bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 28
2 Chronicles 28
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 29 →
1
Do bhí Ahas fithcne blíadhain dáois a núair do thosuigh a ríghe, agus do bhí na rígh sé blíadhna déag an Ierusalem: achd ní dheárnuigh sé an ní fá cheart a radharc an TIGHEARNA, cosmhuil ré Dáibhi a athair:
2
Oir do shiubhail sé a slighthibh ríogh Israel, agus do rinne mar an cceadna iomháighe leaghtha do Bhaalim.
3
Tuilleamh oile do rinne sé íodhbairt a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg sé a chlann annsa teine, do réir ghráineamhlachd na ngeinteadh noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.
4
Do rinne sé íodhbairt mar an ccéadna agus do loisg sé túis annsna háitibh árda, agus air na cnocaibh, agus faói gach áonchrann ghlas.
5
Uíme sin do sheachuid a THIGHEARNA Día é a láimh rígh na Síria; agus do bhúail sé é, agus rug móran diobh leis a láimh, agus rug go Damascus íad. Tugadh fós a láimh rígh Israel e, noch do bhuail é lé hár mór.
6
Oir do mharbh Pecah mhac Remaliah ann Iúdah céud agus fithche míle a naon ló, fir chródha uile; do bhrígh gur thréigeadar an TIGHEARNA Día a naithreadh.
7
Agus Sichri, duine cumhachtach do Ephraim, do mharbh sé Maaseiah mac an rígh, agus Asricam úachtarán an tighe, agus Elcanah noch do bfoigsi don rígh.
8
¶ Agus rugadar clann Israel leó a láimh dá ndearbhráithribh dhá chéad mile, bean, mac, agus inghean, agus rugadar mar an ccéadna móran éadála úatha, agus rugadar a néadáil go Samária.
9
Acht do bhí fáigh don TIGHEARNA ann sin, dar bhainm Oded: agus do chúaidh sé amach a ccoinne an tslóigh tháinic go Samária, agus a dubhairt sé riú, Féuchuidh, do bhrígh go raibh an TIGHEARNA Día bhur naithreadh feargach re Iúdah, thug sé ion bhur láimhse íad, agus do mharbhabhair íad a ndíbhfheirg roithchios súas go neamh.
10
Agus anois sé do chuireabhair romhuibh clann Iúdah agus Ierusalem do chonngmháil fúibh na bhfearuibh agus na mnáibh dáora dháoibh féin: achd ané nach bhfuil oruibhse, eadhon oruibhsi féin, peacaidh a naghaidh bhur TTIGHEARNA Dé?
11
Anois éistigh riomsa ar a nadhbharsin, agus léigidh amach na braighde a rís, noch do ghabhabhair a laímh da bhur ndearbhráithribh: óir atá fearg fhíochmhar an TIGHEARNA ribh.
12
Annsin do sheasadar súas cuid áirigh do cheannuibh chloinne Ephraim, Asariah mhac Iohanan, Berechiah mhac Messillemot, agus Iehisciah mhac Sallum, agus Amasa mhac Hadlai, a naghaidh na muinntire tháinic ón chogadh,
13
Agus a dubhradar riú, Ní thiubharthaói na braighde a steach annso: óir an tionad ar chiontuigheamairne a naghaidh an TIGHEARNA, ris mían libhse tuilleamh do chur a ccionn ar bpeacadh agus ar sáruighthe: óir is mór ar ccóir, agus atá fearg fhiochmhar a naghaidh Israel.
14
Marsin dfágbhadar na fir armtha na braighde agus a néadail a bhfíadhnuise na bprionnsadh agus an chomhchruinnigh uile.
15
Agus déirgheadar súas na daoine do goireadh as a nainm, agus do ghlacadar na braighde, agus do néadail do chuireadar éadach air a raibh lomnochd dhíobh, agus do éaduigheadar íad, agus thugadar broga dhóibh, agus thugadar biadh agus deoch dhóibh, agus dungadar íad, agus do iomchradar an mhéid do bhí lag aca air assaluibh, agus thugadar íad go Iericho, cathair na ccrann pailme, chum a ndearbhráithreach: annsin dfilleadar go Samaria.
16
¶ Annsa namsin do chuir Ahas athchuinge go ríghthibh na Hassiria do chungnamh ris.
17
Oír thangadar na Hédomitígh a rís, agus do bhúaileadar Iúdah, agus rugadar braighde leó.
18
Dionnsuigheadar na Philistinigh mar an gcéadna caithreacha na tíre íochdaruigh, agus an táobh theas do Iúdah, agus do ghabhadar Bet‐semes, agus Aialon, agus Gederot, agus Socho gun a bhailtibh, agus Timnah gun a bhailtibh, Gimso fós gun a bhailtibh: agus do áitreabhadar annsin.
19
Oír do chuir an TIGHEARNA Iúdah síos ar son Ahas righ Israel; óir do rinne sé Iúdah tárrnochd, agus do chiontuigh sé a naghaidh an TIGHEARNA go mór.
20
Agus tháinic Tílgat‐pilneser rígh na Hassíria chuige, agus do chuir aindeise air, agus níor neartuigh sé é.
21
Oír rug Ahas roinn as tigh an TIGHEARNA, agus as tigh an rígh, agus ó na prionnsadhuibh, agus thug sé do rígh na Hassíria sin: achd níor chuidigh sé leis.
22
¶ Agus a naimsir a aindesi do chiontuigheadh sé fós ní sa mhó a naghaidh an TIGHEARNA: an ríghsi féin Ahas.
23
Oir díodhbuir sé do dheéibh Dhamascus, noch do bhúail é: agus a dúbhairt sé, Do bhrígh gur chuidigh deé ríogh na Síria leó, uime sin do dhéansa íodhbuirt dhóibh, chor go ttárthochuid mé. Acht isiad do sgrios eision, agus Israel uile.
24
Agus do chruinnigh Ahas a gcionn a chéile soithighe thighe Dé uile, agus do gheárr sé na mblodhuibh soithighe thighe Dé, agus do dhruid doirse thighe an TIGHEARNA, agus do rinne altóra dhó feín ann gach éanchoirnéul do Ierusalem.
25
Agus ann gach aon chathruigh fa leith do Iúdah do rinne sé aíte árda do losgadh túise do dhéeibh oile, agus do bhrostuigh sé chum feirge an TIGHEARNA Día a aithreadh.
26
¶ Anois an chuid oile dá ghníomhuibh agus dá shlighthibh uile, ó thús go deireadh, feúch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Iúdah agus Israel.
27
Agus do choduil Ahas agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa chathruigh, eadhon ann Ierusalem: acht ní thugadar é go túama ríogh Israel: agus do ríoghuidh Heseciah a mhac iona áit.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36