bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 2
2 Chronicles 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 3 →
1
Agus do thionnsguin Solamh tigh do dhéanamh dainm an TIGHEARNA, agus tigh dhá rioghachd.
2
Agus do áirimh Solamh amach trí fithchid agus deich míle fear diomchar úalach, agus ceithre fithchid míle doibriughadh annsa tslíabh, agus trí mhíle agus sé chead dféachuin ós a ccionn.
3
¶ Agus do chuir Solamh (teachda) go Húram rígh Tíor, gha rádh, Mar do rinne tú re mathair Dáibhi, agus gur chuir tú cedair chuige do dhéanamh tighe dhó iona ndéanadh sé comhnuighe, déana marsin riomsa.
4
Féuch, atáim ag deanamh tighe dainm mo THIGHEARNA Dé, da choisreagadh dhó, agus do losgadh túise déaghbholaidh dá lathair, agus don narán taisbéanta laetheamhuil, agus do na hofráluibh loisge maidin agus tráthnóna, annsna sabboidibh, agus annsna reéibh núadha, agus a bhféastuighibh sollamanta ar TTIGHEARNA Dé. Atá so dúalach air Israel go bráth.
5
Agus an tigh atáim do dhéanamh budh mór é: óir is mór ar Ndía ós cionn gach uile dhée.
6
Acht cía fhéadas tigh do dhéanamh dhó, ó nach féidir lé neamh agus re neamh na neamh a rochduin ionta? cía misi air a nadhbharsin, as a ndéanuinn tigh dhó, achd amháin íodhburtha do losgadh as a choinne?
7
Cuir chugam anois nimesin duine glic a noibriughadh a nór, agus a nairgiod, agus a bprás, agus a níarann, agus a bpurpuir, agus a ndearg, agus a ngorm, agus agá mbía eólus a ngreannadh a bhfochair na ndáoine nglic atá agamsa ann Iúdah agus ann Ierusalem, noch do sholathair Dáibhi mathair.
8
Cuir chugam mar an gceadna croinn chédair, croinn ghiumhuis, agus croinn Algam, as Lebanon: (óir is fios damh gurab éolgach do shearbhfhoghantuighidhse air adhmad do ghearradh a Lebanon); agus, féuch, béid mo mhuinntirse a bhfochair do mhuinntire,
9
Eadhon dullmhughadh adhmúid dhamhsa go lór; óir an tigh atáim ar tí do chur súas budh iongantach a mhéid.
10
Agus, féach, do bhéara mé dot mhuinntir, na géarrthóirighe ghéarrfus adhmad, fithche míle miosúr do chruithneachd bhuáilte, agus fithche míle miosúr éorna, agus fithche míle soitheach fíona, agus fithche míle soitheach ola.
11
¶ Ann sin do fhreagair Húram rígh Tíor a scríbhinn, noch do chuir sé go Solamh, Do bhrígh gur bionmhuin leis an TTIGHEARNA a dhaóine, do rinne sé rígh dhíotsa ós a ccionn.
12
A dubhairt Húram fós, Go madh beannuigh an TIGHEARNA Día Israel, noch do rinne neamh agus talamh, noch thug mac glic do Dháibhi rígh, lán do chríonnachd agus do thuigsin, noch do chuirfeadh tigh súas don TIGHEARNA, agus tigh dhá rioghachd.
13
Agus anois do chuir misi chugad duine glic, tuigsionach, do mhuinntir mathar Huram,
14
Mac mná dingheanuibh Dan, agus duine do Thíor a athair, glic a noibriughadh a nór, agus a nairgiod, a bprás, a níarann, a ccloich, agus a nadhmad, a bpurpuir, a ngorm, agus a linéadach fhínéulta, agus a ndearg; agus mar an gcéadna do ghreannadh gach éantsóirt oibre greanta, agus do bhreith éoluis air gach uile stuáim da ccuirfighthear chuige, maille re do dhaóinibh gliocasa, agus re daoinibh glioca mo THIGHEARNA Dáibhi hathair.
15
Anois ar a nadhbharsin an chruithneachd, agus a néorna, a nola, agus an fíon, air ar labhair mo thighearna, cuireadh sé úadh íad chum a shearbhfhoghantuigheadh:
16
Agus géarrfuimne adhmad as Lebanon, an mhéid bhus uireasbuidh ort: agus béaram linn na sláoduibh íad air an bhfairge go Ioppa, agus béara túsa as sin go Hierusalem íad,
17
¶ Agus do áirimh Solamh a raibh do choimhitheachuibh a ttír Israel, do réir na nuibhreach lear áirimh Dáibhi a athair íad; agus do fríth dhíobh céud agus cáogad míle agus trí mhíle agus sé chéad.
18
Agus do chuir sé trí fithchid agus deich míle dhíobh diomchar úalach, agus ceithre fithchid míle doibriughadh san tslíabh, agus trí mhíle agus sé chéud ós ccionn dá mbrostadh iona nobair.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36