bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 3
Romans 3
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach? Nó cad é an mhaith atá sa timpeallghearradh mar sin?
2
Is é mo fhreagra gur mór é i ngach modh. Ar dtús is leis na Giúdaigh a taobhaíodh céalmhainí Dé.
3
Má bhí cuid acu mídhílis féin? An gcuireann a mídhílseachtsan dílseacht Dé ar neamhní?
4
Go mba slán gach samhail! Bíodh Dia fíor siúd is go mbíonn gach duine bréagach, mar atá scríofa, “Ionas go bhfíréanófar thú i do bhriathra, agus go bhfaighe tú bua nuair a chuirtear breithiúnas ort.”
5
Ach más rud é go mbíonn ár gcoirpeacht ag nochtadh cheart Dé, cad é a déarfaimid? An ndéarfaimid nár cheart do Dhia a fhíoch a imirt orainn? (Ní labhraím ach ar nós duine.)
6
Go mba slán gach samhail! Ach ab é sin, conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan?
7
Ach cuir i gcás nach ndéanann mo bhréagasa ach fírinne Dé a nochtadh ag cur lena ghlóirsean, cad chuige mo dhaoradh mar pheacach ina dhiaidh sin?
8
Agus cad chuige gan an t-olc a dhéanamh chun go dtaga an mhaith as? Cuireann lucht na cúlchainte síos dúinn go mbímid á rá sin. Is ceart a ndaoradhsan.
9
Agus ansin? An fearrde sinn a bheith inár nGiúdaigh? Ní fearrde sinn ar aon slí; mar tá sé cruthaithe againn cheana go bhfuil na daoine uile, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, faoi chumhacht an pheaca,
10
mar atá scríofa: “Níl aon duine fíréanta, níl fiú aon duine amháin;
11
ní thuigeann aon duine, ní iarrann aon duine Dia.
12
Chuaigh siad uile as an tslí, chuaigh siad le chéile ar seachrán; níl aon duine a dhéanas an mhaith, fiú aon duine amháin.”
13
“Is uaigh bhéal-oscailte a gcraos-san, is uirlis mheanga a dteangasan.” “Bíonn nimh na nathracha nimhe faoina mbéil.”
14
Bíonn a mbéil lán de mhallachtaí agus de shearbhadas.
15
“Ní bhíonn moill orthu chun doirteadh fola,
16
leanann an buaireamh agus an bascadh ar a lorg.
17
Agus ní feasach dóibh slí na síochána.”
18
“Níl eagla Dé os comhair a súl.”
19
Is feasach dúinn anois an méid a deir an dlí go ndeir sé é leis an dream sin atá faoin dlí, ionas go gcuirtear gach béal ina thost, agus go mbeidh an domhan ar fad freagrach do Dhia.
20
Mar ní fhíréanófar aon mhac máthar os a choinne trí oibreacha an dlí, ós tríd an dlí a fhaightear fios ar an bpeaca.
21
Ach anois is amhlaidh a nochtadh fíréantacht Dé in éagmais an dlí, siúd is go dtugann an dlí agus na fáithe fianaise ina taobh,
22
i dtaobh fhíréantacht Dé trí chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh uile. Óir níl aon difríocht ann;
23
ós rud é go ndeama siad uile go léir peaca agus nár shroich siad glóir Dé,
24
fíréanaítear iad trína ghrásta mar bhronntanas, tríd an tsláinte atá in Íosa Críost,
25
a thug Dia chun tosaigh chun go mbeadh a fhuilsean ina héiric a ghlacfar le creideamh. Tharla sin le go nochtfaí fíréantacht Dé, ó lig sé na sean-pheacaí thairis ina fhoighne dhiaga;
26
tharla sé le go ndearbhófaí gur fíréanta é féin agus go bhfíréanaíonn sé an té a chreideas in Íosa.
27
Cá bhfuil ábhar ár maíte mar sin? Is é mo fhreagra nach bhfuil slí dó ann. Cad é a chuirtear i bhfáth? An oibreacha? Ní hamhlaidh, is é an creideamh a chuirtear i bhfáth.
28
Mar is deimhin linn go bhfíréanaítear duine in éagmais oibreacha an dlí.
29
Nó an Dia do na Giúdaigh amháin é Dia? Nach Dia é do na Gintlithe freisin? Is ea, is é Dia na nGintlithe é freisin;
30
ós aon Dia amháin é; agus fíréanóidh sé lucht an timpeallghearrtha ar shéala a gcreid-imhsean agus fíréanóidh sé an dream nár timpeallghearradh trína gcreideamhsan.
31
An gcuirimid an dlí ar ceal tríd an gcreideamh sin? A mhalairt! Is é rud, bímid ag dearbhú an dlí.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16