bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 14
2 Chronicles 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 15 →
1
Marsin do choduil Abiiah a bhfochair a aithreadh, agus dadhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí: agus do ríoghuidh Asa a mhac iona aít. Iona laéthibh do bhí an tír súaimhneach deich mblíadhna.
2
Agus do rinne Asa an ní fa maith agus fa ceart a radharc a THIGHEARNA Dé:
3
Oír do theilg sé seachad altóra na ndée ccoimhitheach, agus na haite árda agus do bhris sé síos na híomháighé, agus do ghearr síos na garráin:
4
Agus do aithin sé do Iúdah an TIGHEARNA Día a naithreadh díarruidh, agus a dhligheadh agus a aithéanta do choimhead.
5
Már an ccéadna do rug sé as caithreachaibh Iúdah uile na háite árda agus na híomháighe: agus do bhí an rioghachd socair dá lathair.
6
¶ Agus do chuir sé caithreacha daingne súas ann Iúdah: óir do bhí ciúnas ag an ttír, agus ní raibh cogadh ar bith annsna blíadhnuibh sin; do bhrígh go ttug an TIGHEARNA suáimhneas dó.
7
Uimesin a dubhairt sé ré Iúdah, Cuiriom na caithreacha súas, agus déanam balladha na ttimchioll, agus tuir, geatadha, agus barradha, an feadh bhías an fearann fós air ar ccor fein; do bhrígh gur íarramar ar TTIGHEARNA Día, do ghuidheamar é, agus thug sé socrachd dhúinn da gach uile thaoibh. Marsin do rinneadar fairgniomh agus do chuádar air a naghaidh.
8
¶ Agus do bhí slúagh daóine ag Asa do iomchradh targáid agus gaéthe, as Iúdah trí chéad míle; agus as Beniamin, diomchradh sciatha agus do thairngeadh bogha, dha chéad agus céithre fithchid míle: do budh fir árrachda chródha íadso uile.
9
¶ Agus tháinic Serah an Tetiopeach amach na naghaidh lé slúagh míle do mhíltibh, agus trí chéad carbad; agus tháinic sé go Maressah.
10
Ann sin do chuáidh Asa amach na aghaidh, agus do chuireadar an cath a nórdughadh a ngleann Sephátah ag Maressah.
11
Agus déigh Asa air A THIGHEARNA Día, agus a dubhairt, A THIGHEARNA, as beag agadsa cabhair do thabhairt, ceachtar acá lé móran, nó luchd gan neart: tabhair dhúinne cabhair, a THIGHEARNA ar Ndía; óir is ort chuirmid sinn féin, agus an thainmsi theighmid á naghaidh a niomudse. O a THIGHEARNA, is tú ar Ndía; ná beireadh duine búaidh órt.
12
Annsin do bhúail an TIGHEARNA na Hetiópigh roimhe Asa, agus roimhe Iúdah; agus do theithiodar na Hetiópigh.
13
Agus do lean Asa agus an mhuinntir do bhí na fhochair íad go Gérar: agus do cláoidheadh na Hétiópigh, ionnus nar fheádadar íad féin do thártháil; óir do marbhadh íad a lathair an TIGHEARNA, agus a lathair a shlóigh; agus rugadar romhóran éadála leó.
14
Agus do bhúaileadar na caithreacha uile fa ccúairt timchioll Ghérar; óir tháinic eagla an TIGHEARNA orra: agus do airgeadar na caithreacha uile; óir do bhí iomarcuigh éadala ionnta.
15
Do bhúaileadar mar an ccéadna na búailteacha áirnéise, agus rugadar leó iomarcuigh cáorach agus cámhall, agus dfilleadar go Hierusalem.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36