bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 13
Romans 13
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
1
Umhlaíodh gach duine don údarás a bhíos i geeannas. Mar níl údarás ann nach bhfuil ó Dhia, agus is é Dia a bhunaigh a bhfuil díobh ann.
2
Dá bhrí sin cibé a chuireas in aghaidh an údaráis cuireann sé in aghaidh ní a chuir Dia ar bun, agus tabharfar breith a ndaortha ar an lucht a chuireas iaróg ina suí.
3
Mar ní ábhar eagla iad an lucht ceannais don dea-iompai ach don drochiompar. Ar mhaith leat bheith neamheaglach roimh an té a mbíonn an ceannas aige? Déan an mhaith agus gheobhaidh tú moladh uaidh,
4
mar is seirbhíseach Dé é le do leas. Ach má dhéanann tú an t-olc, bíodh eagla ort, mar ní in aisce a iompraíonn sé an claíomh; is é seirbhíseach Dé é le dianíhearg Dé a imirt ar an gcoirpeach.
5
Ar an ábhar sin caithfear géilleadh dó ní hamháin le teacht saor ó dhianfhearg Dé ach le do choinsias féin a shásamh.
6
Is í an chúis chéanna a bhíos le cánacha a íoc, mar is iad na húdaráis airí Dé, agus is é sin go díreach a ngnóthaí.
7
Íoc mar sin an méid is cóir le gach duine acu, cánacha dar cóir cánacha, mál dar cóir mál, urraim don té dar cóir urraim agus onóir don té dar cóir onóir.
8
Ná bíodh fiacha ag aon duine oraibh, ach an grá a dhlíonn sibh dá chéile; mar an té a thugas grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.
9
Na haitheanta seo, “Ná déan adhaltranas, ná déan dúnmharú, ná déan goid, ná santaigh ní nach leat féin,” agus aithne ar bith eile atá ann, tá a suim agus a mbrí uile le fáil san abairt seo, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar an grá a bhíos agat duit féin.”
10
Ní féidir leis an ngrá dochar na comharsan a dhéanamh; ar an ábhar sin is é an grá comhlíonadh an dlí.
11
Lena chois sin is feasach daoibh cad é an tráth atá ann, go bhfuil sé thar am agaibh dúiseacht as an suan. Mar is deise dúinn ár slánú ná nuair a chreideamar an chéad uair;
12
tá an oíche beagnach caite, agus an lá ag druidim linn. Caithimis uainn mar sin oibreacha an dorch-adais agus cuirimis orainn cathéide an tsolais;
13
iompraímis sinn féin go cneasta cóir mar a dhéanaimid sa lá ní i ragairne agus i bpótaireacht, ní i ndrabhlás ná i stríopachas, ní in aighneas ná in éad.
14
Ach cuirigí umaibh an Tiarna Íosa Críost, agus ná déanaigí soláthar na colainne lena hain-mhiantasa a chomhlíonadh.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16