú na Léivítigh i láthair an Tiarna, leagadh clann Iosrael a lámha orthu.
11
Ofráladh Árón na Léivítigh ansin mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna thar ceann chlann Iosrael. As sin amach beidh siad tíolactha do sheirbhís an Tiarna.
12
«Leagadh na Léivítigh ansin a lámha ar cheann na dtarbh, agus déan-sa ceann acu a ofráil mar íobairt pheaca, agus an ceann eile mar íobairt loiscthe don Tiarna. Sin mar atá an gnás leorghnímh ar son na Léivíteach le comhlíonadh.
13
Tar éis duit na Léivítigh a chur faoi bhráid Árón agus a chlann mhac, ofráil don Tiarna iad mar dhleacht ar leith.
14
Sin mar atá na Léivítigh le cur i leataobh ón gcuid eile de chlann Iosrael i dtreo go mba liomsa iad.
15
Tosóidh na Léivítigh ansin ar a seirbhís i mBoth na Teagmhála. «Ní foláir duit iad a ghlanadh agus a ofráil mar dhleacht ar leith,
16
óir tugadh dom go hiomlán mar thoirbheartaigh iad ó i measc chlann Iosrael, agus tá siad le bheith ina n-áit siúd a d' oscail an bhroinn, na céadghinte; rinne mé mo chuid féin díobh as clann Iosrael go léir.
17
Óir is liomsa gach céadghin ar chlann Iosrael, idir fhear agus ainmhí; an lá a mharaigh mé gach céadghin i dtír na hÉigipte, rinne mé iad a choisreacan dom féin,
18
agus anois thóg mé na Léivítigh in áit gach céadghin ar chlann Iosrael.
19
Thug mé na Léivítigh d' Árón agus dá mhaca mar thoirbheartaigh de chlann Iosrael; déanfaidh siad seirbhís i mBoth na Teagmhála thar ceann chlann Iosrael, agus comhlíonfaidh siad gnás an leorghnímh ar son chlann Iosrael i dtreo nach mbuailfeadh aon phlá iadsan má rachadh aon chuid de chlann Iosrael i ngar don sanctóir.»
20
Sin mar a rinne Maois agus Árón agus comhthionól uile chlann Iosrael leis na Léivítigh, go cruinn beacht mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois i dtaobh na Léivíteach; sin mar a rinne clann Iosrael leo.
21
Ghlan na Léivítigh iad féin ó pheaca, agus nigh siad a gcuid éadaigh; d' ofráil Árón iad mar dhleacht ar leith i láthair an Tiarna. Ansin chomhlíon Árón gnás an leorghnímh thar a gceann á nglanadh.
22
Ansin ghabh na Léivítigh isteach chun a seirbhís a dhéanamh i mBoth na Teagmhála ag fónamh d' Árón agus dá mhaca. Rinneadh leis na Léivítigh de réir mar a d' ordaigh an Tiarna do Mhaois ina dtaobh.
23
Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
24
«Baineann sé seo leis na Léivítigh. Ó aois a cúig fichead amach, ní foláir do na Léivítigh dul isteach chun a gcúram a chomhlíonadh ag freastal i mBoth na Teagmhála.
25
Ó aois leathchéad amach níl aon cheangal ar Léivíteach freastal agus ná déanadh sé freastal a thuilleadh,
26
ach déanadh sé fónamh dá bhráithre i mBoth na Teagmhála, chun an tseirbhís a chinntiú; ach ná déanadh sé féin áon seirbhís a thuilleadh. Féach chuige gurb í sin an riail do sheirbhís na Léivíteach.»
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36