bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 1
Romans 1
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
1
Mise Pól, seirbhíseach Íosa Críost, duine a bhfuil gairm aspail aige, agus a toghadh dʼaonghnó chun soiscéal Dé a chraobhscaoileadh,
2
an soiscéal úd a bhí geallta roimh ré aige trí bhéal na bhfáithe i mBíobla Dé,
3
an soiscéal úd a insíonn faoina Mhac, ba shliocht do Dháibhí de réir na folaíochta,
4
an Mac sin ar léiríodh gurbh é Mac Dé é i gcumhachtaí de réir Spiorad na naofachta de bharr a aiséirí ó mhairbh, Íosa Críost ár dTiarna,
5
ar trídsean a bronnadh grásta agus aspaltacht orainn le daoine a thabhairt chun géilleadh don chreideamh mar mhaithe lena ainmsean i mease na náisiún uile go léir,
6
ar díobh sibhse a fuair an ghairm le bheith le hÍosa Críost;
7
Daoibhse uile atá sa Róimh a bhfuil grá ag Dia daoibh, agus a fuair gairm le bheith in bhur naoimh; grásta daoibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiama Íosa Críost.
8
Tugaim tús áite do mo bhuíochas do Dhia trí Íosa Críost ar son an iomláin agaibh, mar tá bhur gcreideamh i mbéal an domhain uile.
9
A fhianaise sin ar Dhia, an Dia sin a mbíonn mo sprid ag saothrú shoiscéal a Mhic, gan stad orm ach bhur gcur faoi bhrí mo ghuí,
10
agus mé ag iarraidh dʼimpí ar Dhia go dtoileoidh sé ligean dom teacht chugaibhse sa deireadh.
11
Mar bím ag tnúth le hamharc a fháil oraibh, ionas go mbronna mé brontannas éigin spioradálta oraibh le bhur neartú,
12
is é sin le rá, go dtógaimid croíthe a chéile leis an gcreideamh atá againn, bhur gcreideamh maraon le mo chreideamh féin.
13
Mar táim ag insint daoibh le fonn, a bhráithre, gur minic a chuir mé romham cuairt a thabhairt oraibh (ach gurbh éigean dom a chur ar cairde go dtí seo), ionas go mbeidh fómhar á bhaint agam eadraibh mar baineadh idir an chuid eile de na Gintlithe.
14
Táim faoi oibleagáid ag Gréagaigh agus ag neamh-Ghréagaigh, ag saoithe agus daoithe;
15
agus mar sin de tá fonn mór orm an soiscéal a sheanmóireacht daoibhse fós, atá in bhur gcónaí sa Róimh.
16
Mar ní fheictear dom gur ábhar náire dom an soiscéal: don uile dhuine a mbíonn creideamh aige, an Giúdach ar dtús agus an Gréagach maraon leis, is é cumhacht Dé chun sláinte é.
17
Mar is ann a fhoilsítear fíréantacht Dé tríd an gcreideamh don chreideamh; mar atá scríofa, “An té a bhíonn ina fhíréan tríd an gcreideamh mairfidh sé beo.”
18
Mar nochtar dian-íhearg Dé ó neamh in éadan gach aindiagacht agus coirpeacht na ndaoine sin a chuireas cosc ar an bhfírinne lena gcoirpeacht.
19
Mar is léir dóibh an t-eolas is féidir a fháil ar Dhia, mar tá Dia i ndiaidh a nochtadh dóibh.
20
Mar riamh anall ó chruthú na cruinne tá a nádúr dofheicthe, is é sin, a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht, go soiléir so-mhothaithe sna nithe a rinne sé. Agus fágann sin gan leithscéal iad;
21
mar cé go raibh eolas ar Dhia acu níor thug siad onóir nó buíochas dó mar Dhia, ach bhí a n-intinn le baois agus a n-intleacht díchéillí lán de dhorchacht.
22
Bhí meas acu orthu féin faoi bheith glic agus iad ina n-amadáin déanta,
23
a thug glóir an Dé dho-mharaithe ar iomhánna ba chosúil leis an duine so-mharaithe, nó le héin nó le hainmhithe nó le péisteanna.
24
Dá bhri sin lig Dia le hainmhianta a gcroíthe an mhi-gheanmnaiocht agus easonóir chorpartha a chleachtadh le chéile,
25
de bhrí gur thug siad fírinne Dé ar bhréag agus gur adhair agus gur fhón siad na créatúir os cionn an Chruthaitheora, moladh go deo leis! Áiméan.
26
Dá bhrí sin scaoil Dia le hainmhianta náireacha iad. Dʼathraigh a mná a gcaidreamh nádúrtha ina ní mí-nádúrtha,
27
agus stad na fir fós ó dhul le mná agus thug antoil bhuile dá chéile, agus rinne fir gníomhartha mí-náireacha le fir agus fuair siad ina bpearsana féin an pionós sin a thuill a n-earráid.
28
Agus ós rud é nár dheonaigh siad Dia a admháil, scaoil Dia iad chuig táire intinne agus mí-mhodhúlacht béas.
29
Ba lán iad den uile shórt coirpeachta, dʼolc, de shaint, agus de mhailís. Lán dʼéad agus de dhúnmharú, dʼaighneas agus de mheang agus dʼurchóid, bíonn siad béadánach,
30
cúlchainteach, fuath acu do Dhia, iad díom-asach, ardnósach, mórtasach, ina gcumadóirí oilc, easumhal do thuismitheoirí,
31
amaideach, fealltach, cruachroíoch, míthrócaireach.
32
Cé gur feasach dóibh go bhfuil achtaithe ag Dia go dtuilleann an dream a dhéanas amhlaidh bás, ní leor leo a ndéanamh, ach bíonn meas acu ar an dream a dhéanas amhlaidh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16