bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 7
2 Chronicles 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
1
Anois an tan do chríochnuigh Solamh a ghuidhe, tháinic an teine a núas ó neamh, agus do dhóith sí a nófráil loisge agus na híodhbartha; agus do líon glóir an TIGHEARNA an tigh.
2
Agus níor fhéudadar na sagairt dul a steach go tigh an TIGHEARNA, do bhrígh gur líon glóir an TIGHEARNA tigh an TIGHEARNA.
3
Agus an tan do chonncadar clann Israel uile mar tháinic an teine a núas, agus glóir an TIGHEARNA air an ttigh, do chromadar íad féin maille re na naighthibh chum na talmhan air a nurlár, agus do adhradar, agus do mholadar an TIGHEARNA, gha rádh, Oir is maith é; oír mairidh a thrócaire go bráth.
4
¶ Annsin da íodhbuir an rígh agus an pobal uile íodhbuirt as coinne an TIGHEARNA.
5
Agus do íodhbuir an rígh Solamh íodhbuirt fhithchid agus dá mhíle damh, agus chéud agus fithchid míle cáora: marsin do choisrig an rígh agus an pobal uile tigh Dé.
6
Agus do bhádar na sagairt ag feithiomh ar a noifig féin: na Lebhítigh mar an gcéadna le ionstruimentibh ceóil an TIGHEARNA, noch do rinne Dáibhi rígh do mholadh an TIGHEARNA, do bhrígh go mairionn a throcaire go bráth, a núair do mhol Dáibhi maille re na minostralachd sin; agus do shéideadar na sagairt na stuic rompa, agus do sheas Israel uile.
7
Tuilleamh eile fós do náomhuidh Solamh meadhón na cúirte noch do bhí as coinne thighe an TIGHEARNA: óir is annsin do ofráil sé ofrála loisge, agus méathus na nofráladh síothchána, do bhrígh nar thúill na hofrála loisge, agus na hofrála bídh, agus an méathus, air a naltóir phráis do rinne Solamh.
8
¶ Mar an gcéadna fa namsin féin do chonnuimh Solamh an féusta seachd lá, agus Israel uile na fhochair, coimhthionól romhór, ó dhul a steach Hámot go sruth na Hégipte.
9
Agus ar a nochdmhadh lá do rinneadar oireachdus sollamanta: óir do chongmhadar coisreagadh na haltóra seachd lá, agus an féasta seachd lá.
10
Agus air an treas lá fithchiod don tseachdmhadh mí dochuir sé an pobal úadh da ttighthibh, lúathgháireach súgach a ccroidhe ar son na maitheasa do thaisbéin an TIGHEARNA do Dháibhi, agus do Sholamh, agus dá phobal Israel.
11
Marso do chríochnuigh Solamh tigh an TIGHEARNA, agus tigh an rígh: agus a nuile ní dá ttáinic a gcroidhe Sholumh do dhéanamh a ttigh an TIGHEARNA, agus iona thigh fein, do chuir deireadh leis go seanamhuil.
12
¶ Agus dfoillsigh an TIGHEARNA é féin do Sholamh san noidhche, agus a dubhairt sé ris, Do chuála mé hurnaigh, agus do thogh mé an náitsi dhamh féin mar thigh íodhbartha.
13
Má dhruidim neamh, chor nach mbia fearthuinn ann, nó má fhúagruim do na lócustuibh an talumh do mhilleadh, nó má chuirim pláigh a measg mo phobail;
14
Má umhluighid mo phobal, noch ghoirthear am ainmsi, iad féin, agus guidhe, agus maghaidhsi díarruidh, agus filleadh ó na ndroichshlighthibh; annsin cluinfe misi ó fhlaitheamhnus, agus maithfe mé a bpeacadh, agus leigheosuidh mé a bhfearann.
15
Anois béid mo shúile foscuilte, agus mo chlúasa aireach don nurnaigh dhéantar annsa náitse.
16
Oír do thogh mé anois agus do noamhuigh mé an tighse, chor go mbía mainm ann go bráth: agus beíd mo shúile agus mo chroidhe ann a ccomhnuigh.
17
Agus air do shonsa, má shiubhluigheann tú am fhiadhnuise, mar do shiubhail hathair Dáibhi, agus a dhéanamh do reír a nuile neíthe dar aithin mé dhíot, agus go ccoimheadfa tú mo reachda agus mo breitheamhnuis;
18
Annsin cothochuidh mé cathaóir do rioghachda, do réir mo chunnartha red athair Dáibhi, dhá rádh, Ní fhailleochuidh duine dhíotsa bheith na úachdarán ann Israel.
19
Acht má fhilltí úaim, agus go ttréigfidhe mo statúidigh agus maitheanta, noch do chuir mé romhuibh, agus go rachtaói agus go ndéantaói serbhís do dheeibh oile, agus go nadhórthaói íad;
20
Ann sin tairreonga misi as a bhfréamhuibh amach íad as am bhfearann noch thug mé dhóibh; agus an tighse, noch do naómhuidh mé dom ainm, teilgfidh mé as mo radharc é, agus dó dhéana mé seanfhocal agus focal magaidh dhe a measc na nuile chineadhach.
21
Agus an tighse, ata árd, biáidh sé na úathbhás ar gach uile dhuine dá ngéabha seacha dhe; iondus go naibéora sé, Cred fa ndéarna an TIGHEARNA mar so ris an ttírsi, agus ris an ttighse?
22
Agus freagórthar é, Do bhrígh mar do thréigeadar an TIGHEARNA Día a naithreadh, noch thug amach íad as crích na Hégipte, agus gur ghreamuigheadar do dheeibh oile, agus dadhradar íad, agus go ndearnadar serbhís dhóibh: uimesin thug sé an tolcso uile orra.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36