bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 14
Romans 14
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
1
Maidir le fear an chreidimh laig, bíodh fáilte agaibh roimhe, ach ní chun díospóireachtaí faoi thuairimí.
2
Tá fear ann a chreideas gur ceadmhach dó a rogha rud a ithe, ach an duine lag ní itheann sé ach luibheanna.
3
Ná déanadh an té a itheas a bheag den té a fhanas amach uaidh, agus ná tugadh an té a fhanas amach uaidh daor-bhreith ar an té a itheas; ó bíonn fáilte ag Dia roimhe.
4
Cé tú féin le breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Is os comhair a mháistir féin a sheasas sé nó a thiteas sé. Agus tógfar ar a bhoinn é, mar is féidir leis an Máistir cos a chur faoi.
5
Bíonn fear amháin ann a mheasas gur fearr lá ná a chéile, agus measann fear eile go mbíonn na laethanta uile mar an gcéanna. Caithfidh gach duine acu bheith lán dearfa ina intinn féin.
6
An té a cheiliúras an lá, is in onóir an Tiarna a cheiliúras sé é. Agus an té a itheas, is in onóir an Tiarna a itheas sé, ó altaíonn sé le Dia é; agus an té a dhéanas tréanas, déanann sé a thréanas in onóir an Tiarna agus beireann sé buíochas le Dia.
7
Ní dó féin amháin a mhaireas aon duine againn, agus ní dó féin amháin a fhaigheas aon duine againn bás.
8
Más beo dúinn, mairimid don Tiarna, agus más é an bás atá i ndán dúinn, faighimid bás don Tiarna; dá bhrí sin is cuma cé acu beo nó marbh, is leis an Tiarna sinn.
9
Mar is chuige sin a dʼéag agus a dʼaiséirigh Críost, ionas go mba Thiarna na mbeo agus na marbh é.
10
Cad chuige a dtugann tú daorbhreith ar do bhráthair? Nó cad chuige ar bheag leat do bhráthair, a ghiolla úd?
11
Mar tá sé scríofa, “Mar a mhairim, deir an Tiarna, níl glúin nach bhfeac-faidh romham, ná teanga nach dtabharfaidh a dhíol molta do Dhia.”
12
Mar sin caithfidh an uile dhuine againn bheith ag freagairt ar a shon féin do Dhia.
13
Mar sin de ná tugaimis daorbhreith ar a chéile a thuilleadh, ach ina ionad sin go mba é rún ár n-intinne gan aon toirmeasc ná ceap tuisle a fhágáil sa chosán roimh ár mbráthair.
14
Tá dearbh-fhios agam i bhfianaise mo Thiarna Íosa nach neamhghlan ann féin aon ní dár cruthaíodh, mar níl sé neamhghlan ach dar leis an té a mheasas neamhghlan é.
15
Ach má tá dochar do do bhráthair i do bhiasa, ní bhíonn tú ag ordú do bheatha de réir an ghrá a thuilleadh. Ná lig do do chuid bia bheith ag milleadh duine a bhfuair Críost bás ar a shon.
16
Ná bíodh drochiomrá ar an maith sin agat.
17
Ní gnóthaí bia agus dí í ríocht Dé ach an fhiréan-tacht agus an tsíocháin agus ansó sa Naomh-Spiorad;
18
an té a dhéanas seirbhís do Dhia ar an modh sin bíonn aoibh ar Dhia leis agus bíonn na daoine á mholadh.
19
Leanaimis mar sin don uile ní a chuireas le síocháin agus le leas na gcomharsana.
20
Ná scriosaigí saothar Dé mar mhaithe le bolgam bia. Ar ndóigh tá gach uile ní glan, ach is míchóir duit ní a ithe a thabharfadh ar dhuine eile titim as a sheasamh;
21
is cóir gan feoil a ithe ná fíon a ól ná aon ní a dhéanamh a bhainfeadh barrthuisle as do bhráthair.
22
An creideamh atá agat, bíodh sé agat idir tú féin agus Dia amháin; mar is méanar don té nach mbíonn cúis aige daorbhreith a thabhairt air féin i dtaobh an ní a mheasas sé is cóir.
23
Ach an té a bhíos drochamhrasach tugtar daorbhreith air, má itheann sé, ós rud é nach n-oibríonn sé ó chreideamh; mar cibé ar bith ní nach dtagann ó chreideamh, is peaca é.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16