bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 16
Romans 16
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
1
Molaim daoibh Phébé ár siúrne, bandéagánach den eaglais i gCeanncriae,
2
chun go gcuirfidh sibh an fháilte is dual do naoimh roimpi os comhair an Tiarna, agus chun go gcuideoidh sibh léi i gcibé ní a theastaíonn uaithi, ós iomaí sin duine ar chuidigh sí leo agus mise a chur san áireamh.
3
Beannaígi do Phrisca agus dʼAcuila mo chomhoibrith-eoirí i gCríost, in Íosa,
4
daoine a chuir a muineál féin ar cheap le mʼanamsa a shábháil, agus daoine nach dtugaimse mé féin buíochas dóibh dá cheann i mʼaonar, ach mise agus eaglaisí uile na nGintlithe liom;
5
beannaígí freisin don eaglais a bhíos ina dteach siúd. Beannaígí do Epainetus is ionúin liom, an chéad duine i gceantar na hÁise a ghlac le creideamh Chríost.
6
Beannaígí do Mhuire, a rinne saothar crua in bhur mease.
7
Beannaígí dʼAndronicus agus do Iunias, mo dhaoine muinteartha agus mo chomh-bhraighdeanaigh; is daoine dearsenaithe iad i mease na n-aspal, agus bhí siad ina mbaill de Chríost romhamsa.
8
Beannaígí dʼAmpliatus, fear mo pháirte sa Tiarna.
9
Beann-aígí dʼUrbanus ár gcomhoibritheoir i gCríost, agus do Stacis ionúin.
10
Beannaígí dʼApelles, duine a dearbh-aíodh i gCríost. Beannaígí do lucht theaghlach Aristobulus.
11
Beannaígí do Herodion mo dhuine gaoil. Beannaígí an méid is leis an Tiarna de lucht theaghlach Narcissus.
12
Beann-aígí do na hoibritheoirí úd an Tiarna, do Thriféana agus do Thrifósa. Beannaígí do Phersis ionúin, ós í a chuir saothar tréan uirthi féin sa Tiarna.
13
Beannaígí do Rufus, oirirc sa Tiarna, agus dá mháthair agus do mo mháthairse.
14
Beannaígí dʼAsincritus, do Phlégón, do Hermes, do Phatróbus, do Hermas, agus do na bráithre atá ina gcuideachta.
15
Beannaígí do Philólogus, do Iúlia, do Nereus agus dá dheirfiúr, agus dʼOlimpas, agus do na naoimh sin uile atá leo.
16
Beannaígí dá chéile le naomhphóg. Beann-aíonn eaglaisí Chríost uile daoibh.
17
Iarraim dʼimpí oraibh, a bhráithre, bheith ar bhur n-aire ar an dream úd a bhíos ina gcúis le haighneas agus le clampar, atá bunoscionn leis an teagasc a cuireadh romhaibh; fanaigí amach uathu.
18
Mar ní bhíonn a leithéidí ag déanamh seirbhíse dʼÍosa Críost, ach agcomhlíonadh a gcuid ainmhianta féin, agus meallann siad croíthe na ndaoine simplí le briathra binne agus le bladar.
19
Siúd is gur feasach don saol cad é chomh humhal agus a bhíos sibh, ionas go bhfuil sibh in bhur n-ábhar áthais agam, ba mhian liom sibh a bheith go glic faoin maith agus gan cealg ionaibh faoin ole;
20
agus ansin is gairid go mbrúfaidh Dia na síochána Sátan faoi bhur gcosa. Go raibh grásta ár dTiarna Íosa Críost libh.
21
Tá Timótéus mo chomhoibrí ag beannú daoibh; maraon le Lucius agus Iasón agus Sasipater mo chairde gaoil.
22
Tá mise Tertius, an té a scríobh síos an litir seo, ag beannú daoibh sa Tiarna.
23
Tá Gaius, fear mʼaíochta agus fear aíochta na heaglaise uile, ag beannú daoibh. Tá Erastus, cisteoir na cathrach, agus ár mbráthair Cuartus, ag beannú daoibh.
25
Agus anois, ó tá sé ann, an té a bhfuil sé ar chumhacht agus ar chumas aige neart a sholáthar daoibh, de réir mo shoiscéilse, agus de réir seanmóireachta i dtaobh Íosa Críost, agus de réir léimochtadh na rúndiamhaire úd a bhí ina rún folaithe leis na cianaoiseanna
26
ach a bhíos anois á léimochtadh agus á fhoilsiú trí scríbhinní na bhfáithe do na náisiúin uile, de réir aithne Dé na síoraiochta, le humhlaíocht an chreidimh a thabhairt chun gnímh—
27
don té sin, don t-aon Dia eagnaí amháin go raibh glóir shíoraí trí Íosa Críost. Áiméan.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16