bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 9
Romans 9
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 10 →
1
Táim ag insint na fírinne i gCríost, níl mé ag insint bréige; a fhianaise sin ar mo choinsias sa Spiorad Naomh,
2
go mbíonn brón mór agus buaireamh síoraí ar mo chroí.
3
Mar dʼfhéadfainn guí mé féin a bheith mallaithe agus scartha go deo le Críost mar mhaithe le mo bhráithre agus daoine muinteartha mo chine.
4
Is Iosraelít-igh iad, agus is leo ceart na mac, agus an ghlóir, agus na cúnaint, agus reachtú an dlí, agus adhradh Dé, agus na gealltanais;
5
is leo na huasalaithreacha, agus is díobh an Críost de réir na colainne. Dia atá os cionn a bhfuil ann go mba bheannaithe é go deo. Áiméan.
6
Ach ní ionann sin agus a rá gur theip ar bhriathra Dé. Mar ní le hIosrael an mhuintir uile is dʼIosrael.
7
Agus ní hiad claim Abrachaim iad uile a tháinig de; ach “Is trí Íosóg a ainmneofar do shliocht.”
8
Is é a chiallaíos sé sin, nach iad clann Dé iad clann na colainne, ach go meastar clann an ghealltanais mar shliocht.
9
Mar is é a dúirt an gealltanas, “Faoin am seo fillfidh mé agus beidh mac ag Sára.”
10
Agus ní hé sin amháin, ach freisin nuair a bhí clann i mbroinn Rebecca ón t-aon fhear amháin, ár sinsear Íosóg,
11
cé nár saolaíodh fós iad agus cé nach raibh ní maith ná ole déanta acu, ionas go seasfadh rún tofa Dé, ní as siocair na n-oibreacha ach as siocair na gairme,
12
insíodh di, “Beidh an sinsear ag umhlú don sóisear.”
13
Mar atá scríofa, “Thug mé grá do Iácób, ach thug mé fuath do Ésau.”
14
Cad é atá le rá againn ina dhiaidh sin? An é go bhfuil Dia san éagóir? A mhalairt!
15
Mar deir sé le Maois, “Beidh trócaire agam ar an té a mbeidh trócaire agam air, agus déanfaidh mé trua don té sin a ndéanfaidh mé trua dó.”
16
Mar sin ní ar thoil ná ar shaothar an duine atá sé ag brath, ach ar thrócaire Dé.
17
Mar is é a deir an Scrioptúr le Pharao, “Tá tú ardaithe agam chun go dtaispeánfainn mo chumhacht ionat, chun go luaifear mʼainm ar fud an domhain.”
18
Mar sin de bíonn trócaire aige ar an té is toil leis, agus cruann sé croí an té is toil leis.
19
Is é do fhreagra air sin, “Cad chuige mar sin a mbíonn locht aige ar dhuine? Nó cé a fhéadann cur in aghaidh a tholasan?”
20
Ach tusa, ar duine tú, ag tabhairt aisfhreagra ar Dhia? An ndéarfaidh an chumadóireacht leis an gcuma-dóir, “Cad chuige a ndeama tú mar sin mé?”
21
Nach bhfuil ceart ag an bpotaire ar an gcré, soitheach áilleachta agus soitheach umhlóideach a dhéanamh as an gcnap céanna cré?
22
Agus cad é sin duitse, más rún é gur mian le Dia a fhearg a fhoilsiú agus a mhórchumhacht a nochtadh, agus gur fhulaing sé go mórfhoighneach soithigh na feirge a bhfuil an scrios i ndán dóibh,
23
ionas go nochtfaidh sé saibhreas a ghlóire i gcomhair shoithigh na trócaire, atá ullmhaithe aige roimh ié le haghaidh na glóire,
24
mar atá inár gcomhaime, i gcomhair an dreama a ghlaoigh sé, ní hamháin as na Giúdaigh ach as na Gintlithe freisin?
25
Agus ar ndóigh deir sé é sin i Hóséa, “An dream nárbh iad mo mhuintir iad gairfidh mé ‘mo mhuintir’ díobh, agus í siúd nárbh ansa liom gairfidh mé ‘mʼansacht’ di.”
26
“Agus san áit sin ar dúradh leo, ‘ní de mo mhuintir daoibh.’ gairfear ‘clann mhac an Dé bhí’ díobh.”
27
Agus deir Ísáia os ard i dtaobh Iosrael: “Siúd is nach lia gráinní gainimh na farraige ná clann Iosrael, ní shlánófar díobh ach iarsma;
28
mar cuirfidh an Tiama a bhreith i bhfeidhm ar an talamh go dian deifreach.”
29
Agus de réir thairngreacht Ísáia, “Murabh é gur fhág Tiama na slua clann dúinn, bheadh íde Shodóim orainn agus ba chosúil le Gomarra sinn.”
30
Cad é tá orainn a rá mar sin? Is é rud é, na Gintlithe nach raibh iarraidh acu ar an bhfíréantacht, tá sé sroichte acu, is é sin fíréantacht trí chreideamh;
31
ach Iosrael a lorg an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an dlí, níor éirigh leosan an dlí úd a chomhlíonadh.
32
Cad chuige? De bhrí nár lean siad trí chreideamh é, ach mar a bheadh sé bunaithe ar oibreacha. Bhain an chloch thuisle tuisle astu,
33
mar atá scríofa, “Féach, táim ag cur síos i Sión cloch a bhainfeas tuislí as daoine, carraig a leagfas iad ar lár; agus an té a chreideas ann ní chuirfear náire air go deo.”
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16