bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 26
2 Chronicles 26
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 27 →
1
An sin do ghlacadar muinntir Iúdah uile Ussiah chuca, noch do bhí sé blíadhna déug daóis, agus do rinneadar rígh dhe a náit a athar Amasiah.
2
Do chuir sé Elot súas, agus thug ar a hais do Iúdah í, déis an rígh do chodhladh agá aithribh.
3
Sé blíadhna déag daóis do bhí Ussiah an tan do thosuigh se a ríghe, agus do bhí na rígh dha bhlíadhuin déug agus dá fhithchiod ann Ierusalem. Ainm a mhathar mar an gcéadna Iecoliah ó Ierusalem.
4
Agus do rinne sé an ní budh ceart a radharc an TIGHEARNA, do réir gach neithe dá ndéarnuidh a athair Amasiah.
5
Agus díarr sé Día ré linn Shechariah, agá raibh tuigsin a bhfisibh Dé: agus an feadh do lean sé an TIGHEARNA, thug Día rath air.
6
Agus do chúaidh sé amach agus do choguidh sé a naghaidh na Bhphilistineach, agus do bhrís sé síos balla Ghát, agus balla Iabneh, agus balla Asdod, agus do rinne sé caithreacha timchioll Asdod, agus a measc na Bhphilistíneach.
7
Agus do chuidigh Día leis a naghaidh na Bhphilistineach, agus a naghaidh na Narábianach noch dáitreibh an Gurbaal, agus na Mehunimeach.
8
Agus thugadar na Hammonitigh tiodhluice do Ussiah: agus do leathnuigh a ainm amach go nuige dul a steach na Hégipte; óir do neartuigh sé é féin go hanmhór.
9
¶ Tuilleamh oile do chuir Ussiah tuir súas ann Ierusalem ag geata an choirnéil, agus ag geata an ghleanna, agus ag filleadh an bhalla, agus do dhainguidh sé íad.
10
Mar an gcéadna do rinne sé tuir annsa díothramh, agus do thocuil sé mórán tobar: óir do bhí iomarcuidh áirnéise aige, san tír íochdaruigh aráon, agus annsna réitibh: luchd tigheaduis mar an ccéadna, agus luchd déanta fíneamhna annsna sléibhtibh, agus ann Carmel: óir dob ionmhuin leis tigheadhus.
11
¶ Tuilleamh fós do bhí ag Ussiah slúagh dfearuibh cogaidh, do thiaghadh amach do chogadh na mbuidhnibh, do réir uibhre a ccuntáis re láimh Ieiel an scribhneóir agus Mhaasiah an túachtarán fáoi láimh Hananiah, áon do chaiptínibh an rígh.
12
Do bhí uibhir iomlán cheann na naithreach na bhfear árrachta a ngaisgidh dhá mhíle agus sé chéad.
13
Agus do bhí slúagh fáoi na láimh, trí chéad míle agus seacht míle agus cúig chéad, do rinne cogadh re cumas mór, do chongnamh leis an righ a naghaidh na namhad.
14
Agus do ghléas Ussiah dhóibh ar feadh an tslóigh scíatha, agus gáethe, agus clogada, agus éidigh ochta, agus boghadha, agus crannatádhbhuill do chaitheamh cloch.
15
Agus do rinne sé ann Ierusalem ionstrumeintigh, do choncas lé daóinibh glioca, do bheith ar na toruibh agus air na daingneachaibh, do chaitheamh soighead agus chloch mór asta. Agus do leathnuigh a ainm a nimchián; óir do cuidiughadh leis go hiongantach, nó go raibh sé láidir.
16
¶ Acht a núair do bhí sé láidir, do bhí a chroidhe ar na thógbháil súas chum a mhillte féin: óir do pheacuidh sé a naghaidh an TIGHEARNA a Dhía féin, agus do chúaidh a steach a tteampall an TIGHEARNA do losgadh túise ar altoír na túise.
17
Agus do chúaidh Asariah an sagart a steach na dhíaigh, agus maille leis ceithre fithchid sagairt leis an TTIGHEARNA, do dháoinibh beódha.
18
Agus do thoirmiosgadar Ussiah an rígh, agus a dubhradar ris, Ní bheanann riotsa, a Ussiah, túis do losgadh don TIGHEARNA, acht ris na sagartaibh clann Aaron, noch atá ar na ccoisreagadh do losgadh túise: imthigh amach as an tsanctóir; óir do chiontuigh tú; agus ní bhiaidh se na onóir dhuit ón TTIGHEARNA Día.
19
Annsin do bhí fearg ar Ussiah, agus do bhí senséir iona laimh do losgadh túise: agus a nam a fheirge ris na sagartuibh, tháinic an lubhra iona aghaidh a bhfiadhnuise na sagart a ttigh an TIGHEARNA, ó tháobh altóra na túise.
20
Agus dféuch Asariah an tárdshagart, agus na sagairt uile air, agus, féuch, do bhí sé lubhrach iona éadan, agus do thiománadar amach as sin é; do dheifrigh sé féin fós amach, do bhrígh gur bhúail an TIGHEARNA é.
21
Agus do bhí Ussiah an rígh na lobhar go ló a bháis, agus dfan sé na lobhar a ttigh ar leith; oír do gearradh amach as tigh an TIGHEARNA é: agus do bhí Iótam a mhac ós cionn tighe an rígh, ag déanamh breitheamhnuis air mhuinntir na tíre.
22
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Ussiah, ó thús go deireadh, do scríobh Isaiah, mhac Amos, an faigh é.
23
Marsin do choduil Ussiah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é bhfochair a aithreadh annsa machaire adhlaicthe do bhean ris na ríoghuibh; oir a dubhradar, Is lobhar é: agus do ríoghuidh Iótam a mhac iona áit.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36