bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Numbers 7
Numbers 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
1
An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige
2
rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh.
3
Thugadar a n-ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D' ofráladar iad os comhair an taibearnacail.
4
Dúirt an Tiarna ansin le Maois:
5
«Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.»
6
Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad.
7
Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu.
8
Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.
9
Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.
10
Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d' ofráil na ceannairí a n-ofráil os comhair na haltóra.
11
Dúirt an Tiarna le Maois: «Ofrálaidís a n-ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.»
12
Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;
13
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
14
mias óir deich seicil lán de thúis;
15
tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
16
pocán gabhair don íobairt pheaca,
17
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.
18
Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil;
19
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
20
mias óir deich seicil lán de thúis;
21
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
22
pocán gabhair don íobairt pheaca,
23
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár.
24
Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil;
25
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
26
mias óir deich seicil lán de thúis;
27
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
28
pocán gabhair don íobairt pheaca,
29
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíáb mac Haelon.
30
Ar an gceathrú lá sé Eilíozúr mac Shidéúr ceann chlann Reúbaen a thug an ofrail;
31
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad seo araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
32
mias óir deich seicil lán de thúis;
33
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
34
pocán gabhair don íobairt pheaca,
35
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíozúr mac Shidéúr.
36
Ar an gcúigiú lá sé Sealuimíéil mac Zúiríseadái ceann chlann Shímeon a thug an ofráil;
37
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctora is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
38
mias óir deich seicil lán de thúis;
39
tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
40
pocán gabhair don íobairt pheaca,
41
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Shealuimíéil mac Zúiríseadái.
42
Ar an séú lá sé Eiliásáf mac Dheúael, ceann chlann Ghád a thug an ofráil;
43
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
44
mias óir deich seicil lan de thúis;
45
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
46
pocán gabhair don íobairt pheaca,
47
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eiliásáf mac Dheúael.
48
Ar an seachtú lá sé Eilíseámá mac Aimíohúd ceann chlann Eafráim, a thug an ofráil;
49
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
50
mias óir deich seicil lán de thúis;
51
tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
52
pocán gabhair don íobairt pheaca,
53
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíseámá mac Aimíohúd.
54
Ar an ochtú lá sé Gamailiéil mac Phadázúr ceann chlann Mhanaise a thug an ofráil;
55
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
56
mias óir deich seicil lán de thúis;
57
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
58
pocán gabhair don íobairt pheaca,
59
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr.
60
Ar an naoú lá sé Aibíodan mac Ghideoiní ceann chlann Bhiniáimin a thug an ofráil;
61
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
62
as óir deich seicil lan de thúis;
63
tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
64
pocán gabhair don íobairt pheaca,
65
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aibíodan mac Ghideoiní.
66
Ar an deichiú lá sé Aichíeizir mac Aimíseadái ceann chlann Dhán a thug an ofráil;
67
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
68
mias óir deich seicil lán de thúis;
69
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
70
pocán gabhair don íobairt pheaca,
71
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái.
72
Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil;
73
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
74
mias óir deich seicil lan de thúis;
75
tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
76
pocán gabhair don íobairt pheaca,
77
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán.
78
Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt;
79
sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid seicil an tsanctóra is é sin agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
80
mias óir deich seicil lán de thúis;
81
tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
82
pocán gabhair don íobairt pheaca,
83
agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.
84
Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir;
85
mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil seicil an tsanctóra d' airgead sna soithí sin ar fad.
86
Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil seicil an tsanctóra an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d' ór sna báisíní sin ar fad.
87
Seo é líon iomlán na n-ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n-abhlanna; dhá phocán déag d' íobairt pheaca.
88
Agus líon iomlán na n-ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh.
89
Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36