bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 12
2 Chronicles 12
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 13 →
1
Agus tárla an tan do dhaingnidh Rehoboam san rioghachd, agus do neartuigh sé é féin, gur thréig sé dligheadh an TIGHEARNA, agus Israel uile maille ris.
2
Agus tárla, an cúigeadh bliadhan don rígh Rehoboam go ttáinic Sissac rígh na Hégipte súas a naghaidh Ierusalem, (do bhrígh gúr pheacuigheadar a naghaidh an TIGHEARNA,)
3
Maille ré dhá chead déag carbad, agus tri fithchid míle marcach: agus níor bhféidir áiriomh an drong tháinic leis ón Négipt; na Lubimigh, na Succimigh, agus na Hetiópianuigh.
4
Agus do ghabh sé na caithreacha daingne noch do bhean re Iúdah, agus tháinic sé go Hierusalem.
5
¶ Ann sin thaínic Semaiah an fáigh go Rehoboam, agus go prionnsadhuibh Iúdah, noch do chruinnigh a bhfochair a chéile ann Ierusalem do bhrígh Shissac, agus a dubhairt sé riú, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do thréigeabhair misi, agus marsin dfág misi sibhsi a láimh Shissac.
6
Dá bhrígh sin dumhluigheadar prionnsadha Israel agus an rígh íad féin; agus a dubhradar, Atá an TIGHEARNA ceart.
7
Agus an tan do chonnairc an TIGHEARNA gur umhluigheadar íad féin, tháinic focal an TIGHEARNA go Semaiah, gha rádh, Dumhluigheadar íad féin; ní scriosfa mé íad, ach do bhéara mé tárthail éigin orra; agus ní dóirtfighthear mfearg amach ar Ierusalem le láimh Shissac.
8
Thairis sin béid síad na searbhfhoghantuibh aige; le mbía fios aca air mo sherbhísesi, agus air sherbhís rioghacht na ccríoch.
9
Marsin tháinic Sissac rígh na Hégipte súas a naghaidh Ierusalem, agus rug leis ionnmhus thighe an TIGHEARNA, agus ionnmhus thighe an rígh; rug sé leis an tiemlán: rug sé leis mar an gcéadna na scíatha óir noch do rinne Solamh.
10
Iona náit sin do rinne Rehoboam scíatha práis, agus thug a lámhuibh úachdaráin an gharda íad, noch do choimhéad dul a steach thighe an rígh.
11
Agus a núair do thiaghadh an rígh a steach go tigh an TIGHEARNA, thigeadh an gárda agus do bheirdís leó iad, agus do bheirdís air ais iad go seómra an gharda.
12
Agus an tan dumhluigh sé é féin, dfill fearg an TIGHEARNA úadh, nar bháill leis a scrios thríd amach: agus fós ann Iúdah do bhi gach ní go maith aca.
13
¶ Mar sin do neartuigh rígh Rehoboam é féin ann Ierusalem, agus do ríoghuidh innte: óir do bhí Rehoboam blíadhuin agus dá fhithchiod dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh seachd mblíadhna déag ann Ierusalem, an chathair do thogh an TIGHEARNA amach as treabhuibh Israel uile, do chur a anma innte. Agus do bé ainm a mhathar Naamah Ammoníteach.
14
Agus do rinne sé olc, do bhrígh nar umhluigh sé a chroidhe díarruidh an TIGHEARNA.
15
Anois gníomha Rehoboam ó thús go deireadh, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar Shemaiah an fáigh, agus Iddo an féachadoír a ttaobh ghinealach? Agus do bhádar cogtha idir Rehoboam agus Ieroboam a ccomhnuigh.
16
Agus do choduil Rehoboam agá aithribh, agus do hadhlaiceadh é a ccathruigh Dháibhi: agus do ríoghuidh Abiiah a mhac iona áit.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36