bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 15
Romans 15
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
1
Is cóir dúinne atá láidir cur suas le duáilcí na lag agus gan sinn féin a shásamh;
2
agus gach duine againn i bhfáth leis an ní a thaitníos lena chomharsa a dhéanamh, atá lena leas.
3
Mar níor shásaigh Críost é féin; ach mar atá scríofa, “Na hachasáin a thug lucht dʼachasáin duitse, thit siad uile i mo mhullach.”
4
Mar cibé a scríobhadh sna laethanta fadó, is dʼár dteagasc a scríobhadh é, ionas go mbeadh dóchas againn le foighne fhada agus le sólás an Scrioptúir.
5
Go ndéana Dia na foighne agus Dia an tsóláis seo daoibh maireachtáil ar aon intinn le chéile, de réir Íosa Críost,
6
go dtuga sibh dʼaon ghuth glóir do Dhia, dʼAthair ár dTiarna Íosa Críost.
7
Fearaigí fáilte roimh a chéile, mar sin, mar a dʼfhear Críost fáilte romhaibh, chun glóir Dé.
8
Mar táim á insint daoibh gur tharla do Chríost bheith ina sheirbhíseach ag an dream timpeallghearrtha le fíordhilseacht Dé a léimochtadh, leis na gealltanais a tugadh do na huasalaithreacha a dheimhniú,
9
ar mhodh go dtabharfadh na Gintlithe glóir do Dhia as ucht a thrócaire. Mar atá scríofa, “Dá bhrí sin molfaidh mé thú i mease na nGintlithe, agus seinnfidh mé clú dʼainm;”
10
agus deirtear arís, “Bíodh lúcháir oraibh, a Ghintlithe, maraon lena mhuintir féin;”
11
agus aris, “Molaigí an Tiarna; a Ghintlithe uile, agus moladh na ciníocha uile go léir é”;
12
agus deir Ísáia fós, “Tiocfaidh fréamh Iesse, an té a éiríos i geeannas na nGintlithe; is ann a chuirfeas na Gintlithe a muinín.”
13
Go liona Dia an dóchais sibh le gach só agus síocháin in bhur gcreideamh, ionas go gcuirfidh sibh go mór le bhur ndóchas trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
14
Maidir libhse, a bhráithre, tá mise mé féin lánsásta i mʼintinn, ós cinnte go bhfuil sibh lán den mhaith, agus líonta den uile eolas, agus cumas maith agaibh le teagasc a thabhairt dá chéile.
15
Ach ba dhána an mhaise dom scríobh chugaibh le pointi áirithe a chur i gcuimhne daoibh, de bharr an ghrásta a bhronn Dia orm
16
chun bheith ag freastal ar na Gintlithe i seirbhís shagartach shoiscéal Dé, le híobairt inghafa a dhéanamh do na Ginththe, agus iad á naomhú tríd an Spiorad Naomh.
17
Tá cúis mhaith agam mar sin trí Íosa Críost le bheith bródúil as mo shaothar do Dhia.
18
Mar níl sé dʼéadan agam aon ní a lua taobh amuigh den mhéid atá déanta tríomsa ag Íosa leis na Gintlithe a thabhairt chun umhlaíochta, i mbriathar agus i ngníomh,
19
le cumhacht na gcomharthaí agus na n-iontas, le cumhacht an Spioraid Naoimh, lenar fhéad mé soiscéal Chríost a fhoilsiú go huile is go hiomlán amach as Iarúsailéim agus thart suas chomh fada le hllliricum,
20
agus rún agam gan an soiscéal a chraobhscaoileadh ach in áit nár ainmníodh ainm Chríost ann roimhe, ar eagla go mbeinn ag tógáil ar dhúshraith a chuir duine eile síos romhamsa,
21
ach mar atá scríofa, “Feicfidh an dream nár insíodh dóibh faoi, agus tuigfidh an mhuintir nár chuala trácht air riamh.”
22
Agus sin agaibh an chúis gur toirmeascadh orm chomh minic sin ó theacht chugaibh.
23
Ach anois, ó nach bhfuil fairsingeacht agam le bheith ag obair sna réigiúin seo, agus ó táim i bhfáth go mór le hiomad blianta le cuairt a thabhairt oraibh,
24
tá sé de dhóchas agam go bhfaighe mé amharc oraibh ar mo bhealach chun na Spáinne, agus go gcuire sibh ar aghaidh mé ar mʼaistear, i ndiaidh tamall suilt a bhaint as bhur gcuideachta.
25
Ach san am atá i láthair, tá orm dul go hlarúsailéim le cuidiú le haghaidh na naomh.
26
Mar is é rud, thoiligh an Mhacadóin agus Acáia síneadh láimhe éigin a thabhairt do na bochta idirna naoimh in Iarúsailéim;
27
thoiligh siad a dhéanamh, agus tá sé mar fhiacha acu orthu, mar más rud é go roinneann siad a sochair spioradálta leis na Gintlithe, ba cheart dóibh siúd a sochair chorpartha a roinnt leo.
28
Mar sin nuair a bhíonn an méid sin déanta agam, agus an méid a bailíodh seachadta agam dóibh, rachaidh mé tríbh ar mo bhealach chun na Spáinne;
29
agus a dhea-fhios agam go mbeidh mo theacht chugaibh faoi lánbheannacht Chríost.
30
Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, as ucht ár dTiarna Íosa Críost agus as ucht ghrá an Spioraid, bheith maraon liom ag guí Dé go tréan ar mo shonsa,
31
go saortar mé ó lucht díchreidimh Iúdaea, agus go raibh mo ghnó in Iarúsailéim taitneamhach leis na naoimh,
32
ionas le deonú Dé go dtiocfaidh mé chugaibh go lúcháireach agus go dtógtar mo chroí ó bheith in bhur gcuideachta.
33
Go raibh Dia na síochána libh uile go léir. Áiméan.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16