bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 36
2 Chronicles 36
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
1
An sin do ghlacadar muinntir na tíre Iehoáhas mhac Iosiah, agus do rinnéadar rígh dhe a náit a athar ann Ierusalem.
2
Do bhí Iehoahas trí blíadhna fithchiod dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh trí mhí an Ierusalem.
3
Agus do chuir rígh na Hégipte, síos é ann Ierusalem, agus do dháor sé an tír a ccéad tallann airgid, agus a ttallann óir.
4
Agus do rinne rígh na Hégipte rígh da dhearbhráthair Eliacim ós cionn Iúdah agus Ierusalem, agus do áthruigh Iehoíacim dainm air. Agus do ghabh Necho Iehoahas a dhearbhrathair, agus rug don Negipt é.
5
¶ Do bhí Iehoíacim cúig bhlíadhna fithchiod dáois a núair do thosuigh sé a righe, agus do bhí na rígh éanbhlíadhuin déag ann Ierusalem: agus do rinne sé go holc a radharc a THIGHEARNA Dé.
6
Tháinic Nebuchadnessar rígh na Babilóine súas na aghaidh, agus do cheangail a níarann é, dá bhreith don Bhabilóin.
7
Agus rug Nebuchadnessar leis do shoithighibh thighe an TIGHEARNA don Bhabilóin, agus do chuir iona theampall féin san Bhabilóin íad.
8
Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iehoiacim agus á ghráineamhlachda, noch do rinne sé, agus do fríth ann, féuch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Israel agus Iúdah: agus do ríoghuidh Iehoiáchin a mhac iona áit.
9
¶ Do bhí Iehoiachin ocht mbliadhna dáois a nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh trí mhi agus deich lá ann Ierusalem: agus do rinne sé an ní dob olc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA.
10
Agus a nuáir do caitheadh an bhlíadhuin, do chuir an rígh Nebuchadnessar teachta uadh, agus rug don Bhabilóin é, maille re soighthighibh breágha thighe an TIGHEARNA, agus do rinne sé rígh do Shedeciah a dhearbhráthair ós cionn Iúdah agus Ierusalem.
11
¶ Do bhí Sedeciah blíadhuin agus fithche dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh éainbhlíadhuin déug ann Ierusalem.
12
Agus do rinne sé an ní dob olc a bhfiadhnuise a THIGHEARNA Dé, agus níor umhluigh sé é féin a lathair Ieremiah an fáigh ag labhairt ó bhéul Dé.
13
Agus do rinne sé fós ceannairg a naghaidh Nebuchadnessar, noch do bhean Día mar mhionnuibh dhe: acht do ríghnidh sesion a mhuinéul, agus do chruadhuigh sé a chroidhe ó iompógh chum an TIGHEARNA Día Israel.
14
¶ Tuilleamh oile fós do pheacuigheadar na hárdshagairt uile, agus an pobal, go romhór do réir uile ghráineamhlachda na ngeínteadh; agus do thrúailleadar tigh an TIGHEARNA noch do náomhuigh sé ann Ierusalem.
15
Agus do chuir an TIGHEARNA Día a naithreadh scéula chuca re na theachtairighibh, ag éirghe go moch, agus agá ccur ar siubhal; do bhrígh go raibh trúaighe aige dá dháoinibh, agus dá áit chomhnuidhe:
16
Acht do rinneadar magadh fa theachtuibh Dé, agus do tharcuisnigheadar a bhríathra, agus do easonóruigheadar a fháighe, nó gur éirigh feárg an TIGHEARNA re na phobal, ionnus nach raibh a bhfóirithin ann.
17
Ar a nadhbharsin thug sé orra rígh na Caldea, noch do mharbh a ndáoine óga leis an ccloidheamh a ttigh a sanctóra, agus ní raibh trúaighe aige do dhuine óg, nó do mhaighdin, dfior fhoirfe, nó don tí do chrom le háois: thug sé iona láimh uile íad.
18
Agus uile shoighthighe thighe an TIGHEARNA, mór agus beag, agus ionmhus thighe an TIGHEARNA, agus ionmhus an rígh, agus a phrionnsadha; rug sé íadso uile don Bhabhilóin.
19
Agus do loisgeadar tigh Dé, agus do bhriseadar síos balladha Ierusalem, agus do loisgeadar a phaláis uile lé teine, agus do mhilleadar a ráibh do shoithighibh maithe ann.
20
Agus an mhéid do imthigh ón ccloidheamh rug sé leis iad don Bhabiloín; már a rabhadar na serbhiseachaibh aigesion agus agá mhacaibh, go righe rígh na Persia:
21
Do choimhlíonadh bréithre an TIGHEARNA a mbéul Ieremiah, nó go ccomhnuigheadh an tír anna sábboidigh: óir ar fad do bhí sí uaigneach do choimhéid sí sábóid, do choimhlíonadh deich mblíadhan agus trí fithchid,
22
¶ Anois annsa chéaidbhliadhuin do Chírus rígh na Persia, (chor go ccoimhlíontaoi briathar an TIGHEARNA do labhradh re béul Ieremiah), do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Chirus rígh na Persia, go ttug fuagra uádh air féadh a ríoghachta ele, agus do chuir sin a scríbhínn fós, gha rádh,
23
Is marso a deir Círus rígh na Persia, Thug an TIGHEARNA Día nimhe uile rioghachta na talmhan damhsa, agus do chuir do chúram orm tigh do dhéanamh dho ann Ierusalem, noch atá ann Iúdah. Cía ta bhur measc da dhaoinibh uile? Go raibh a THIGHEARNA Día maille ris, agus imthigheadh sé suás.
← Chapter 35
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36