bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 21
2 Chronicles 21
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 22 →
1
Anois do choduil Iehosaphat a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh agá aithribh é a ccathruigh Dháibhi. Agus do ríoghuidh Iehoram a mhac iona áit.
2
Agus do bhádar dearbhráithre aige mic Iehosaphat, Asariah, agus Iehiel, agus Sechariah, agus Asariah, agus Michael, agus Sephatiah: dob íadso uile mic Iehosaphat rígh Israel.
3
Agus thug a nathair tiodhlaice móra dhóibh dairgead, agus dór, agus do neithíbh mórlúaigh, maille re caithreachaibh daingne ann Iudah: acht thug sé an rioghacht do Iehoram, do bhrigh gur bhé an chéidghin é.
4
Anois a núair do bhí Iehoram ar néirghe súas a ríoghacht a athar, do dhaingnidh sé é féin, agus do mharbh sé a dhearbhráithreach uile leis an ccloidheamh, agus fós mórán do phrionnsadhuibh Israel.
5
¶ Do bhí Iehoram dhá bhliadhuin déag agus fithche daois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí sé na rígh ocht mbliadhna ann Ierusalem.
6
Agus do shiubhail sé a slighe ríogh Israel, amhuil do rinne tigh Ahab: óir do bhí inghean Ahab aige na mnaoi: agus do rinne sé an ní fa holc a radharc an TIGHEARNA.
7
Acht cheana niór bháill leis an TTIGHEARNA tigh Dháibhi do scrios, do bhrígh an chunnartha do rinne sé re Dáibhi, agus mar do gheall sé solus do thabhairt dó agus dá mhacaibh go bráth.
8
¶ Ann a laéthibhsion déirgheadar na Hedomítigh ó bheíth fa ríaghuil Iúdah, agus do rinneadar rígh dhóibh féin.
9
Ann sin do chúaidh Iehoram amach le na phrionnsadhuibh, agus a charbuid uile leis: agus déirigh sé san noidhche, agus do bhuail sé na Hédomitigh do tháinic na thimchioll, agus caiptínigh na ccarbad.
10
Mar sin do chúadar na Hedomitigh ó bheith fáoi laimh Iúdah gus a niugh. Annsa nam chéadna fós do fhill Libnah ó bheith fáoi na láimh; do bhrígh gur thréig sé an TIGHEARNA Día a aithreadh.
11
Tuilleamh fós do rinne sé aite árda a sléibhtibh Iúdah, agus thug sé air mhuinntir Ierusalem stríopachus do dheanamh, agus do choimhéignidh sé Iúdah chuige sin.
12
¶ Agus tháinic scríbhinn chuige ó Elias an fáigh, gha rádh, Is marso a deir an TIGHEARNA Día hathar Dáibhi, Do bhrígh nar shiubhail tú a slighthibh Iehosaphat hathar, ná a slighthibh Asa rígh Iudah,
13
Acht gur shiubhail tú a slighe rígh Israel, agus gur chuir tú dfíachaibh air Iúdah agus air áitreabhachaibh Ierusalem dul le stríopachus, amhuil stríopachus thíghe Ahab, agus mar an ccéadna mar do mharbh tú do dhearbhráithre do thigh hathar, do bhí ní budh feárr ná thú féin:
14
Féuch, buailfidh an TIGHEARNA do dhaoine lé pláigh mhóir, agus do chlann, agus do mhná, agus de mhaóin uile:
15
Agus do gheabha tú easlainte do thinneas hinneadh, nó go ttuite hionathar amach do bhrígh an tinnis lá ar lá.
16
¶ Tuilleamh oile, do chorruigh an TIGHEARNA súas a naghaidh Iehoram spiorad na Bphilistíneach, agus na Narabianach, do bhí láimh ris na Hetiópianachaibh:
17
Agus thangadar súas go Iúdah, agus do bhriseadar a steach innte, agus rugadar leo a nuile mhaoin noch do fríth a ttigh an rígh, agus a mhic, agus a mhná mar an ccéadna; ionnus nar fagbhadh aonmhac aige, acht Iehoahas, an té dob óige dá mhacaibh.
18
¶ Agus na dhiaigh so uile do bhúail an TIGHEARNA é féin iona innighibh le heasláinte dhóleighis.
19
Agus tárla, a ccionn athaidh, tar éis dhá bhliadhan, gur thuit a mhionach as do bhrígh a thinnis: mar sin fúair sé bás deasláintibh géara. Agus ní dhéarnadar a dhaoine losgadh ar bith ar a shon, do nós loisge a aithreadh.
20
Do budh dhá bhliadhuín déag ar fhithchid a aois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh an Ierusalem ocht mbliadhna, agus dimthigh sé gan íarruidh air. Acht cheana do adhlaiceadar é a ccathruigh Dháibhí, gidheadh ní a ttúamaibh na ríogh.
← Chapter 20
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 22 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36