bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 30
2 Chronicles 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 31 →
1
Agus do chuir Heseciah fios go Hisrael uile agus go Iúdah agus do scríobh litreacha fós go Héphraim agus go Manasseh, teacht go tigh an TIGHEARNA ann Ierusalem, do chongmhail na cásg don TIGHEARNA Día Israel.
2
Oir do rinne an rígh comhairle, agus a phrionnsadha, agus an comhchruinniughadh uile ann Ierusalem, an cháisg de chongmháil annsan dara mhí.
3
Oir níor fhéadadar a chongmháil fá namsin, do bhrígh nár náomhuigheadar na sagairt íad féin mar budh lór, ní mó chruinnigheadar cách íad féin go Hierusalem.
4
Agus do thaitin an nísin leis an rígh agus leis an ccomhchruinniughadh uile.
5
Ar a nadhbharsin do rinneadar órdughadh fúagra do thabhairt ar feadh Israel, ó Bheerseba air fad go Dan, teachd do choimhéad na cásg don TIGHEARNA Día Israel go Hierusalem: óir ní dhearnadar é re aimsir fhada, mar do bhí scríobhtha.
6
Marsin dimthigheadar na teachda leís na litreachaibh ón rígh agus ó na prionnsadhuibh ar feadh Israel agus Iúdah, agus do réir aithne an rígh, gha rádh, A chlann Israel, fillidh a rís chum an TIGHEARNA Día Abraham, Isaac, agus Israel, agus fillfe sé ar an bhfuighioll atá dhíbhse, noch dimthigh as láimh rígh na Hassíria.
7
Agus ná bíthíse cosmhuil re bhur naithreacha, agus cosmhuil re bhur ndéarbhráithribh, noch do pheacaidh a naghaidh an TIGHEARNA Día a naithreadh, noch do sheachaid íad ar a nadhbharsin dá scrios, mar do chíthíse.
8
Anois ná bithíse crúaidhmhuinéil, mar do bhadar bhur naithre, acht tugaidh sibh fein don TIGHEARNA, agus tigidh a steach dhá shanctóra, noch do náomhuidh sé go bráth: agus adhruigh bhur TTIGHEARNA Día, le bhfillfe fráoch a fheírge úaibh.
9
Oír má fhilltí a rís chum an TIGHEARNA, do gheabhuid bhur ndearbhráithre agus bhur cclann trocaire á lathair na muinntire rug a láimh íad, iondus go ttiucfaid a rís don tirsi: óir is grásamhuil trócaireach bhur TTIGHEARNA Día, agus ní iompochuidh sé a aghaibh úaibh, má fhilltí chuige.
10
Marsin do chuádar na teachda ó chathruigh go cathruigh tré thír Ephraim agus Mhanasseh air fad go Sebulun: acht do bhádarsan ag magadh, agus ag sgige fúthadh.
11
Thairis sin dumhluigheadar móran do Aser agus do Mhanasseh agus do Shebulun iad fein, agus thangadar go Hierusalem.
12
Mar an gcéadna ann Iúdah do bhí lámh Dé lé háonchroidhe amháin do thabhairt dóibh do choimhlíonadh aithne an rígh agus na bprionnsadh, re breithir an TIGHEARNA.
13
¶ Agus do chruinnigh an Ierusalem mórán daóine do choimheúd fhéusta a naráin gan loibhín ansa dara mí, comhchruinniughadh romhór.
14
Agus deírgheadar agus rugadar na haltóra do bhí ann Ierusalem leó, agus rugadar leó a nuile altóir thúis, agus do theilgeadar a sruth Cidron íad.
15
Annsin do mharbhadar an cháisg ar an cceathramhadh lá déag don dara mhí: agus do bhí náire air na sagartuibh agus air na Lebhítibh, agus do náomhadar íad féin, agus thugadar na hofrála loisge a steach go tigh an TIGHEARNA.
16
Agus do sheasadar iona náit do réir a ngnátha, do reír dhlighe Maóise óglach Dé: do chroitheadar na sagart a nfuil, do ghlacadar as láimh na Lebhíteach.
17
Oír do bhí mórán annsa chomhchrúinniughadh nach ar náomhadh: uimesin is air na Lebhítibh do bhí curam marbhtha na cásg ar son gach áoin nach raibh glan, dá náomhadh don TIGHEARNA.
18
Oír níor ghlan mórán don phobal íad féin, eadhon mórán do Ephraim, do Mhanasseh, do Issachar, agus do Shebulun, gidheadh a dúadar an cháisg thar mar atá scríobhtha. Acht do ghuidh Heseciah ar a son, gha rádh, Go maithidh an TIGHEARNA maith dá gach áonduine
19
Dá nullmhuighionn a chroidhe díarruidh Dé, an TIGHEARNA Día a aithreadh, dá mbeith nach bíadh glan do réir ghlanta na sanctóra.
20
Agus déist an TIGHEARNA ré Heseciah, agus do leighis sé an pobal.
21
Agus do choimheád clann Israel do bhí a lathair ann Ierusalem féusta a naráin gan loibhín seacht lá maille re gáirdeachus mór: agus na sagairt agus na Lebhítigh ag moladh an TIGHEARNA ó ló go ló, ag seinm le hionstruimintibh árdghothach don TIGHEARNA.
22
Agus do labhair Heseciah go cobharthach ris na Lebhítibh uile noch do theagaisc eólus maith an TIGHEARNA: agus a dúadar ar feadh a nféusta seacht lá, ag ofráil ofrála síothchána, agus ag déanamh admhála don TIGHEARNA Día a naithreadh.
23
Agus do rinne an coimhthionól uile comhairle fa sheacht lá oile do choimhéud: agus do choimhéadadar seachd lá oile re fólás.
24
Oír thug Heseciah rígh Iúdah don chomhchruinniughadh míle bulóg agus seachd míle cáora; agus thug na prionnsadha don chomhchruinniughadh míle bulóg agus deich míle cáora: agus do náomhuidh úibhir mhór shagart íad féin.
25
Agus bá luáthghairéach comhchruinniughadh Iúdah uile, agus na sagairt agus na Lebhítigh, agus an coimhthionól tháinic as tír Israel uile, agus na coimhighthigh tháiníc as tír Israel, agus do bhí na ccomhnuidh ann Iúdah.
26
Mairsin do bhí gáirdeachus mór ann Ierúsalem: óir ó aimsir Sholuimh mhic Dáibhi rígh Israel ní raibh a leithéid ann Ierusalem.
27
¶ Annsin déirgheadar na sagairt, agus na Lebhitigh agus do bheannuigheadar an pobal: agus do héisdeadh a nguth, agus tháinic a nguidhe dá áit chomhnuigh náomhthasan, eadhón go flaitheamhnus.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36