bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 11
2 Chronicles 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 12 →
1
Agus an tan tháinic Rehoboam go Hierusalem, do chruinnigh sé do thigh Iúdah agus Beniamin céad agus ceithre fithchid míle do dhaóinibh toghtha, noch do bhí na luchd coguidh, do throid a naghuidh Israel, chor go ttiubhradh an rioghachd a rís do Rehoboam.
2
Acht tháinic bríathar an TIGHEARNA go Semaiah óglach Dé, dha rádh,
3
Labhair re Rehoboam mhac Solaimh, rígh Iúdah, agus ré a bhfuil Disrael ann Iúdah agus re Beniamin, ghá radh,
4
Is marso a deir an TIGHEARNA, Ní rachtáoi súas, agus ní mó throidfidhe a naghaidh bhur ndearbhráithreach: filleadh gach áon aguibh dá thigh: óir is misi do rinne an níse. Agus do umhluigheadarsan do bhríathruibh an TIGHEARNA, agus dfilleadar ó dhul a naghaidh Ieroboam.
5
¶ Agus do chomhnuigh Rehoboam ann Ierusalem, agus do rinne sé caithreacha dídin ann Iúdah.
6
Do rinne sé Bet‐lehem, agus Etam, agus Tecoa,
7
Agus Bet‐sur, agus Socho, agus Adullam,
8
Agus Gát, agus Maressa, agus Siph,
9
Agus Adoram, agus Lachis, agus Asecah,
10
Agus Sórah, agus Aiialon, agus Hébron, noch atá ann Iúdah agus a Mbeniamin caithreacha daingne.
11
Agus do dhaingnidh sé na caisléin láidre, agus do chuir se caiptínigh ionta, agus stór bidh, agus ola agus fíona.
12
Agus ann gach aon chathruigh fá leith do chuir sé scíatha agus gaethe, agus do rinne sé ro láidir íad, ar mbeith do Iúdah agus do Bheniamin dhá tháoibh.
13
¶ Agus thangadar na sagairt agus na Lebhítigh do bhí ann Israel uile chuige a ccóstuibh uile.
14
Oír dfagbhadar na Lebítigh a mbailte beaga agus a sealbh, agus thangadar go Iúdah agus Hierusalem: óir do theilg Ieroboam agus a mhic amach íad ó dhéanamh oifige an tsagairt don TIGHEARNA:
15
Agus do órduigh sé sagairt dó féin annsna háitibh árda, agus do na díabhluibh, agus do na láoghuibh do rinne sé féin.
16
Agus na ndiaigh sin as uile threabhuibh Israel an méid do shocruidh á ccroidhthe díarruidh an TIGHEARNA Día Israel thangadar go Hierusalem, díodhbuirt don TIGHEARNA Día a naithreadh.
17
Marsin do neartuigheadar rioghachd Iúdah, agus do rinneadar Rehoboam mac Soluimh láidir, trí blíadhna: óir do shiubhluigheadar trí blíadhna a slighe Dhaibhi agus Sholuimh.
18
¶ Agus thug Rehoboam chuige na mnáoi Mahalat inghean Ierimot mhic Dháibhi, agus Abihail inghean Eliab mhic Iesse;
19
Noch rug clann dó; Ieus, agus Semariah, agus Saham.
20
Agus na diáigh sin thug sé Maachah inghean Absolom; noch rug Abiiah dhó, agus Attaí, agus Sisa, agus Selomit.
21
Agus do ghrádhuigh Rehoboam Maachah inghean Absolom ós cionn a bhan uile agus a leannána: (óir thug sé ocht mná déag, agus trí fithchid leannán;) agus rugadh ocht mic fhithchíod dhó agus tri fithchid inghean.
22
Agus do rinne Rehoboam úachdarán do Abiiah mhac Maachah, do ríaghladh a measc a dhearbhráithreach: óir do sháoil sé rígh do dheanamh dhe.
23
Agus do rinne sé go críonna, agus do scáoil sé a chlann uile air fheadh chríoch Iúdah agus Bheniamin, da gach áon chathruigh dhaingin: agus do chuir sé lónn go lór leó. Agus do bhí dúil a niomad ban aige.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36