bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Chronicles 32
2 Chronicles 32
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
1
Tar éis na neitheannso, agus a nordughadh go diongmhalta, thaínic Sennacherib rígh na Hassíria, agus do chúaidh a steach go Iúdah, agus do chuir foslungphort re haghaidh na ccaithreach ndaingion, agus do sháoil sé a mbúain amach dhó féin.
2
Agus a nuáir do chonnairc Heseciah go ttáinic Sennacherib, agus gur chuir roimhe troid a naghaidh Ierusalem,
3
Do rinne sé comhairle re na phrionnsadhuibh agus le dháoinibh cumhachdacha uisgeadha na ttobar do stopadh noch do bhí táobh amuigh don chathruigh: agus do chuidigheadar leis.
4
Annsin do thionoladar mórán dáoine a ccionn a chéile, noch do stop na tóibreacha uile, agus a nabhuinn do ghabh tre lár na tíre, gha rádh, Cred fa ttiucfaidís ríghthe na Hassíria agus iomad uisge dfagháil?
5
Agus do neartuigh sé é féin, agus do chuir sé súas an balla uile do bhí briste, agus do thóg súas é go nuige na tuir, agus balla oíle táobh amuigh, agus do leasuigh sé Millo a ccathruigh Dháibhi, agus do rinne sé gaéthe agus scíatha go lór.
6
Agus do chuir sé caiptinigh cogaidh ós cionn an phobail, agus do chrumnigh chuige íad a bhfarradh a chéile a sráid gheata na caithreach, agus do labhair go meisneamhuil riú, gha rádh,
7
Bithí láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh roimhe righe na Hassíria, ar son a bhtuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis:
8
Lámh fhéola atá leission; acht atá ar TTIGHEARNA Dia linne chum cuidiughadh linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal aír bhríathruibh Heseciah rígh Iúdah.
9
¶ Na dhiaighso do chuir Sennacherib rígh na Hassíria a sherbhisigh go Hierusalem, (acht do bhí féin a bhfoslungphort re haghaidh Lachis, agus a chumhachta uile na fhochair,) go Heseciah rígh Iúdah, agus a raibh ann Ierusalem do Iúdah uile, gha rádh,
10
Is marso a deir Sennacherib rígh na Hassíria, Cred iona bhfuil bhur ndóigh, as a bhfantáoi a ndaingion Ierusalem?
11
Nach bhfuil Heseciah dá chur dfíachaibh oruibh sibh féin do thabhairt don bhás lé gorta agus lé tart, gha rádh, Sáorfuidh ar TTIGHEARNA Día sinn amach as lánnh rígh na Hassíria?
12
Nach ar chuir an Heseciah céadnasin a áite árda agus a altóra ar ccúl, agus nach ar fhúagair do Iúdah agus do Ierusalem, ga rádh, Adhorthaói as coinne áon altóra amháin, agus loisgfidhe túis uirre?
13
Nach bhfuil a fhios aguibhsi cred do rinne misi agus maithreacha re huile dháoine chríoch oile? ar théadadar deé chineadhach na ccríoch sin ar mhodh ar bith a bhfearuinn do sháoradh as mo láimhse?
14
Cia hé measc dheé na ccríoch sin uile noch do léirsgrios maithresi, dféad a dhaoine do sháoradh as mo lánnhsi, as a mbíadh bur Ndíasa cumasach ar sibhsi do shaóradh óm láimh?
15
Anois ar a nadhbharsin ná mealladh Heseciah sibh, agus na bogadh sé sibh air an modhso, agus fos ná creidigh é: oir ni raibh áondía chríche na rioghachda air bith cumasach ar a dháoinibh do shaoradh óm láimhsi, agus ó láimh maithreadh: nach lughe go mór ná sin shaorfeas bhur Ndíaso sibhsi as mo láimh?
16
Agus dó labhradar a sherbhísigh fós túilleamh a naghaidh an TIGHEARNA Dé, agus a naghaidh a sherbhisigh Héseciah.
17
Do scríobh sé litreacha mar an ccéadna do cháineadh an TIGHEARNA Dia Israel, agus do labhairt iona aghaidh, gha rádh, Mar nar sháoradar deé na ccríoch oile a ndáoine as mo láimhsi, is marsin nach sáorfuidh Día Heseciah a dhaoine as mo láimh.
18
Ann sin déigheadar do ghuth árd annsa teanguidh luduidhe ar mhumntir Ierusalem do bhí air an mballa, do chur eagla orra, agus da mbúaidhreadh; chor go ngéabhaidís an chathair.
19
Agus do labhradar a naghaidh Dé Ierusalem, amhuil do laibheoraidís a naghaidh deé dhaoine na talmhan, noch dob obair lámh duine.
20
¶ Ar a nadhbharso do ghuidh agus do éigh Heseciah an rígh, agus an fáigh Isaiah mhac Amos, chum nimhe.
21
Agus do chuir an TIGHEARNA aingeal uadh, noch do ghéarr a mach na fir chalma uile, agus cinn feadhna agus na cáiptinigh annsa bhfoslongphort ag righ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá dhúthaigh féin. Agus a nuáir tháinic sé go tigh a dhé, an luchd tháinic amach as a innighibh fein do mharbhadar ann sin é leis an ccloidhemh.
22
Marso do chamhduigh an TIGHEARNA Heseciah agus muinntir Ierusalem ó láimh Shennacherib rígh na Hassíria, agus o láimh a nuile dhuine oile, agus do thréoruigh sé iad air gach uile tháobh.
23
Agus thugadar mórán daóine tiodhlaice chum an TIGHEARNA go Hierusalem, agus bpronntadha go Heseciah rígh Iudah: iondus gur méuduigheadh é a radharc gach uile chriche ó sin amach.
24
¶ Annsna laéthibh sin do bhí Heseciah tinn chum báis, agus do ghuidh sé chum an TIGHEARNA: agus do labhair sé ris, agus thug sé comhartha dhó.
25
Acht níor chúitigh Heseciah a rís do réir na máitheasa do rinneadh dhó; acht do tógbhadh a chroidhe suas: uimesin tháinic dioghaltas air, agus air Iúdah agus air Ierusalem.
26
Tharis sin dumhluigh Heseciah é féin ar son úabhair a chroidhe, (é féin aráon agus muinntir Ierusalem,) iondus nach dtáinic dioghaltas Dé orra re linn Heseciah.
27
¶ Agus do bhí iomarcaidh saídhbhris agus onóra ag Heseciah: agus do rinne sé stórúis do féin chum airgid, agus chum óir, agus chum cioch mbúadha, agus chum spiosradha, agus chum sciathadh, agus chum a nuile short séud náluinn;
28
Tighthe stórúis mar an ccéadna chum bisigh a narbha, agus a nfíona, agus na hola; agus stalladha do nuile short beathach, agus máinreacha da threuduibh.
29
Tuilleamh oile dullmhuigh sé dhó féin caithreacha, agus sealbha do thréuduibh agus dealbhaibh go lór: óir thug Día iomarcaigh maóine dhó.
30
Do stop an Teseciah céadnaso cúrsa uisge úachtarach Gihon, agus thug go díreach anúas fa táobh shíar do chaithreadh Daibhi é. Agus do chúaidh Heseciah ar a aghaidh iona oibreachaibh uile.
31
¶ Acht cheana a ttáobh theachtadh phrionnsadh na Baibilóine, noch do chuir teachta chuige dfagháil sgéul a niongnuidh do rinneadh annsa tir, do léig Día na leith féin, é, da dhearbhadh, chor go mbeith fios a nuile ni da raibh iona chroidhe aige.
32
¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Heseciah, agus a mhaith, féuch, atáid scríobhtha a bhfis Isaiah an fáigh, mac Amos, agus a leabhar riogh Iúdah agus Israel.
33
Agus do choduil Heseciah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa túama dob onoruigh ag macaibh Dháibhi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreabhuigh Ierusalem onóir dhó a nam a bháis. Agus do ríoghuidh Manasseh a mhac ióna áit.
← Chapter 31
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 33 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36