bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 9
2 Chronicles 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 10 →
1
Agus a nuáir do chúala bainríoghan na Séba clú Sholuimh, thainic sí do dhearbhadh Sholuimh a cceastuibh cruáidhe go Hierusalem, maille ré cuideachduin mhóir, agus lé cámhalluibh ag iomchar spíosradh, agus romhórán óir, agus chlocha uáisle: agus a nuáir tháinic sí go Solamh, do chomhráidh sí ris fá gach ní dá raibh na croidhe.
2
Agus dinnis Solamh a ceastanna uile dhi: agus ní raibh éinní na fhoilchios ar Sholumh nar innis sé dhi.
3
Agus an tan do chonnairc bainríoghan na Séba gliocus Sholuimh, agus an tigh do rinne sé,
4
Agus bíadh a bhuird, agus suidhe a sherbhíseach, agus feithiomh a luchd fritheóilte, agus a cculadhacha; agus a ghiolluidhe cupáin mar an gcéadna, agus a cculadhacha; agus a dhul súas mar a ttíaghada go tigh an TIGHEARNA; ní raibh níos mó do spioraid innte.
5
Agus a dubhairt sí ris an rígh, Is fíor an túarusgbháil do chúala mé ort ann mo thír féin ann do ghníomhuibh, agus ann do ghliocus:
6
Acht cheana níor chreid mé a mbríathra, nó go ttáinic mé, agus go bhfacuidh mo shúile é: agus, féach, níor hinnseadh leath méide do ghliocuis damh: óir sáruighidh tú an túarusgbháil do chúala mé.
7
Is sona do dhaóine, agus is sona íadso do shérbhísigh, noch sheasas do ghnáth as da choinne, agus chluineas do ghliocus.
8
Go madh beannuigh bhías do THIGHEARNA Dí, agá raibh dúil ionad dot chuir ad shuidhe ann a chathaóir ríogha, ad rígh dot THIGHEARNA Día: do bhrígh gur ghrádhuigh do Dhía Israel, dá ccothughadh go bráth, uimesin do rinne sé rígh dhíotsa os a ccionn, do dhéanamh breitheamhnuis agus ceirt.
9
Agus thug sí don rígh fithche agus céad tallann óir, agus do spíosradh iomarcaidh mhór, agus clocha uáisle: agus ní raibh ar bidh leithéid na spíosradh thug bainríoghan na Séba don rígh Solamh.
10
Agus thugadar serbhísigh Huram mar an ccéadna, agus serbhísigh Sholuimh, noch thug ór ó Ophír, croinn Algum agus clocha uáisle léo.
11
Agus do rinne an rígh do na crannuibh algum staighreadha go tigh an TIGHEARNA, agus go pálas an rígh, agus cláirseacha agus saltracha don luchd ceóil: agus ni facus a leithéid sin roimhe a ttír Iúdah.
12
Agus thug an rígh Solumh do bhainríoghain na Séba a lántoil uile, gidh bé ar bith ní díarr sí, taobh amuigh don ní thug sí chum an rígh. Marsin dfill sí, agus dimthigh roimpe dá tír féin, í féin agus a serbhisigh.
13
¶ Anois dob é comhthrom a nóir tháinic chum Soluimh a néanbhlíadhuin amháin sé chéad agus trí fithchid agus sé tallanna óir;
14
Taobh amuich don ní thugadar margaluidh agus céannuighthe leó. Agus thugadar righthe na Harábia uile agus úachdaráin na tíre ór agus airgiod chum Soluimh.
15
¶ Agus do rinne an rígh Solamh dhá chéad tairged dór bhúailte: se chéad secel dór bhúailte do chuáidh chum éantairgéide amháin.
16
Agus do rinne sé trí chéad scíath dór bhúailte: trí chéad secel óir do chúaidh chum ácin sgéithe amháin. Agus do chuir an rígh íad a ttigh foraóise Lebanon.
17
¶ Do rinne an rígh mar an gcéadna cathaóir mhór diomhoíge, agus dfoluigh lé hor fíorghlan í.
18
Agus do bhádar sé choisceím gus an ccathaóir ríogha, maitle re cosstol óir, noch do bhí ceangailte don chathaóir, agus lámha air gach táoibh do nionad suidhe, agus dhá leomhan na seasamh ag na lámhuibh:
19
Agus do sheasadar dhá leomhan deág don táoibhse agus don taoibh oile ar na sé choisceim. Ní deárnadh a leithéid a náoin rioghachd ar bith.
20
¶ Agus do bhádar soighthighe óil an righ Solamh uile dór, agus uile shoithighe óil thighe foraóise Lebanon dór ghlan: níor bhairgiod aontsoightheach dhíobh; ní raibh meas ar bith air a laéthibh Sholuimh.
21
Oír do chuádar lóingios an rígh go Tarsis le muinntir Háram: áonuair sna trí blíadhnuibh do thigdis loingeas Tharsis ag tabhairt óir leó, agus airgid, iomhóg, agus ainbheartuighe, agus pheacóg.
22
Agus do sháruigh an righ Solumh ríghthe an domhuin uile ar shaidhbhrios agus air ghliocus.
23
¶ Agus do bhídís ríghthe an domhuin uile ag íarruidh radhuirc Sholuimh, do chluinsion a ghliocuis, noch do chuir Día iona chroidhe.
24
Agus do bheireadh gach áon aca a bphronntanus leis, soithighe airgid, agus soithighe oir, agus culadhacha, éideadh, agus spíosradh, eich, agus múillidhe, suim airigh gacha blíadhna.
25
¶ Agus do bhí ag Solumh ceithre mhíle stalla each agus carbad, agus dhá mhíle dhéag marcach; noch do bhronn sé a ccaithreachaibh na ccarbad, agus a bhfhochair an righ an Ierusalem.
26
¶ Agus do bhí sé an rígh os cionn a nuile rígh ón tsruth Euphrates go nuige crích na Bhphilistineach, agus go brúach na Hégipte.
27
Agus thug an rígh go raibh airgiod ann Ierusalem mar chlochuibh, agus croinn cédair mar chrannuibh sicamor atá annsna reíteach ísiol air líonmhaireachd.
28
Agus do bherdís go Solamh eich as an Négipt, agus as gach uile chrích.
29
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Sholuimh, ó thús go deireadh, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar Nátain an faígh, agus a bhfáigheadóireachd Ahiiah an Siloniteach, agus a bhfisibh Iddo an féuchadóir a naghaidh Ieroboam mhíc Nebat?
30
Agus ba rígh Solamh ann Ierusalem ós cionn Israel uile dhá fhithchid blíadhan.
31
Agus do choduil Solumh agá aithribh, agus do hadhlaiceadh é a ccathruidh Dáibhi a athar: agus do ríoghuidh Rehoboam a mhac na áit.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36