bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 18
2 Chronicles 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 19 →
1
Anois do bhí saidhbhrios agus onoír ag Iehosaphat go liónmhar, agus do rinne sé cleamhnas re Ahab.
2
Agus tar eís bliadhan áirigh do chúaidh seision go Hahab go Samária. Agus do mharbh Ahab caoirigh agus doimh go lór dhó féin, agus do na daoinibh do bhí na fhochair, agus díarr air dul léis súas go Rámot‐gilead.
3
Agus a dúbhairt Ahab rígh Israel re Iehosaphat rígh Iúdah, An racha tusa liomsa go Ramot‐gilead? Agus do fhreagair seision é, Ataímse mar atá tusa, agus mo dhaoine mar do dhaoinesi; agus bíamaoid leachd annsa ccogadh.
4
Agus a dúbhairt Iehosaphat re rígh Israel, Gúidhim thú, fagh scéala, ó bhreithir an TIGHEARNA a niugh.
5
Uimesin do chruinnigh rígh Israel a bhfochair a chéile do na fáighibh ceithre chéad fear, agus a dubhairt sé riu, An racham súas go Ramot‐gilead do chur catha, nó án locfa me? Agus a dubhradarsan, Imthigh; oír do bhéara Día a láimh an rígh í.
6
¶ Acht a dubhairt Iehosaphat, Nach bhfuil annso faígh oile do mhuinntir an TIGHEARNA, iondus go bhfíafrochaimís de?
7
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Atá fós aonduine amháin, lé a bhféadfuimís ceastnughadh um an TTIGHEARNA: acht atá fúath agamsa air, óir ní thairghireann sé maith dhamh go bráth, acht olc gach uile úair: sé sin Micaiah mhac Imla. Agus a dubhairt Iehosaphat, Ná habradh an rígh marsin.
8
Agus do ghoir rígh Israel ar aon dá oifigeachaibh, agus a dubhairt, Tabhair leachd go luath Micaiah mhac Imla.
9
Agus do shuigh rígh Israel agus Iehosaphat rígh Iúdah gach áon aca iona chathaoir féin, éuduighthe iona róbuibh, agus do shuigheadar a naít fhairsing a ndul a steach gheata Samária; agus na fáighe uile ag fáigheadóireachd as a ccoinne.
10
Agus do rinne Sedeciah mhac Chenaanah adharca íaruinn dó feín, agus a dubhairt, Is marso a deir an TIGHEARNA, Leó so bhuailfios tú Siria no go scriostar iad.
11
Agus do thairghireadar na faíghe uile mar sin, gha rádh, Imthigh súas go Ramot‐gilead, agus beir búaidh: óir do bhéara an TIGHEARNA a laimh an rígh í.
12
Agus do labhair an teachdaire do chúaidh do ghairm Mhicaiah, dhá rádh ris, Féuch, taisbeanuid bríathra na bhfágh maith don rígh ag teacht le chéile; guidhim thú, bíodh thfocalsa mar an ccéadna, mar fhocal aoin díobhsan, agus abairsi ní maith.
13
Agus a dúbhairt Micaiah, Mar mhairios an TIGHEARNA, gidh bé ar bith a déaras mo Dhía, isé sin a déaras misi.
14
Agus a núair tháinic sé gus an rígh, a dúbhairt an rígh ris, A Mhicaiah, an rachum go Ramot‐gilead do chathughadh, nó an locfa mé? Agus a dubhairt seision, Imthigh súas agus beiridh búaidh, óir do bhéarthar an bhur láimh íad.
15
¶ Agus a dúbhairt an rígh ris, Ca mhéid úair do ghreineochus mé thú gan éainní do rádh riom acht firinne a nainm an TIGHEARNA?
16
Annsin a dúbhairt seision, Do chonnairc mé Israel uile scaptha air na sléibhtibh, mar chaorcha gan aodhaire: agus a dubhairt an TIGHEARNA, Ní bhfuil maighistir acaso; filledis ar a nadhbharsin gach aon da thigh féin a síothchain.
17
Agus a dubhairt rígh Israel re Iehosaphat, Nach ar innis mé dhuit nach ttúairfeadh sé maith dhamhsa, acht olc?
18
A dubhairt sé a rís, Uimesin éisti bríathar an TIGHEARNA; Do chonnairc mé an TIGHEARNA na shuidhe iona chathaoir, agus slúagh fhlaitheamhnus na seasamh air a láimh dheis agus chlé.
19
Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Cía bhéaras air Ahab rígh Israel dul súas, agus tuitim ag Ramoth‐gilead? Agus do labhair aon ghá rádh air an modhso, agus aroile air an modh úd.
20
Annsin tháinic spiorad amach, agus do sheas se as coinne an TIGHEARNA, agus a dúbhairt, Faideochuidh misi faoi. Agus a dúbhairt an TIGHEARNA ris, Cread leis?
21
Agus a dubharit seision, Racha mé amach, agus biaidh mé am spiorad bhréagach a mbéul a fhágh uile. Agus a dúbhairt an TIGHEARNA, Broisteochuidh tú é, agus fós éireochuidh leachd: éirigh amach, agus déana mar sin.
22
Anois ar a nadhbharsin, féuch, do chuir an TIGHEARNA spiorad bréagach a mbeul na bhfághsa agadsa, agus do labhair an TIGHEARNA olc at haghaidh.
23
¶ Annsin tháinic Sedeciah mhac Chenaanah a ccomhfhogus, agus do bhúail sé Micaiah air an ngiall, agus a dúbhairt, Cá slighe a ndeachaidh Spiorad an TIGHEARNA úaimse do labhaírt riotsa?
24
Agus a dúbhairt Micaiah, Féuch, do chífe tusa air an lá sin féin rachus tú a seomra a bhfad a steach dot fholach feín.
25
Ann sin a dúbhairt rígh Isráel, Glacuidhse Micaiah, agus beiridh air ais é go Hamon riaghlóir na caithreach, agus go Ioas mac an rígh;
26
Agus abruidh, Is marso a deir an rígh, Cuiridh é so annsa phríosún, agus bíathuigh é lé harán na hanacra agus le huisce na peannaide, nó go bhfillidh misi a síothcháin.
27
Agus a dúbhairt Micaiah, Má fhilleann tú go deimhin a síothchain, annsin níor labhair án TIGHEARNA thriomsa. Agus a dubhairt seision, Eístigh, so a phobal uile.
28
¶ Marsin do chúaidh rígh Israel agus Iehosaphat rígh Iúdah, súas go Rámotghilead.
29
Agus a dúbhairt rígh Israel re Iehosaphat, dícheilfe misi mé féin, agus racha mé chum an chatha; acht cuirse do róbadha ort. Marsin do dhicheil rígh Israel é feín; agus do chúadar chum an chatha.
30
Anois do fhuagair rígh na Síria do chaiptinibh a charbad do bhí na fhochair, gha rádh, Ná troidighsi re neach beag no mór, acht ré rígh Israel amháin.
31
Agus tárla, an tan do chonncadar caiptinigh na ccarbad Iehosaphat, go ndubhradar, Isé so rígh Israel. Uimesin thangadar na thimchioll do throid: achd do eígh Iehosaphat go hárd, agus do chuidigh an TIGHEARNA ris; agus thug Día orrasan a fhágbháil.
32
Oír tárla, a nuáir do aithnigheadar caiptínigh na ccarbad nach é rígh Israel do bhí ann, dfilleadar air a nais a rís ó leanmhuin air.
33
¶ Agus do tharruing duine áirigh bogha go teagmhuiseach, agus do bhuail sé rígh Israel idir alta a lúirigh: uime sin a dubhairt sé re na ghiolla carbuid, Fill do lámh, chor go mbeirir amach as an tslúagh mé; oír ataim loitigh.
34
Agus do mhéaduigh an cath an lá sin: acht cheana do chonnuimh rígh Israel é feín na sheasamh iona charbad a naghaidh na Sírianach go tráthnóna: agus timchioll am greíne dhul faoi fúair sé bás.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36