bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 4
Romans 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
1
Cad é a déarfaimid ansin i dtaobh Abrachaim, ár sinsear fola agus feola?
2
Mar más trí oibreacha a fíréanaíodh Abracham, tá ábhar maíte aige. Ach níl sin aige i láthair Dé.
3
Mar cad é a deir an Scrioptúr? “Chreid Abracham Dia agus measadh mar fhíréantacht dó é.”
4
Anois maidir leis an té a dhéanas obair, meastar nach bronntanas, ach gur rud é a thagas chuige ó cheart, a thuarastal.
5
Agus an té nach ndéanann obair ach a chuireas a mhuinín san té a fhíréanaíos an duine neamh-dhiaga, meastar a chreideamhsan mar fhíréantacht.
6
Agus foilsíonn Dáibhí beannacht ar an té a mheastar do Dhia a bheith fíréanta in éagmais oibreacha;
7
“Is beannaithe an dream a maitear a mí-ghníomhartha agus a gcumhdaítear a gcoireanna;
8
is beannaithe an duine sin nach n-áiríonn an Tiama a pheaca ina éadan.”
9
An bhfoilsítear an bheannacht sin ar an dream a timpeallghearradh, nó orthusan agus ar an dream neamh-thimpeallghearrtha freisin? Deirimid gur measadh an creideamh mar fhíréantacht dʼAbracham.
10
Conas mar sin a measadh dó í? Ar measadh é roimh a thimpeallghearradh nó ina dhiaidh? Ní roimhe ach ina dhiaidh.
11
Fuair sé an timpeallghearradh mar chomhartha nó mar shéala ar an gcreideamh sin a bhí aige roimh ré nuair a bhí sé fós gan bheith timpeallghearrtha. Ba é an chúis a bhí leis, le é bheith ina athair don dream sin a chreideas agus dá meastar an fhíréantacht siúd is nár timpeallghearradh iad,
12
agus ina athair mar an gcéanna don dream sin a bhíos ní hamháin timpeallghearrtha ach a leanas eiseamláir an chreidimh sin a bhí ag ár sinsear Abracham roimh a thimpeallghearradh.
13
An gealltanas úd a tugadh dʼAbracham agus dá shliocht, go bhfaighidís an domhan mar oidhreacht, ní tríd an dlí ach trí fhíréantacht an chreidimh a tháinig sé.
14
Más iad lucht leanúna an dlí atá le bheith ina n-oidhrí, déantar neamhní den chreideamh agus cuirtear an gealltanas as feidhm.
15
Óir oibríonn an dlí an fhearg, ach an áit nach bhfuil dlí ann ní féidir iomarbhas dlí a bheith ann.
16
Ar an ábhar sin, bíonn an gealltanas ag brath ar an gcreideamh, ar nós go rachaidh sé i muinín an ghrásta agus go ndaingnítear é dá shliocht uile—ní hamháin do lucht leanúna an dlí ach don dream a mbíonn an creideamh céanna sin acu a bhí ag Abracham, ós é is athair againn uile go léir,
17
de réir an ní atá scríofa, “Tá athair déanta agam díot ar mhórán náisiún”—a fhianaise sin ar an Dia ar chreid sé ann, an Dia a dhéanann na mairbh beo agus a ghlaonn na nithe nach bhfuil ann fós le bheith ina mbeatha.
18
Siúd is nach raibh aon ábhar dóchais aige chreid Abracham go dóchasach, go mbeadh sé ina athair ag mórán náisiún; de réir mar a insíodh dó, “Is amhlaidh a bheidh do shliocht.”
19
Níor lagaíodh ar a chreideamh agus mairbhe a choirp féin (mar bhí sé i gcionn a chéad bliain), agus aimride Shára lena bhfeiceáil aige go soiléir.
20
Ní raibh amhras ná easpa chreidimh air i dtaobh a raibh geallta ag Dia, ach is é rud a neartaíodh lena chreideamh nuair a thug sé an ghlóir do Dhia,
21
mar bhí sé deimhin dearfa de go bhféadfadh Dia an ní a bhí geallta aige a chomhlíonadh.
22
Agus is é sin an fáth go raibh meas fíréantachta ar an gcreideamh sin aige.
23
Ach níor scriobh-adh an méid sin gur, “tugadh an meas sin air,” mar mhaithe leis-sean amháin,
24
ach mar mhaithe linne fós. Tabharfar an meas céanna sin orainn má chreidimid san té a thóg Íosa ár dTiarna ó na mairbh.
25
an té sin ar tugadh a bhás i ndíol ár gcoireanna agus a tógadh ó na mairbh le fíréin a dhéanamh dínn.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16