bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 10
Romans 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
1
A bhráithre, is é mian mo chroí agus mo ghuí le Dia go slánaítear iad.
2
Táim i mʼfhinné go bhfuil dúthracht acu ar son Dé, ach is dúthracht gan léargas é.
3
Mar ó bhí siad aineolach faoin bhfíréantacht a thagas ó Dhia, agus ó bhí siad i bhfáth lena bhfíréantacht féin a bhunú, níor ghéill siad dʼfhíréantacht Dé.
4
Mar is é Críost is críoch don dlí, go dtí go bhfíréanaítear gach duine a mbíonn an creideamh aige.
5
Tá scríofa ag Maois faoin bhfear a chuireas i ngníomh an fhíréantacht atá bunaithe ar an dlí, go mairfidh sé beo dá bharr.
6
Ach is é a deir an fhíréantacht atá bunaithe ar an gcreideamh. Ná habair i do chroí, “Cé a rachas suas ar neamh dúinn?” (Is é sin, le Críost a thabhairt anuas chugainn)
7
nó “Cé a rachas síos san áibhéis dúinn?” (is é sin le Críost a thabhairt aníos chugainn ó na mairbh).
8
Ach cad é a deir sé? Ní fada uait an briathar, atá ar do bhéal agus i do chroí (is é sin, briathar an chreidimh a bhíos á sheanmóireacht againn);
9
ar an ábhar seo, má admhaíonn do bhéal gurb é Íosa do Thiarna agus má chreideann do chroí gur thóg Dia ó na mairbh é, slánófar thú.
10
Mar creid-eann croí duine agus is amhlaidh a shlánaítear duine, agus admhaíonn sé lena bhéal agus is amhlaidh a shlánaítear é.
11
Is é a deir an scrioptúr, “Ní náireofar aon duine dá gcreideann ann.”
12
Mar níl aon idirdhealú idir Giúdach agus Gréagach; is é an t-aon Tiama amháin atá mar Thiarna os cionn cáich, agus a bhronnas a mhaoin ar gach dá nglaonn air.
13
Mar “níl duine dá nglaonn ar ainm an Tiarna nach slánófar.”
14
Ach conas a ghlaofas daoine ar Thiarna nár chreid siad ann? Agus conas a chreidfeas siad i dTiarna nár chuala siad faoi? Agus conas a chluinfeas siad gan sean-móirí?
15
Agus conas a fhéadann siad seanmóireacht mura gcuirtear amach chuige sin iad? Mar atá scríofa, “Nach álainn atá cosa sheanmóirí an dea-scéil!”
16
Ach níor thug siad uile aird ar an soiscéal; mar is é a deir Ísáia, “A Thiarna, cé a chreid ar chuala sé uainn?”
17
Mar sin tagann an creideamh óna gcluintear, agus tagann a gcluintear ó fhocal Chríost.
18
Ach ceist agam oraibh, an é nár chuala siad? Chuala siad ar ndóigh; nó “Chuaigh a nglór ar fud an talaimh, agus a mbriathra go coirnéil an domhain.”
19
Ceist agam oraibh arís, an é nár thuig Iosrael? Is é a deir Maois ar dtús, “Cuirfidh mé éad oraibh le dream nach bhfuil ina náisiún; agus cuirfidh mé fearg oraibh faoi náisiún amaideach.”
20
Agus ansin bíonn sé de dhánacht ag Ísáia a rá, “An dream nár lorg mé is iad a fuair mé; an dream nár iarr mé, is dóibh a nocht mé mé féin.”
21
Ach is é a deir sé i dtaobh Iosrael, “I rith an lae shin mé mo lámha chuig cine easumhal, contrártha.”
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16