bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 35
2 Chronicles 35
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 36 →
1
Tuilleamh eíle fós, do choimhéid Iosiah cáisg don TIGHEARNA an Ierusalem: agus do mharbhadar an cháisg ar an cceathramhadh lá déug don chédmhi.
2
Agus do chuir sé na sagairt iona ccúramuibh, agus thug meisneach dhóibh chum serbhise thighe an TIGHEARNA,
3
Agus a dubhairt sé ris na Lebhítibh do theagaisg Israel uile, noch do bhí náomhtha don TIGHEARNA, Cuiridh a náirc náomhtha annsa tigh noch do rínne Solamh mhac Dáibhi rígh Israel; ní bhiaidh na úalach air bhur ngúallibh: foghnuidh a nois don TIGHEARNA bhur Ndía, agus dá phobal Israel,
4
Agus ullmhuighidh sibh féin do réir thighe bhur naithreadh, do réir bhur ccursadh, mar do scríobh Dáibhi righ Israel, agus do réir scribhinn a mhic Solamh.
5
Agus seasuidh annsa náit náomhtha do réir ronna mhuinntear aithreadh bhur ndearbhráithreach an pobal, agus do réir ronna mhuinntear na Lebhíteach.
6
Marsin marbhuidh an cháisg, agus náomhuidh sibh féin, agus ullmhuighidh bhur ndearbhráithre, chor go ndéanuid do réir bhréithre an TIGHEARNA tre láimh Mháoise.
7
Agus thug Iosiah don phobal, do na tréuduibh, uáin agus meannáin, íad uile chum ofrála na cásg, ar son a raibh a lathair, go nuibhir thríochad míle, agus trí mbíle dámh: do mháoin an rígh féin íad so.
8
Agus thugadar na prionnsadha go toileamhuil don phobal, do na sagartnibh, agus do na Lebhitibh: Hilciah agus Sechariah agus Iehiel, úachdaráin thighe Dé, thugadar do na sagartaibh chum ofrála na cásg dhá mhile agus sé chéad do mhionáirnéis, agus trí chéad damh.
9
Thug Conaniah mar an ccéadna, agus Semaiah agus Netaneel, a dhearbhráithre, agus Hassabiah agus Iehiel agus Iossabad, ceann na Lebhíteach, do na Lebhítibh chum ofráladh na casg cúig mhíle do mhionáirnéis, agus cúig chéad damh.
10
Mar so do gléusadh an tseirbhís, agus do sheasadar na sagairt iona náitibh, agus na Lebhítigh iona ccúrsadhuibh, do reír áithne an rígh.
11
Agus do mharbhadar an cháisg, agus do chroitheadar na sagairt a nfuil re na lámhuibh, agus dfeannadar na Lebhítigh íad.
12
Agus do áthruigheadar na hofrála loisge, chor go ttiubhraidís úatha do réir ronna mhuinnteara an phobail, chum ofrála don TIGHEARNA, mar atá scríobhtha a leabhar Mháoise. Agus is marsin do rinneadar ris na damhuibh.
13
Agus do róstadar an cháisg le teine, do réir a nórduighthe: acht do bhruitheadar na hofrála náomhtha uile a bpotuibh, agus a ccoirighibh, agus a noighnibh, agus do roinneadar íad go luáth eidir an bpobal uile.
14
Agus na dhiáigh sin do dheasuigheadar dhóibh féin, agus do na sagartuibh: do bhrígh go rabhadar na sagairt mic Aáron a ttimchioll iodhbartha na nofrálach loisge agus an mhéathuis gus a noidhche; uimesin do ghléusadar na Lebhítigh dhóibh féin, agus do na sagartuibh mic Aáron.
15
Agus do bhádar na caintuireadha mic Asaph iona náit, do réir aithne Dháibhi, agus Asaph, agus Héman, agus Iedutun féuchadóir an rígh; agus na doirséoirigh ag feitheamh ag gach éangheata; níor bhféidir leó a serbhis dfágbháil; óir do dheasuigheadar a ndearbhráithre na Lebhítigh dhóibh.
16
Marsin do gléasadh serbhis an TIGHEARNA uile an lá sin féin, do choimhéad na cásg, agus dofráil íodhbartha loisge ar altóir an TIGHEARNA, do réir aithne an rígh Iosiah.
17
Agus do choimhéid clann Israel a raibh a lathair dhíobh fan namsin an cháisg, agus féasta a naraín gan loibhín seacht lá.
18
Agus níor coimhéadadh a leitheid sin do cháisg ann Israel ó annsir Shamuel an fáigh; ní mó do choimhéadadar ríghthe Israel uile a leitheid dféasta mar do choimhéad Iosiah, agus na sagairt, agus na Lebhítigh, agus Iúdah agus Israel uile do bhí a lathair, agus áitreabhuigh Ierusalem.
19
Annsa nochtmhadh blíadhain déag do ríghe Iosiah do coimhéadadh an cháisgsi.
20
¶ Na dhiáigh so uile, a núair do ghléus Iosiah an teampall, tháinic Necho rígh na Hégipte a nios do throid a naghaidh Carchemis ré táobh Euphrátes: agus do chúaidh Iosiah amach iona aghaidh.
21
Acht do chuir seision teachta chuige, gha rádh, Cred é mimtheachdsa ort, a rígh Iúdah? ní a taghaidh tháinic mé san lósa, acht a naghaidh an tighe re bhfuilim a ccogadh: óir do aithin Día dhíom deithbhir do dhéanamh: seachuinsi búain re Día, noch atá liomsa, deagla go scriosfadh sé thú.
22
Thairis sin níor bháill le Iosiah a aghaidh diompógh úadh, acht do chuir é féin a natharach crotha, chor go ttroidfeadh ris, agus níor éist ré bríathruibh Necho ó bhéul Dé, agus tháinic do throid a ngleann Megiddo.
23
Agus do chaitheadar na soighdeóirigh ar an rígh Iosiah; agus a dubhairt an rígh re na shearbhfhoghantuibh, Beiridh libh mé; óir atáim loitigh go trom.
24
Uimesin do thógbhadar a sherbhísigh as an ccarbad sin é, agus do chuireadar é annsa dara ccarbad do bhí aige; agus thugadar go Ierusalem é, agus déug sé, agus do hadhlaiceadh é a náon do thúamuibh a aithreadh. Agus do bhí cumhadh ar Iúdah uile, agus ar Ierusalem um Iosiah.
25
¶ Agus do bhí doilghios ar Ieremiah tre Iosiah: agus do labhradar na fir cheóil uile agus na mná ceóil ar Iosiah iona ccáointibh gus a ningh, agus do rinneadar órdughadh orra ann Israel: agus, féuch, atáid scríobhtha annsna cumhthuibh.
26
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuíbh Iosiah, agus a mhaith, do réir an neithe do scriobhadh a ndligheadh an TIGHEARNA,
27
Agus a ghníomha, tosach agus deighionach, féuch, atáid scriobhtha a leabhar ríogh Israel agus Iúdah.
← Chapter 34
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 36 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36