bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Romans 11
Romans 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
1
Fiafraím, ansin, ar dhiúltaigh Dia a mhuintir féin? Ní dheama ar chor ar bith! Is Iosraelíteach mé féin, de shliocht Abrachaim, de threabh Bheniamín.
2
Níl diúlt-aithe ag Dia do mhuintir a raibh eolas aige roimh ré orthu. Nach feasach duit a ndeir an Scrioptúr i dtaobh Elia, conas a agraíos sé Dia in aghaidh Iosrael?
3
“A Thiarna, mharaigh siad dʼfháithe, agus scrios siad dʼaltóiri, agus níl fágtha ach mé féin, agus tá mʼanam uathu.”
4
Ach cad é freagra Dé air? “Tá caomhnaithe agam i mo chomhair féin seacht mile fear nár fheac a nglúin roimh Bhaal.”
5
Mar an gcéanna san am i láthair freisin tá iarsma ann, a toghadh le grásta.
6
Ach más le grásta, níl sé bunaithe ar oibreacha; mar, dá mbeadh, ní bheadh an grásta ina ghrásta ní ba mhó.
7
Cad é a thagann de sin? Theip ar Iosrael an ní a dʼiarr sé a fháil. Fuair an dream tofa é, ach cruadh croí na coda eile,
8
mar atá scríofa, “Cuir Dia toirchim shuain orthu, súile caocha agus cluasa bodhra, go dtí an lá inniu.”
9
Agus deir Dáibhí, “Go raibh a bhféasta mar dhol agus mar phaintéar, mar ghaiste agus mar chúiteamh leo;
10
go raibh a súile dorcha chun nach bhfeice siad, agus cromtar a ndroim go deo.”
11
Fiafraím mar sin, ar baineadh tuisle astu chun go dtitfidís? Ní hamhlaidh! Ach is trína gciontasan a tháinig slánú chun na nGintlithe, le héad a chur ar Iosrael.
12
Anois is saibhreas don domhan a gciontasan, agus más saibhreas do na Gintlithe a gcliseadh, nach mó go mór an feabhas a thiocfas as nuair a bheas siad tugtha isteach go hiomlán.
13
Is libh atáim ag caint anois, a Ghintlithe. Chomh fada agus atáim i mʼaspal chuig na Gintlithe, bím ag déanamh a mhór de mo mhinistreálacht.
14
Le héad a chur ar mo chomh-Ghiúdaigh, agus cuid acu a shlánú ar an nós sin.
15
Mar más ionann diúltú dóibh agus réiteach leis an domhan, cad é glacadh leo ach beatha ó na mairbh?
16
Más naofa an taos a tairgeadh mar chéadtorthaí, tá an cnap uile naofa; agus más naofa an fhréamh, is naofa iad na craobhacha.
17
Ach más rud é gur briseadh cuid de na craobhacha den chrann, agus más rud é gur nódaíodh tusa, atá i do bheangán dʼfhiáin-ológ, isteach ina n-ionad le páirt a bheith agat i bhfréamh agus i saibhreas an chrainn olóige,
18
ná maígh leis na craobhacha. Má mhaíonn tú, cuimhnigh nach tú is cranntaca leis an bhfréamh, ach gurb í an fhréamh is cranntaca leat.
19
Is é a deir tú, “Briseadh craobhacha de chun go nódaítí mise isteach ina n-ionad.”
20
Is fíor sin. Briseadh iad de bharr a míchreidimh, agus ní sheasann tusa ach de bharr do chreidimh. Ná bíodh bród ort, ach bíodh uamhan ort.
21
Mar más rud é nár spáráil Dia na craobhacha nádúrtha, is cinnte nach spárálfaidh sé thusa.
22
Tabhair faoi deara mar sin cneastacht Dé agus déine Dé: déine don dream a thit ar lár, ach cneastacht Dé duitse, ar choinníoll go bhfanann tú dílis dá chneas-tacht; mar mura bhfanann, beidh tú féin do do chur as mar an chuid eile.
23
Agus mura leanann an chuid eile dá míchreideamh nódófar isteach iad athuair, mar tá cumhacht ag Dia lena nódú isteach arís.
24
Más rud é gur gearradh tusa amach as crann olóige a bhí fiáin de nádúr, agus gur nódaíodh thú isteach, in aghaidh an nádúir, i gcrann olóige saothraithe, nach móide is cóir na craobhacha nádúrtha sin a nódú isteach arís ina gcrann olóige féin ar leis iad.
25
Ar eagla go mbeadh meas agaibh oraibh féin faoi bheith glic, ba mhian liom an rúndiamhair seo a thabhairt chun tuisceana daoibh, a bhráithre: is é rud, tá cruas croí ar chuid dʼIosrael, go dtí go dtaga isteach iomlán a bhfuil le teacht de Ghintlithe,
26
agus ansin slánófar Iosrael uile go léir; mar atá scríofa, “Tiocfaidh an Fuascailteoir as Sión, díbreoidh sé a andiagacht as Iácób;”
27
“agus is amhlaidh a bheas mo chúnant leo, nuair a chuirfeas mé a bpeacaí ar ceal.”
28
Chomh fada agus a bhaineann leis an soiscéal is naimhde do Dhia iad, mar mhaithe libh; ach chomh fada agus a bhaineann leis an toghadh is díol grá iad ar son a sinsear,
29
mar níl athghairm ar thíolaicí ná ar ghairm Dé.
30
Ionann is mar a bhí sibhse easumhal do Dhia, san am atá thart agus go ndearnadh trócaire oraibh de bharr a n-easumh-laíochta siúd,
31
ar an nós céanna bhí siadsan easumhal ionas go bhfaighidís trócaire freisin de bharr na trócaire a taispeánadh oraibhse.
32
Mar is é rud, tá Dia i ndiaidh an Ádhamhchlann uile go léir a ligean le heasumhlaíocht, ionas go ndéanadh sé trócaire ar an iomlán acu.
33
Nach domhain é saibhreas agus críonnacht agus eagna Dé! Nach doscrúdaithe a bhreithiúnais agus nach dothuigthe a bhealaí!
34
“Mar cé a thuig intinn an Tiarna, nó cé a bhí mar chomhairleoir aige?”
35
“Nó cé a bhronn féirín air chun go dtabharfaí cúiteamh a chomaoine dó arís?”
36
Mar is uaidh agus is tríd agus is chuige atá gach ní dá bhfuil ann. Moladh go deo leis. Áiméan.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16