bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 5
Romans 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
1
Ós rud é gur fíréanaíodh mar sin trí chreideamh sinn, bímid i siocháin le Dia trínár dTiarna Íosa Críost.
2
Is trídsean a fuaireamar caoi le bheith ar staid seo na ngrást, agus bainimid lúcháir as ár ndóchas chun bheith rannpháirteach i nglóir Dé.
3
Agus ní hamháin sin, is ábhar lúcháire dúinn na pianta a fhulaingímid, ós feasach dúinn go bhfásann teacht aniar as fulaingt péine,
4
agus go ngin-eann teacht aniar dea-thréithe, agus go ngineann dea-thréithe dóchas,
5
agus nach bhfeallann an dóchas seo orainn, de bhrí gur doirteadh grá Dé inár gcroíthe tríd an Naomh-Spiorad a tugadh dúinn.
6
Nuair a bhíomar ró-chloíte le cuidiú linn féin, ba é sin an t-am cóir ar thug Críost é féin don bhás ar son na ndaoine míchráifeacha.
7
Is ar éigin a gheobhadh aon duine bás ar son fíréin—cé go bhféadfadh duine, bʼfhéidir, bás a lháil ar son dea-dhuine.
8
Ach is mar sin a nocht Dia an grá a thug sé dúinn go bhfuair Críost bás ar ár son nuair a bhíomar fós inár bpeacaigh.
9
Agus ós rud é gur fíréan-aíodh sinn lena fhuil, is móide a tharrthóidh sé sinn ó dhian-fhearg Dé.
10
Mar, más rud é gur snaidhmeadh cair-deas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic bíodh gur naimhde a bhí fós ionainn, nach móide go mór a tharrthóidh a bheatha sinn agus an cairdeas sin déanta?
11
Agus ní hamháin sin, bíonn Dia ina ábhar áthais againn trínár dTiarna Íosa Críost, an té ar ghlacamar ár gcreideamh tríd.
12
Mar sin, mar tháinig an peaca isteach sa saol tríd an t-aon duine amháin agus mar tháinig an bás ar shála an pheaca, agus mar leathnaigh an bás ar fud na hÁdhamh-chlainne uile de bhrí nach raibh duine acu gan pheacú—
13
mar bhí an peaca ann sul ar tugadh an dlí, ach ní áirítear ann don pheaca nuair nach ann don dlí.
14
Ach bhí an bás i réim ó am Ádhaimh go ham Mhaoise, go fiú os cionn an dreama nach ndearna peaca mar pheaca Ádhaimh, a bhí ina réamhchomhartha den té sin a bhí le teacht.
15
Ach is neamhionann an bronntanas agus an sárú dlí sin. Is iomaí sin duine ar thug an choir sin a bhás, ach is mó go mór é grásta Dé agus is mó grásta an aon fhir amháin sin Íosa Críost agus is saibhre iad don slua mór.
16
Agus is neamhionann an bronntanas agus toradh peaca an aon fhir amháin úd. Mar tugadh breith ar aon choir amháin agus ba dhaorbhreith í, ach lean an bronntanas mórán coireanna agus thug sé fíréantacht leis.
17
Anois más rud é gur thug coir an aon fhir amháin an bás i réim tríd an t-aon fhear amháin sin, is móide go mór a bheidh bua agus beatha trí Íosa Críost ag an dream a ghlacas le saibhreas na ngrást agus le bronntanas na fíréantachta.
18
Agus ansin, mar tugadh daorbhreith ar an Ádhamhchlann uile mar gheall ar aon choir amháin an aon fhir amháin, tugtar saorbhreith agus beatha don Ádhamchlann uile mar gheall ar ghníomh fíréanta an aon fhir amháin.
19
Rinneadh peaca de mhórán as siocair easumhlaíochta an aon duine amháin, agus déantar fíréin de mhórán le humhlú aon fhir amháin.
20
Tháinig an dlí leis an choir a mhéadú; ach dá mhéid é an peaca, ba mhó go mór an grásta ná é,
21
ionas go mbeadh an réim a bhí roimhe sin ag an bpeaca de bharr an bháis, ionas a deirim go mbeadh an réim sin ag an ngrásta tríd an bhfíréantacht go dtí go mbeadh an bheatha shíoraí againn trí Íosa Críost ár dTiarna.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16