bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 4
2 Chronicles 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 5 →
1
Tuilleamh eile fós, do rinne sé altóir phráis, fithche cubhad a fad, agus fithche cubad a leithead, agus deich ccubhaid a háirde.
2
¶ Do rinne sé mar an ccéadna fairge leaghtha deich ccubhaid ó bhruach go brúach, cruinn air gach éantáoibh, agus do budh cúig ccubhaid a haírde; agus do ghabh líne thríochad cubhad timchioll fa ccúairt air.
3
Agus faoi sin do bhí cosamhlachd dhamh, noch do thimchiolluigh é fa ccúairt: deich iona ccubhad, ag timchiollughadh na fairge fa ccúairt. Do teilgeadh dhá chúrsa damh, a nuáir do teilgeadh í.
4
Do sheas sin air dhá dhamh dhéag, a trí ag féuchuin don leath thúaigh, agus a trí ag féuchuin don leath shíar, agus a trí ag féuchuin don leath theas, agus a trí ag féachuin don leath shoir: agus do shuighidh sé a nfairge shuas orra, agus a leith deirigh uile a steach.
5
Agus do bhí lán duirnn ar thíghe ann, agus a brúach sin cosmhuil ré himdhéanamh brúaich cupáin, maille re bláthuibh lile; do chongmhadh sé trí mhíle Bát.
6
¶ Do rinne sé mar an ccéadna deich lábhéir, agus do chuir a cúig dhíobh air an láimh dheis, agus a cúig air an láimh chlé, dionnladh ionnta: do nighedís ionta na neithe dofraláidis mar ofráil loisge; acht is re haghaidh na sagart do bhí a nfairge, dionnladh innte.
7
Agus do rinne sé deich ccoinnleóirigh óir do réir a ccumtha, agus do chuir sé san teampall iad, a cúig ar an láimh dheis, agus a cúig ar an láimh chlé.
8
Do rinne sé mar an ccéadna deich mbuird, agus do shuidhigh sé san teampall íad, a cúig ar an ttáobh ndeas, a cúig ar an ttáobh cclé. Agus do rinne sé céad bulla óir.
9
¶ Tuilleamh oile fós do rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus doirse don chúirt, agus dfoluigh sé na doirse lé prás.
10
Agus do shúighidh sé a nfairge ar an ttáoibh ndeas don chionn shoir, thall as ccoinne an táoibh theas.
11
¶ Agus do rinne Húram na potadha, agus na slúaiste, agus na báisínigh. Agus do chríochnuigh Húram a nobair do bhí ré a dhéanamh aige, don rígh Solamh air thigh Dé;
12
Mar atá an dá philéur, agus na mill, agus na cinn noch do bhí ar mhullach an dá philéur, agus an dá fhidheachán dfolach mheall na cceann, noch do bhí air mhullach na bpiléur;
13
Agus ceithre chéud pomegranat air an dá fhidheachán; dhá chúrsa pomegranat ar gach figheachán, dfolach dhá ubhall na cceann noch do bhí air na piléuruibh.
14
Do rinne sé mar an gcéadna bása, agus do rinne sé oighne móra ar na básuibh;
15
Aon fhairge, agus dhá dhamh dhéag fúithigh.
16
Na potadha mar an ccéadna, agus na slúaiste, agus na hadhail, agus a ninstruimenteadh uile, do rinne athair Huram don rígh Solamh chum tighe an TIGHEARNA do phrás loinneardha.
17
A réiteach Iordan do theilg an rígh íad, annsa talumh chríadha eidír Succot agus Seredatah.
18
Is marso do rinne Solamh na soighthighesi uile go nuibhir mhóir: óir níor bhféidir comhthrom an phrás do mheas.
19
¶ Agus do rinne Solamh na soighthighe uile do thigh Dé, a naltóir óir mar an ccéadna, agus na buird air ar cuireadh an tarán taisbéanta;
20
Agus fós na coinnleóirigh gun a soillsibh, chor go mbéidís lasta do réir ghnátha as coinne an noracuil, dór fhíorghlan.
21
Agus do rinne sé na blátha, agus na lampuidhe, agus na teanchairigh dór, agus sin dór fhíorghlan;
22
Agus na glantóirigh, agus na bulladha, agus na líacha, agus na senseir, dór fhíorghlan: agus dul a steach an tighe, na doirse budh faide a steach ar a naít ro náomhtha, agus doirse thighe an teampuil, dob ór íad.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36